Níl aon dabht ach gur eachtra uafáis í an aerthionóisc a tharla in Aerfort Heathrow i mí Eanáir. Ach deis luachmhar a bhí inti fosta, ar féidir leis an tionscal eitlíochta ceachtanna a fhoghlaim uaithi, dar le Pádraig Mac Éamoinn.
Is meán iompair í an eitlíocht atá an-sábháilte, agus tá caighdeán na sábháilteachta ag éirí níos fearr gach bliain. Agus ní foláir do thionscal na heitlíochta a bheith ag dul i bhfeabhas go síoraí ó thaobh na sábháilteachta de. De bhrí go bhfuil an brú aerthráchta ag méadú de shíor – i dtíortha atá i mbéal forbartha (an tSín, an India agus an Indinéis, cuir i gcás) agus i measc na n-aerlínte a bhfuil samhail ísealchostais á húsáid acu (Ryanair, mar shampla) – mura dtagann laghdú faoin ráta tionóiscí níos tapúla ná mar a thagann méadú faoin mbrú aerthráchta, tarlóidh sé go mbeidh tubaistí ag titim amach sa tionscal seo níos minice – tubaistí ar tragóidí do na híospartaigh iad agus tubaistí a chothóidh drochíomhá i leith na n-aerlínte agus i leith an tionscail trí chéile. Nuair a thaispeántar eitleán atá trí thine ar gach clár nuachta, ní bhíonn fonn taistil ar dhaoine.
Ach cén chaoi ar féidir tabhairt faoin ráta tionóiscí a laghdú ar bhonn leanúnach? Is é an freagra is tábhachtaí ar an gceist sin ná gur chóir don tionscal ceacht a fhoghlaim ó gach botún a dhéantar agus is cóir a chinntiú nach ndéanfar aon bhotún in athuair. Coincheap maith don saol i gcoitinne atá ann. Ach más rud é gurb é an cineál botúin atá i gceist ná botún ar féidir leis cúpla céad duine a mharú, coincheap ríthábhachtach is ea é. Agus b’fhéidir gurb é an modh foghlama is tábhachtaí dá bhfuil ann ná an córas um imscrúdú aerthionóiscí, córas idirnáisiúnta a chuir an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) ar bun. Bunaíodh EESI, ar ball de na Náisiúin Aontaithe é, sa bhliain 1947.
Imscrúdú
De réir na heagraíochta seo, caithfidh aon tír a dtarlaíonn aerthimpiste inti, nó ina haerspás, a bheith freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar an timpiste sin. Tá an ceart ag tíortha eile a bheith páirteach san imscrúdú chomh maith – mar shampla, an tír ar léi an t-eitleán, an tír inar tógadh é, an tír inar tógadh a innill, agus uaireanta, más saoránaigh de chuid tíre faoi leith iad formhór na bpaisinéirí, tabharfar cead don tír sin a bheith páirteach san imscrúdú freisin. Is freagracht náisiúnta é imscrúdú aerthionóiscí, agus tá eagraíocht speisialta ag gach tír, ar ball EESI í, atá freagrach as cúraimí an imscrúdaithe a chur i gcrích. In Éirinn is é an tAonad um Imscrúdú Aerthionóiscí atá freagrach as an obair seo.
Mura bhfuil go leor saineolais nó taithí ar fáil i dtír atá freagrach as imscrúdú a dhéanamh – má tharlaíonn timpiste in aerspás tíre bige, cuir i gcás – is féidir le tír eile a bhfuil baint aici leis an tionóisc freagracht an imscrúdaithe a ghabháil uirthi féin. Nuair a scriosadh eitleán de chuid Air India sa bhliain 1985 ag buama – agus é os cionn an Aigéin Atlantaigh timpeall céad míle ó chósta Chorcaí ar a shlí ó Montréal go Londain – ghlac Ceanada le freagracht an imscrúdaithe ós rud é gur imigh an t-eitleán ó Montréal agus de bhrí gur shaoránaigh de chuid na tíre sin iad cuid mhór de na paisinéirí a bhí ar bord. Imscrúdú deacair, conspóideach agus casta ab ea é.
Le gairid, bhí nuachtáin agus cláracha nuachta na Breataine lán scéalta faoin timpiste a tharla ar an 17 Eanáir ag Aerfort Heathrow. Bhí Boeing 777, eitleán de chuid British Airways a bhí ag teacht ón tSín, ar tí tuirlingt ar an rúidbhealach. Ach theip air, agus thuirling sé ar an bhféar in aice láimhe. Bhí an t-ádh dearg ar
na paisinéirí agus ar an bhfoireann. Níor maraíodh aon duine, agus níor gortaíodh aon duine go dona ach an oiread. Cúpla nóiméad roimh thuirlingt an eitleáin, theip ar na hinnill. In ainneoin nach raibh go leor cumhachta sna hinnill leis an eitleán a thabhairt chomh fada leis an rúidbhealach, d’éirigh leis na píolótaí teacht slán as an mbaol – éacht suntasach a bhfuil British Airways an-bhródúil as.
TuairimíochtDíreach i ndiaidh na heachtra seo bhí neart tuairimíochta le cloisteáil agus le léamh ar an teilifís agus sna nuachtáin ina taobh. Is mallacht an tsaoil chomhaimseartha é an dóigh a mbíonn cainéil nuachta, ar nós SkyNews, ag iarraidh a gcláracha a líonadh. Mura bhfuil nuacht “nua” ar fáil, déanann siad an folús a líonadh le tuairimíocht. Agus go minic ní bhíonn an t-eolas ceart acu.
Mar sin, cuireadh neart teoiricí os ár gcomhair, ach ní raibh mórán fianaise ar fáil le hiad a fhíorú nó a bhréagnú. B’fhéidir nach raibh go leor breosla san eitleán. Nó b’fhéidir go ndearna ealta éan damáiste d’innill an eitleáin. Nó b’fhéidir go raibh spéirling sa cheantar a bhrúigh an t-eitleán chun talaimh. Cén fáth a mbeadh fíricí de dhíth?
Dar le píolótaí gairmiúla, bíonn na meáin chumarsáide i gcónaí ag iarraidh dráma a chothú aon uair a thagann eachtraí atá bainteach le heitleáin chun cinn. Déanann siad amhlaidh le go mbeidh siad in ann níos mó nuachtán a dhíol.
Déanann na meáin áibhéil ar an scéal i gcónaí. Mar shampla, má tharlaíonn sé go bhfuil eitleán i ndiaidh fadhb bheag theicniúil a bheith aige, is í an tuairisciú a dhéanfar ar an scéal sin sna nuachtáin ná paisinéir éigin ag rá, “Bhí me cinnte go raibh mo phort seinnte.” Is minic a úsáidtear hyperbole – an píolóta “ag coraíocht” leis na cnaipí éagsúla, cuir i gcás. Mar bharr ar an donas, bíonn nuachtáin ag déanamh tagartha don “phíolóta”, rud a léiríonn nach dtuigeann siad go mbíonn beirt i gceist.
Ach déanfaimid dearmad ar pheacaí na meán cumarsáide ar an ábhar áirithe seo. Is é an chloch is mó ar phaidrín an British Air Accident Investigation Board anois ná imscrúdú a dhéanamh ar an eachtra. Tar éis an imscrúdaithe, foilseofar tuarascáil ina léireofar céard go díreach a tharla agus déanfar moltaí maidir leis na hathruithe a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís. Ach go minic, níl cúis amháin le timpiste; bíonn cúpla cúis i gceist.
Bíonn imscrúduithe aerthionóiscí cosúil le míreanna méaraí, ach bíonn an jab níos fusa má mhaireann an fhoireann agus má thagann t-eitleán slán as an eachtra agus é in aon phíosa amháin go fóill. Sin buntáiste ollmhór sa chás áirithe seo: is féidir leis na saineolaithe scéal na bpíolótaí a chloisteáil. Go minic, ní féidir.
Nuair a scriosadh an t-eitleán de chuid Air India sa bhliain 1985, mar shampla, níor mhair duine ar bith. Thit raic an eitleáin san fharraige mhór dhomhain, ach d’éirigh leis na himscrúdaitheoirí na taifeadáin a aimsiú ar ghrinneall na mara. Sa chás áirithe seo, ba iad na taifeadáin a léirigh gur bhuama ba chúis leis an tionóisc.
Maidir leis an eachtra a tharla le déanaí in Heathrow, d’fhéadfadh sé tarlú go n-aimseoidh na saineolaithe rud éigin atá an-tábhachtach. Mar sin, ardóidh an eachtra seo, cosúil le gach timpiste eile a tháinig roimpi, caighdeán na sábháilteachta sa tionscal eitlíochta. Tháinig gach duine slán as an eitleán seo – a bhuíochas sin ní hamháin ar na píolótaí, ach ar an méid a d’fhoghlaim an tionscal eitlíochta ó thionóiscí eile roimhe seo. Tá Pádraig Mac Éamoinn ag obair i gcomhlacht aerlíne Éireannach. Tá sé ar ais ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois tar éis tréimhsí fada a chaitheamh ag obair sa Fhrainc agus i Sasana.