Más stócach gorm thú a chaitheann cochall, tá tú ag siúl ar thanaí i roinnt áiteanna i Meiriceá. Chaith Brian Ó Broin súil ar roinnt fíricí de scéal tubaisteach Trayvon Martin.
Níl cúrsaí cine i Meiriceá simplí. Bhí mórchuid de lucht gorm na háite sin ina sclábhaithe go dtí 150 bliana ó shin, ach fiú má saoradh iad i ndiaidh cogadh cathartha na tire in 1865, níor coscadh an ciníochas. Lean an ciníochas ar aghaidh go neamhoifigiúil, go háirithe i ndeisceart na tíre, agus fós féin maireann an chuid is mó de Ghormaigh Mheiriceá in iamhchríocha nó i gcathracha a thréig an Cine Geal le dhá nó trí ghlúin anuas. Dá réir sin, is annamh a fheictear daoine Gorma i mbailte áirithe, agus chomh hannamh céanna a fheictear daoine Geala i mbailte eile.
Tá roinnt bailte, fiú, nach ligtear daoine isteach iontu gan chárta aitheantais agus cruthúnas go bhfuil cuireadh faighte ag an duine. Daoine saibhre agus lucht an chine ghil is mó a chónaíonn sna “Pobail Geataithe” seo, mar a thugtar orthu. Ní cabhair ar bith iad na meáin, a cheanglaíonn go rómhinic an cine Gorm le dronganna agus drugaí. Is é bun agus barr an scéil ná gur minic a bhreathnaítear ar fhear Gorm atá ag siúl ar an tsráid mhícheart mar amhrasán i mbun coire, seachas mar chuairteoir soineanta ar an gceantar.
Idir an dá linn, tá airm ag éirí níos coitianta in áiteanna áirithe i Meiriceá, a bhuíochas le Cumann Raidhfil Mheiriceá, an NRA, atá ag iarraidh Ré na mBuachaillí Bó a thabhairt ar ais. Mar gheall ar seo, tá forairdeallaithe armtha ag siúl timpeall ceantar “Geala” ag leanacht agus ag scrúdú coimhthíoch. Is i gcúinsí mar seo a tharla ceann de na heachtraí tubaisteacha, nuair a mharaigh an forairdeallaí armtha George Zimmerman déagóir darb ainm Trayvon Martin in eachtra in Sanford, Florida i bhFeabhra 2012.
Tearmann an Dá Loch
I ndáiríre, níl againn ach garbhfhíricí scéal Trayvon Martin, ó tá na sonraí ceilte i dteanga na n-aturnaetha, ach an méid atá againn, téann sé mar seo: bhí George Zimmerman ar a bhealach tríd an gceantar tithíochta “geataithe” ina raibh cónaí air, “The Retreat at Twin Lakes”, nuair a thug sé fear óg faoi deara a raibh cuma agus geatsaíochtaí amhrasacha air. Ghlaoigh sé ar na póilíní agus dúirt go raibh sé chun an t-ógánach a leanacht, ar eagla na heagla. Le bliain anuas bhí 400 eachtra in Twin Lakes inár glaodh ar na póilíní, agus dá réir sin bunaíodh coiste Faire Comharsanachta, a raibh George Zimmerman lánghníomhach ann. Is cosúil gur bhraith Zimmerman sáraithe faoi mhoille na bpóilíní sa cheantar, agus gurbh fhearr leis go mbeadh póilíniú pobail ar siúl sa cheantar freisin. Is cosúil freisin, ámh, gur ghnách dó na póilíní a chur ar an eolas faoi dhaoine amhrasacha, seachas a bheith ag déanamh iomlán na póilíneachta é féin. Cé gur cosúil go ndearna sé gach rud de réir na rialacha, bhí cor eile sa scéal - thaitin sé leis gunna a iompar leis, piostal Kel-Tec 9mm, agus é i mbun a chuid dualgaisí.
B’é Trayvon Martin an t-ógánach, agus i ngan fhios do Zimmerman, bhí sé ina chónaí sa cheantar tithíochta, agus ní ar cuairt. Bhí a athair ag siúl amach le bean a raibh árasán aici sa cheantar, agus bhí Trayvon ag fanacht léi go gearrthréimhseach. Níl dabht ar bith ach go raibh sé ag siúl in áiteanna neamhghnácha (taobh thiar de na tithe, seachas ar an mbóthar), ach ní coir é sin. Níl dabht ar bith ach oiread ach gur chuir Zimmerman forrán ar Martin cúpla nóiméad i ndiaidh dó glaoch ar na póilíní, agus gur throideadar. Go fisiciúil, is cosúil go raibh an lámh in uachtar ag Martin. B’fhacthas do roinnt finnéithe go raibh duine éigin ar scaradh gabhail os cionn duine eile a bhí ina luí ar an talamh, agus taispeánann an fhianaise gur buaileadh cloigeann Zimmerman in aghaidh na talún, gur briseadh a shrón, agus go bhfuair sé dhá shúil dhubha. Má fuair, ámh, b’é Martin an caillteoir. Faoi dheireadh na troda d’éirigh le Zimmerman breith ar a ghunna agus urchar a chur trí chliabhrach an ógánaigh. Bhí Martin marbh taobh istigh de chúpla meandar.
An Ceistiú Cúig Uair an Chloig
Ceistíodh Zimmerman ar feadh cúig uair an chloig an oíche sin, ach ligeadh saor gan chúiseamh é faoi dheireadh na hoíche. Roinnt seachtainí dár gcionn, shocraigh póilíní an bhaile gan Zimmerman a chúiseamh. Más ea, ámh, bhí pobal gorm an bhaile ag tosú ag agóidíocht agus rinneadh scéal náisiúnta den eachtra. Faoi bhrú ollmhór ó ghníomhairí cultúrtha, a chuir ciníochas i leith Zimmerman agus póilíní an bhaile, ní raibh an dara rogha ag na húdaráis ach Zimmerman a chúiseamh i ndúnmharú.
Chríochnaigh an cás dlí ar an 12ú Iúil. Ar an 13ú Iúil tháinig an coiste ar ais leis an mbreithiúnas: Neamhchiontach. Má bhí iontas ar ghníomhairí an chine ghoirm, ní raibh iontas ar bith orthu siúd a lean an scéal. Ar dtús, ní raibh fianaise go leor le cruthú gur dúnmharaíodh Trayvon Martin. Ba léir gur throid an bheirt, ach ní raibh an cúisitheoir in ann a chruthú cé a thosaigh an troid nó cé mar a chríochnaigh sé, ach amháin gur scaoileadh urchar marfach. Ní raibh an dara rogha ag an gcoiste, mar sin, nuair nárbh fhéidir leo a bheith cinnte gur dúnmharaíodh éinne, ach Zimmerman a scaoileadh saor.
Aisteach go leor, sular tharla an eachtra in aon chor, bhí George Zimmerman páirteach in agóid in aghaidh chiníochas phóilíní Sanford. I ndáiríre, ní léir go ndearna sé botún ar bith ach gunna a bheith ina sheilbh agus an iomarca amhrais a bheith air i leith Martin. Ach an raibh sé in amhras faoi mar gheall ar dhath a chraicinn? Ní bhfaighfear sin amach go deo.
Idir an dá linn tá lúcháir ar fhorairdeallaithe Mheiriceá agus ar lucht na ngunnaí. Níl an lúcháir chéanna ar ghníomhairí an Chine Ghoirm. Ar cheart d’ógánaigh Gorma a bheith i mbaol a mbeatha agus iad ag siúl trí cheantair Geala?