Tá sé tábhachtach go mbeadh cead ag na nuachtáin tuairiscí a fhoilsiú ar chásanna cúirte ach tá freagracht orthu gan dul thar fóir leis an tuairisciú sin.
»»»Tá Youenn Bothorel, ar fear óg ón mBriotáin é a dhéanann fidleacha den chéad scoth, ina chónaí i mBaile Átha Cliath le blianta anois. Tháinig sé go hÉirinn i dtosach toisc a spéis sa cheol Gaelach agus mar a deir sé féin, na smaointe rómánsacha a bhí aige faoin tír! Labhair Antaine Ó Faracháin leis le déanaí le fáil amach ar fíoraíodh a chuid brionglóidí.
»»»D’éirigh le John Drewe agus John Myatt bob ollmhór a bhualadh ar shaol na healaíne i rith na n-ochtóidí agus na nóchaidí. Ach anois, táthar i mbun léiriúcháin ar scannán a bheidh bunaithe ar scéal na beirte míchlúití, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Déanann Diarmaid Mac Mathúna cur síos ar na suíomhanna gréasáin is fearr leis.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go mairfidh éachtaí áirithe spóirt go deo i gcuimhne agus i gcroí mhuintir na hÉireann, bua an ghalfaire Pádraig Harrington i gComórtas Oscailte na Breataine ina measc.
»»»Tá lúcháir ar Iontaobhas na Gaescolaíochta go bhfuil Bob Corcoran, ar Gael-Mheiriceánach é, ag cuidiú leo córas éifeachtach tiomsaithe airgid a fhorbairt. Measann Eoghan Ó Néill go rachaidh scileanna Corcoran go mór chun sochair earnáil na gaelscolaíochta ó thuaidh.
»»»Thug Liz Curtis cuairt ar shráidbhaile i nGarbhchríocha na hAlban ina bhfuil na Caitlicigh agus na Protastúnaigh ag tarraingt go maith le chéile leis na céadta bliain.
»»»Cé gurb é an Béarla an teanga is forleithne sa Nua-Shéalainn, tá stádas oifigiúil bainte amach ag an Maoiris ón mbliain 1987. Pléann Ruth Nic Giolla Iasachta cúrsaí teanga agus cultúrtha na Nua-Shéalainne.
»»»Is drámadóir, úrscéalaí, file, eagarthóir agus scoláire é Robert Welch, an tOllamh le Béarla in Ollscoil Uladh, a bhfuil clú idirnáisiúnta air ach tá dáimh i gcónaí aige leis an Ghaeilge. Labhair Robert McMillen leis an fhear ildánach seo le gairid.
»»»Má chuirtear moltaí maidir leis an ráta pá íosta sa Ríocht Aontaithe i bhfeidhm, beidh na hoibrithe is lú pá sna Sé Chontae thíos go mór leis, a deir Robert McMillen.
»»»Dá mba rud é gur éist iarrthóir Chónra na Gaeilge do thoghchán an tSeanaid leis an chomhairle a chuir Balor air, bheadh an lá leis.
»»»Fuair Brian Ó Broin léargas nua ar Manhattan le gairid nuair a thaistil sé féin agus cara leis timpeall an cheantair ar rothar.
»»»Tá easpa muiníne ag muintir na hÉireann sa Gharda Síochána le dornán blianta anuas ach táthar ag súil gur féidir tús a chur anois le ré nua trédhearcachta, a deir Breandán Delap.
»»»Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge agus Bhéarla, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: How the Irish Invented Slang: the secret language of the crossroads le Daniel Cassidy (CounterPunch). Léirmheas le Pól Ó Muirí.
»»»Ní hamháin go mbeidh deighilt idir paisinéirí ar eitleáin sa todhchaí toisc iad a bheith “sa stíris”, sa ghrád gnó nó sa chéad ghrád ach seans go mbeidh deighilt eatarthu toisc iad a bheith ar eitleáin dhifriúla, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
»»»Bhí oíche den scoth ag Colm Ó Snodaigh nuair a sheinn sé féin agus Kíla ag féile i gContae Chill Dara.
»»»Measann Tony Birtill go bhféadfaí níos mó a dhéanamh chun an comhshaol in iardheisceart Dhún na nGall a chosaint agus an éiceathurasóireacht a chur chun cinn.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.