Thug Liz Curtis cuairt ar shráidbhaile i nGarbhchríocha na hAlban ina bhfuil na Caitlicigh agus na Protastúnaigh ag tarraingt go maith le chéile leis na céadta bliain.
Is é Tom an t-Sabhail an sráidbhaile is airde i nGarbhchríocha na hAlban. Tá sé suite ar an taobh ó thuaidh de Phàirc Nàiseanta a’ Mhonaidh Ruaidh. Thóg an tiarna talún an sráidbhaile ag deireadh an 18ú haois, ach ní raibh rath air. Ní nach ionadh, mar tá sé fuar agus iargúlta, agus i rith an gheimhridh bíonn sé scoite amach ón saol mór go minic ag an sneachta.
Is ainm Gàidhlig é Tom an t-Sabhail, a chiallaíonn “tulán an sciobóil”. Tá an fhoghraíocht Ghàidhlig ag muintir na háite go fóill, cé go bhfuil an litriú “Tomintoul” ann sa Bhéarla.
Níl ach sráid fhada amháin ann, agus cearnóg dhuilleogach ina lár, agus tithe beaga liatha cloiche atá sa bhaile. Tá cúpla siopa deas ceirde ann agus tá iarsmalann bheag an-mhaith sa chearnóg, in aice leis an oifig turasóireachta. Tá fear gealgháireach darb ainm Murray Cameron i mbun na hiarsmalainne, agus d’aithris sé scéalta agus dánta beaga dom.
Stop mé sa bhrú, atá suite i seanscoil a athchóiríodh le déanaí. Tá bainisteoir deas bríomhar ann, bean óg darb ainm Laura, ar geolaí í. Bhí an-chraic agus comhrá againn; ní raibh mórán daoine ansin mar go raibh an aimsir go dona.
Tagann neart daoine go dtí an ceantar seo le bheith páirteach i ngníomhaíochtaí éagsúla faoin spéir. Tá Tom an t-Sabhail ar imeall eastáit mhóir darb ainm Eastát Ghleann Lìomhaid, ar leis an Choróin é. Tá cead isteach ag an phobal ann, agus is féidir siúl sléibhe, rothaíocht sléibhe, marcaíocht agus curachóireacht a dhéanamh ansin.
Creideamh mionlaighBhí an-iontas orm nuair a tháinig mé ar shéipéal mór Caitliceach, atá suite in aice leis an bhrú. Is creideamh mionlaigh é an Caitliceachas in Albain, ar ndóigh. I
ndiaidh an Reifirméisin i 1560, ba bheag nach ndeachaigh sé i léig. Sa lá atá inniu ann, síltear gur Caitlicigh iad thart fá 10 faoin chéad de mhuintir na hAlban. Tá cónaí ar an chuid is mó acu san iarthar – ar Uibhist a Deas agus ar Bharraigh sna h-Eileanan Siar agus thart ar Ghlaschú, áit a ndeachaigh roinnt mhaith Éireannach. Ach maireann pobal measartha mór Caitliceach anseo i dTom an t-Sabhail agus sa tír máguaird.
Mhair an Caitliceachas anseo toisc gur ceantar iargúlta sléibhtiúil atá ann, agus gur chloígh na hiarlaí leis an chreideamh. Sa bhliain 1594, bhí cath mór ann, a dtugtar cath Ghleann Lìomhaid air. Chuaigh beirt iarlaí Caitliceacha amach, Iarlaí de Errol agus de Huntly, agus thart fá 2,000 fear áitiúil leo, agus chuir siad an ruaig ar 10,000 Híleantóir faoi cheannas iarla Phrotastúnaigh, Iarla Earra Ghàidheal. Is féidir siúlóid a dhéanamh go láithreán an chatha.
Sa bhliain 1716, nuair a bhí na Péindlithe i bhfeidhm, bunaíodh coláiste beag cléireach i ngleann scoite thart fá naoi míle ó Tom an t-Sabhail. Scalan an t-ainm a bhí air – sgalan sa Ghàidhlig, nó scáthlán sa Ghaeilge. D’ionsaigh saighdiúirí an chéad teach i 1726 agus 1728, ansin dódh ar fad é i ndiaidh Chath Chùil Lodair i 1745. Tógadh foirgneamh nua i 1767, a úsáideadh go dtí 1799. Oileadh thart fá
100 sagart ansin.
Chinn mé ar chuairt a thabhairt ar an choláiste, atá á athchóiriú anois. Tá bóthar ag dul trí ghleann glas domhain agus gan duine ar bith le feiceáil. Ansin sroicheann tú sráidbhaile beag darb ainm Chapeltown, agus séipéal tarraingteach Caitliceach ina lár, a bunaíodh sa bhliain 1829. Bhí sé druidte, áfach; de réir fógra, bhí an eochair le fáil ón teach béal dorais, ach ní raibh duine ar bith sa teach sin.
DrioglannaIn aice leis an séipéal, tá drioglann mhór ina ndéantar uisce beatha. Tá roinnt mhaith drioglann sa cheantar seo, agus is féidir cuairt a thabhairt ar chuid acu, ach ní ar an cheann seo.
Ag deireadh an bhóthair, tá cosán a théann i dtreo cnoc nocht. Bhí caoirigh ag méileach agus coileach ag glaoch. I ndiaidh thart fá mhíle, bhí an seancholáiste le feiceáil agus crainn thart air. Tá sruthán in aice leis agus tobar fosta.
Bíonn an teach ar oscailt i gcónaí agus is féidir dul isteach ann. Taobh istigh, tá sé fionnuar dorcha, agus tá leaca móra ar an urlár. Tá fógraí i ngach seomra, a mhíníonn cén fheidhm a bhí acu. Áit an-simplí atá inti.
Léiríonn leabhar na gcuairteoirí go dtagann daoine anseo go rialta. Chomh maith leis sin, bíonn Aifreann bliantúil ann ar an chéad Domhnach de mhí Iúil. Tá cumann
deonach ann, the Scalan Association, atá ag bailiú airgid don athchóiriú.
Tarraingíonn Caitlicigh agus Protastúnaigh go maith le chéile i dTom an t-Sabhail, agus is cosúil gur mar sin a bhí sé i gcónaí. Sna 1790í, measadh go raibh 1,276 duine sa pharóiste, agus gur Chaitlicigh 384 acu. Scríobh an ministir Protastúnach, John Grant, go raibh teach tionóil maisiúil ag an sagart Caitliceach, ach bhí a mhalairt aige féin: teach a raibh fuinneoga briste ann. Bhí dearcadh caoinfhulangach ag an mhinistir, mar sin lig sé don sagart a dhualgais uilig a dhéanamh – daoine a phósadh, leanaí a bhaisteadh, agus araile – “as if he were of the Established Church”. Scríobh sé gur cheart do dhaoine an dlí diaga a leanúint: “in doing to others, as we would wish others do unto us.”Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i nDún Éideann.