TEANGA AGUS CULTÚR
Scileanna nua tiomsaithe airgid á bhforbairt
Eoghan Ó Néill Eoghan Ó Néill

lúcháir ar Iontaobhas na Gaescolaíochta go bhfuil Bob Corcoran, ar Gael-Mheiriceánach é, ag cuidiú leo córas éifeachtach tiomsaithe airgid a fhorbairt. Measann Eoghan Ó Néill go rachaidh scileanna Corcoran go mór chun sochair earnáil na gaelscolaíochta ó thuaidh.

Íomhá
Bob Corcoran: Ag cuidiú leis an Iontaobhas córas éifeachtach tiomsaithe airgid a fhorbairt
Íomhá
Rachaidh córas éifeachtach tiomsaithe airgid go mór chun sochair earnáil na gaelscolaíochta ó thuaidh

Tá dhá mhilliún euro cruinnithe ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta sa chéad sé mhí d’fheachtas nua tiomsaithe airgid. Ag tús na bliana seo, cheap an tIontaobhas, an t-eagras atá freagrach as maoiniú na ngaelscoileanna ó thuaidh, Réamaí Mathers mar a chéad tiomsaitheoir airgid. Ní hamháin gur chuir Mathers roimhe síntiúis bhreise a fháil ón phobal don Iontaobhas, ach mórdheonacháin a mhealladh ó dhaonchairde - rud nár thriail pobal na Gaeilge ó thuaidh riamh roimhe seo. Ceird atá sa tiomsú airgid. Ceird a saolaíodh, a tháinig i méadaíocht agus atá faoi rath i Stáit Aontaithe Mheiriceá, baile dúchais na ceirde. Mar sin, is mór an spreagadh d’Iontaobhas na Gaelscolaíochta é go bhfuil Gael-Mheiriceánach as Bostún chun cuidiú le Réamaí Mathers córas ceart tiomsaithe airgid a fhorbairt in Éirinn.

Bhunaigh Bob Corcoran a áisínteacht tiomsaithe airgid i mBostún 36 bliain ó shin. Ó shin i leith,conarthaí ar luach na gcéadta milliún dollar iad tiomsaithe aige ar son ollscoileanna, ospidéal, ord eaglasta, iarsmalann agus iliomad cúiseanna carthanachta. Ní bheidh Bob féin ag tiomsú airgid d’Iontaobhas na Gaelscolaíochta, ach tá sé chun a chuid scileanna, a thaithí agus an tuiscint atá aige ar an cheird, mar aon lena theagmhálacha, a chur ar fáil don Iontaobhas."Is iontach an scéal go bhfuil Bob sásta a am, a fhuinneamh agus a thaithí a chur ar fáil dúinn," arsa Réamaí. “Tá na héachtaí a rinne sé san earnáil tiomsaithe airgid thall ar taifead; an méid ollmhór airgid a mheall sé, na deontóirí a mheall sé, agus dá réir. Tá taithí ag Bob Corcoran

nach bhfuil ag mórán daoine, agus tuiscint faoi leith aige ar an tslí chun caidreamh a chothú le deontóir nó le daonchara. Is iontach an buntáiste dúinn é sin mar go bhfuil an caidreamh idir deontóir agus tiomsaitheoir ag croílár an tiomsaithe airgid. Cinnteoidh páirtíocht Bob ardchaighdeán gairmiúlachta san obair atá ar bun againn agus cuirfidh sé faobhar uirthi."Fiontraithe le GaeilgeBa é scéim thrasteorann, Fiontraithe le Gaeilge, a chéad chuir Bob agus Réamaí i dteagmháil lena chéile. Tá Fiontraithe le Gaeilge á reáchtáil ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille agus ag Forbairt Feirste i mBéal Feirste. Agus is maith an rud é gur roghnaigh Fiontraithe le Gaeilge Bob agus Réamaí chun oibriú as lámh a chéile.

Gael-Mheiriceánach é Bob Corcoran agus, mar a bheifeá ag dréim leis ó dhuine den chúlra sin, tá suim aige sa ghaeloideachas. Ach mar aon leis an spreagadh sin, is breá le Bob cuidiú le cúiseanna maithe, bíodh siad thall nó abhus.

"Is beag eolas atá agam go dtí seo ar an ghaeloideachas ach tá mé tógtha leis," ar seisean. "Baineann an Gaeloideachas le comhoibriú idir daoine chun saol an phobail a bhisiú. Is mór liom sin. Agus, ar ndóigh, is iomaí leas a thagann as oideachas maith - féinmheas, meas ar dhaoine eile, léann den scoth, deiseanna fostaíochta agus dá réir. Sin clár oibre atá iomlán i dtiúin le mo chlár oibre féin. Tá mé ag dúil go mór leis an pháirtíocht seo."

FéidearthachtaíIn Éirinn an lae inniu, is léir go bhfuil cuid mhór daoine a bhfuil airgead acu, thar mar atá de dhíth orthu, agus go bhfuil féidearthachtaí ann deontóirí a mhealladh a bheadh sásta airgead a dheonú ar earnáil na gaelscolaíochta. Cuid de na daoine seo atá ar a sócúlacht, tumann siad isteach go huile is go hiomlán sa saol gnó. Cuid eile, áfach, suíonn siad siar agus déanann seal machnaimh faoin tslí is fearr dóibh a bheith ag cuidiú le cúiseanna atá i ndeas dá gcroí. Agus tá Réamaí Mathers dóchasach go roghnóidh cuid de na daoine sin cuidiú leis an ghaelscolaíocht ó thuaidh, ach iad a bheith ar an eolas faoi agus cinnte faoin dóigh a gcaithfear a ndeonacháin.

Ar seisean, "Tá táirge iontach againn agus tá dea-thoil iontach ann i leith na Gaeilge agus i leith na gaelscolaíochta. Is é ár ngnó anois bealaí trédhearcacha éifeachtacha fiúntacha a chur ar bun le go dtig le deontóir nó le daonchara deonachán a thabhairt agus fios a bheith aige go ndéanfaidh an t-airgead sin difir. Tá sin tosaithe go pointe áirithe cheana féin sa mhéid is go bhfuil beagnach dhá mhilliún euro geallta ó thosaigh mise i mo phost mar thiomsaitheoir leis an Iontaobhas ag tús 2007. Ina dhiaidh sin ar fad, níl an feachtas ach ina thús agus chuireamar romhainn £20m a bhailiú taobh istigh de dheich mbliana chun dlús a chur le fás na ngaelscoileanna ó thuaidh. Creidim gur féidir an sprioc sin a bhaint amach agus í a shárú, fiú.”Is iriseoir agus craoltóir é Eoghan Ó Néill a bhfuil cónaí air i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.