AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Manhattan – ar rothar! (Cuid 2)
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Fuair Brian Ó Broin léargas nua ar Manhattan le gairid nuair a thaistil sé féin agus cara leis timpeall an cheantair ar rothar.

Íomhá
An bhriogáid dóiteáin ag láthair an phléasctha i Manhattan, 10 Iúil
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Foirgneamh na Náisiún Aontaithe
Íomhá
Baill den Trapeze School of New York

díomá ar mhéara Nua-Eabhrac, Michael Bloomberg, an mhí seo. In ainneoin a phleananna móra chun feabhas a chur ar chúrsaí tráchta sa chathair, níor tugadh táillí plódaithe tráchta isteach i Manhattan, cé go raibh na milliúin dollar á dtairiscint ag rialtas na cónaidhme dá leithéid.

I rith na seachtaine céanna ar diúltaíodh do phlean Bloomberg maidir le táillí plódaithe, tharla pléascadh ollmhór ar Shráid 42, atá i gcroílár Manhattan in aice le Grand Central Station, nuair a bhris galphíopa faoin tsráid. D’oscail poll chomh mór sa tsráid gur thit trucail isteach ann. Fuair bean amháin bás de thaom croí, agus dódh tiománaí na trucaile chomh holc sin gur beag seans, a deirtear, go mairfidh sé.

Sea, tá cúrsaí infrastruchtúir agus tráchta ina gcíor thuathail i Nua-Eabhrac, agus ní léir go bhfuil an fuinneamh polaitiúil ann chun dul i ngleic leis na fadhbanna. Agus fágann sin an tiománaí sáinnithe i dtranglam tráchta maidin agus tráthnóna.

Mar bharr ar an mí-ádh, i rith sheachtain an phléasctha, d’fhógair an comhlacht iompair phoiblí go mbeadh táillí ag ardú 10%, agus ag ardú arís gach dhá bhliain ina dhiaidh sin.Bíodh trua agat don chomaitéir bocht i Nua-Eabhrac, mar sin. Thuigfeá an fáth a bhfuil pobal na cathrach ag séideadh an deannaigh óna rothair agus ag tabhairt faoin mbóthar ar dhá roth – níl an dara rogha acu a thuilleadh!

Tá na bóithre ag titim as a chéile mar thoradh ar an mbrú tráchta agus tá táillí taistil ag dul i méad, ach caithfear a admháil go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun cúnamh a thabhairt do rothaithe trí rianta nua rothaíochta a thógáil i ngach ceann de na cúig bhuirg atá sa chathair. Is é an ceann is suntasaí don chuairteoir ná an Manhattan Greenway, a théann timpeall chiumhais oileán Manhattan.

Thugamar faoi an mhí seo caite. Chuaigh muid ag rothaíocht i bhfáinne ar deiseal ó Dhroichead George Washington in iarthuaisceart an oileáin, go ceantar Harlem atá díreach ó thuaidh ó Central Park, scamhóg Nua-Eabhrac.

Agus muid ag rothaíocht timpeall chiumhais an oileáin, ámh, ní fhaca muid Central Park, agus is trua sin, ór is é, gan aon agó, seoid na cathrach. Am éigin eile, b’fhéidir, ach caithfimid an turas seo a chríochnú inniu!

Ó tharla Harlem díreach scoite againn, is íoróin bhreá é casadh ar ais ar an Greenway ag ciumhais na habhann arís, mar is í an chéad pháirc a fheiceann muid ná Thomas Jefferson Park. Íoróin, mar tá sé tagtha chun solais le déanaí gur lean Jefferson ar aghaidh lena sheilbh ar sclábhaithe tar éis gur scríobh sé fógra neamhspleáchais Mheiriceá i 1776, ach is cosúil anois go léiríonn fianaise DNA gur fhág sé páistí ar dhuine de na sclábhaithe seo, Sally Hemings. Ó sea, i Nua-Eabhrac amháin a fheicfidh túJefferson agus Harlem buailte ar a chéile!

Lucht na ngairmeachaTá Harlem ag athrú i láthair na huaire. Cé gur ceantar gorm é le fada, bhíodh an-chuid de na Gormaigh úd ag íoc cíosa, seachas a bheith ina n-úinéirí. Agus talamh in Manhattan ag éirí gann,foirgnimh Harlem ar díol arís, an turas seo le lucht na ngairmeacha. Tógfaidh an t-athrú seo glúin ar a laghad. Is mór an difríocht idir an talamh atá ar an taobh thiar thuaidh de Thomas Jefferson Park agus an talamh atá ó dheas uaidh. Seo Carnegie Hill, ceann de na ceantair is saibhre i Nua-Eabhrac. Turas ciúin a bhí againn ar an Greenway anseo, gan aon rud le feiceáil ach corrbhean ag siúl lena púdal, corr-rothaí eile, agus tugaí na cathrach ag tarraingt nó ag brú bád réthónach síos an abhainn thoir.

Táimid san Upper East Side anois, agus is mór an t-athrú a tháinig ar an gceantar

ón naoú haois déag i leith. San aimsir sin, bhí an ceantar, go háirithe cuid de darbh ainm Yorkville, breac le Gearmánaigh agus Boihéamaigh. Go deimhin, tá go leor Gearmánach sa cheantar go fóill. Anseo a eagraítear an Steubenparade, mórshiúl na nGearmánach i Nua-Eabhrac, gach Meán Fómhair. Agus is anseo atá an Goethe Institut, lárionad cultúrtha na nGearmánach, go fóill.

Is beag blas de na hinimircigh atá le sonrú agus Central Park cóngarach dúinn. Le breis is cúpla scór bliain, tá na ceantair atá taobh thiar de agus taobh thoir de Central Park, an Upper East Side agus an Upper West Side, athraithe go ceantair shaibhre. Fiú ar rothar, ar imeall oirthear an oileáin, is féidir an t-airgead a bhlaiseadh. Cairr mhóra de dhéantús Gearmánach, éadaí dearthóra ar dhaoine agus – creid é nó ná creid – seoda á gcaitheamh ag na madraí! Inár n-éadaí gioblacha, bhraitheamar cineál míshuaimhneach i measc na ndaoine áille seo.

Go dtí 2001, lean an rian rothar an bealach ar fad síos an abhainn thoir, go dtí deireadh an oileáin. Ach gearradh é i ndiaidh ionsaithe Mheán Fómhair na bliana sin. Níl cead agat rothaíocht thar na Náisiúin Aontaithe ar an rian rothar a thuilleadh, ach is féidir leat sráideanna na cathrach a úsáid.

Níl foirgneamh na Náisiún Aontaithe ina sheoid a thuilleadh. Go deimhin, tá rian na gcaogaidí air. Is é an rud is suimiúla faoin áit, dar liomsa, ná go mbíonn tú ar thalamh idirnáisiúnta agus tú sa bhfoirgneamh. Níl tú i Stáit Aontaithe Mheiriceá a thuilleadh.

Bíonn raic sa cheantar seo i gcónaí. Timpeallaithe le hambasáidí agus consalachtaí, is minic go dtagann na maithe agus na móra tríd an gceantar le tionlacan póilíní. Beidh áthas ort filleadh ar an Greenway ina dhiaidh seo mar go bhfuil sé chomh glórach. Anseo, i gcamas Stuyvesant, leathmhíle ó na Náisiúin Aontaithe, feicfidh tú – iontas na n-iontas - aerfort ar uisce.

Mar gheall ar go bhfuil Nua-Eabhrac ina thranglam craiceáilte, is beag duine saibhir atá ag iarraidh tabhairt faoin trácht idir Manhattan agus Aerfort John F. Kennedy, La Guardia, nó Newark. Nárbh fhearr eitilt ó Manhattan? Agus déanann siad amhlaidh. De bhrí nach bhfuil aerstráice ar an oileán, úsáideann siad eitleáin mhara. Radharc álainn atá ann don té nach bhfuil tada eile le déanamh aige ach ceapaire a ithe agus breathnú amach thar an abhainn.

An tseanchathairÓs ag caint ar shoithigh muid, ní mór áit a lua atá dhá mhíle níos faide ar aghaidh ar an Greenway – an South Street Seaport. Faoin am seo, ar ndóigh, táimid i sean-Nua-Eabhrac. Déanaimid dearmad nach raibh sa chathair go dtí an 19ú haois ach baile ar rinn theas oileáin Manhattan. Ba thalamh feirme Harlem agus bhí Central Park ina ionad dumpála! Le cúpla bliain anuas, táthar ag iarraidh blaiseadh den seanbhaile sin a thabhairt ar ais trí cheantar an South Street Seaport a chothú. Ceantar margaidh a bhí san áit tráth, ina raibh duganna do bháid trádála agus phaisinéirí.

Is é an rud is suntasaí faoin áit seo ná Battery Park, áit ar thóg na hÍsiltírigh agus na Sasanaigh dúnta chun an cuan a chosaint. Tá dún ann go fóill, ceann a thóg na Meiriceánaigh i rith an chogaidh in 1812 idir iad féin agus Sasana, cé nár úsáideadh é.

Bhí deireadh an lae ag teannadh linn agus an ghrian ag titim i dtreo an iarthair os cionn an Hudson. Bhí Droichead George Washington le feiceáil cheana féin, ach chuir radharc deireanach iontas orainn agus b’éigean dúinn stad le breathnú air. I gcaighean mór ar clé uainn agus muid ag rothaíocht thairis, bhí daoine ar mhaidí luascáin – díreach mar a bhíonn sa sorcas. Go hard ar thaobh an chaighin, bhí an comhartha “Trapeze School of New York” le feiceáil.

Tá a fhios agam go bhfuil gach rud ar fáil i Nua-Eabhrac, ach scoil mhaidí luascán? Sheasamar ar feadh scaithimh ag féachaint ar a dteicníc. Ba mhná an chuid is mó de dhaltaí na scoile seo, b’fhéidir 90% acu. Shuíodar ar fhara beag in airde ag fanacht ar orduithe ó fhear a bhí ag luascadh anonn is anall cheana féin ar mhaide os a gcomhair. Ag an nóiméad cuí, scairt sé leo: “Ready . . . Lift the bar . . . Step Off . . . Go!”

Ba rud nua é seo do chuid mhaith daoine eile freisin a bhí ina seasamh thart ag breathnú ar an seó. Fuair gach eitleoir bualadh bos breá mór.

Nua-Eabhrac – eitleáin mhara, báid mhóra, maidí luascáin. Gach re uair a chasann tú, bíonn iontas nua le feiceáil. Níor luaigh mé leath na n-eachtraí a tharla ar an turas lae seo go fóill. Faoin gcaoi, mar shampla, ar tharla dúinn a bheith i mórshiúl bróid na nAerach!

Sin scéal eile!

Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.