Dá mba rud é gur éist iarrthóir Chónra na Gaeilge do thoghchán an tSeanaid leis an chomhairle a chuir Balor air, bheadh an lá leis.
“ÁÁÁÁááááá Dáithí Bocht! ÁÁÁÁáááááá Dáithí Bocht! Dáithí Lacha Bocht Mac Cárthaigh atá i gceist agam, Íochtarán Chónra na Gaeilge,” a chaoin Balor an Bligeard liom an lá cheana. “Cluintear éagaoin, golán, nuar agus olagón ar fud na hÉireann. Cluintear caoineachán ciamhair i dteach gach aon Ghaeil ar son fhear na Gaeilge Gaelaí a bhí ag iarraidh bheith ina sheanadóir ar nós chara na mbunmhúinteoirí Joe Soap Ó Toole agus chara na siopadóirí Fergal Beag Ó Superquinn. Nuair is “cara” a deirim, bhuel... tuigeann sibh gur cairdeas sa chiall is leithne den fhocal atá i gceist agam.
“Ach an tsíocrothnóidh muid ar fad rchanbhasáil: deich dteachtaireacht téacs sa lá ar feadh dhá mhí; deich dteachtaireacht idirlín; deich scairt ghutháin ... Níl ann ach ciúnas anois – ciúnas damanta – in ainneoin na n-iarrachtaí uilig a rinne muid ar a shon. Agus nár éirigh go breá leis an fheachtas de réir na gcritéar a leag Enda Álainn Aoibhiúil síos: fuair sé cúig vóta is fiche, agus sa mhéid sin – dar le hEnda – bhuaigh sé, nó fuair sé níos mó vótaí ná mar a fuair sé riamh roimhe. Is cuma nár sheas sé i dtoghchán riamh roimhe, fós fuair sé níos mó vótaí ná riamh. Bullaí fir, a Dháithí. Ach crothnóidh muid na teachtaireachtaí, agus na cártaí poist!”
Ba léir go raibh an-trua go deo ag Balor do Dháithí Lacha bocht, go háirithe i ndiaidh do Dháithí sé mhilliún euro dá chuid airgid féin a chaitheamh ar an fheachtas toghchánaíochta. Ach i ndeireadh an lae is air féin an locht. Mhol Balor dó an seacht milliún a chaitheamh. Ach an raibh Dáithí Lacha sásta é sin a dhéanamh? Beag an baol. Mhaígh sé nach mbeadh fágtha ansin aige ach an dá chéad milliún agus nach raibh sé sásta níos mó ná saoire choicíse sciála amháin a thabhairt mar bhre... mar bhrea... mar bhreab –oops! mar bhronntanas ba chóir a rá – do gach duine dá chairde a chaith vóta ar a shon.
“Dáithí Lacha agus a Chairde Lácha i gCónra na Gaeilge!” a deir Balor an Bómán. “Gheall gach aon duine acu istigh i Sráid Fhearchair go gcaithfidís vóta dó, ach is é an rud nár thuig Dáithí Bocht nach bhfuil an Ardteist féin ag an chuid is mó de na liúdramáin sin, gan trácht ar chéim ó Ollscoil na hÉireann. Ach ghlac gach duine istigh ansin, agus sna craobhacha den Chónra ar fud na tíre, leis na brea... na bronntanais, nó is daoine lácha iad, agus ní raibh siad ag iarraidh drochaoibh a chur ar Dháithí. Agus ós ag caint dúinn ar chraobhacha, bhí Dáithí Bocht ar na craobhacha nuair a foilsíodh torthaí an toghcháin.
“Cén áit a ndeachaigh vótaí na múinteoirí sna Gaelscoileanna, más ea? Bhuel ar an chuntas is déanaí ní raibh ach triúr múinteoirí fir sa tír nár cheannaigh Joe Soap cúpla pionta dóibh ag am inteacht. (Bhí an triúr sin ag teagasc sa Nua-Shéalainn i rith a saoil.) Agus cad é faoi dtaobh de na mná? Nach maith a bhí a fhios ag
Fergal Superquinn an dóigh leo siúd a mhealladh: dearbháin bhreise leis an tsiopadóireacht – deich gcinn do gach bean sa tír a chaith vóta dó. Agus féach an dóigh ar éirigh leis. Is mall sa lá a thuig Dáithí Lacha cumhacht na bpiontaí agus na ndearbhán – go bhfuil siad i bhfad níos éifeachtaí ná na coicísí saoire sciála. Siúr téann gach aon chéimí sa tír ag sciáil uair sa bhliain ar a laghad anois, ach ní gach lá a fhaigheann bean deich ndearbhán breise leis na Corn Flakes.
“Níl ach an t-aon duine amháin a mbeadh seans aige i dtoghchán den chineál sin, duine amháin arbh fhiú do Chónra na Gaeilge iomlán tacaíochta a thabhairt dó,” dar le Balor an Scolardach Polaitíochta. “Is é sin Garage Ó Mórghuth, Glór na nGael é féin. Chan an cairéad a d’úsáidfeadh Garage ach an bata, agus níl mé ag trácht ar a bheirt chomrádaithe Joe Lena Ó Donut agus May Mac Ránais, cé go dtuigim cén fáth go gceanglódh daoine an bheirt sin ina n-aigne le bata – iad tiubh agus trom agus dolúbtha.
“Is é an t-arm is géire in armlann Gharage, an bhagairt is mó a d’fhéadfadh Ó Mórghuth a chur ar dhuine ar bith, ná go gcaithfeadh sé uair a chloig ag caint leis nó léi mura gcaithfidís vóta dó. Nach mór an méid vótaí a gheobhadh sé. Bheidís ag vótáil go luath agus go minic. Ach ní cóir dom bheith ag caitheamh anuas ar an aisteoir clúiteach nó is mór an leas a dhéanfadh Garage Ó Mórghuth do chúis Chónra na Gaeilge agus do mhuintir na Gaeilge ar fud na tíre. Bheadh sé istigh sa Seanad ag bodhrú na seanadóirí agus ní bheadh am aige a bheith ag bodhrú leath dhaonra na hÉireann ó gach ardán halla pobail ó Chóbh go Málainn. Bullaí fir, a Gharage!
“Agus, ós ag caint dúinn ar an Seanad, nach bhfuil sé lán go doras cheana féin le Gaeilgeoirí aitheanta, leithéidí Davina Norris agus Shane Cross agus Ivana Bare Cheek! An cineál teanga a labhraíonn an triúr sin ó Choláiste na Trioblóide níl cuma Bhéarla na hÉireann uirthi, agus mar sin tá sé chomh maith le bheith ag labhairt Gaeilge. Mura dtuigeann an chosmhuintir teanga duine sa Dáil nó sa
Seanad glacann siad leis gur i nGaeilge atá an duine ag caint, agus mar is dothuigthe a bhíonn an teanga, bhuel dar leo gur fearr an cineál Gaeilge í. Nach bhfuil a fhios ag an saol mór go mbíonn dea-Ghaeilge bhlasta na Gaeltachta Gaelaí chomh saibhir sin agus nach féidir í a thuigbheáil. Cad é an uair dheiridh a thuig duine ar bith cad é a bhí á rá ag Davina Norris?
Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí Gaeltachta, nach bhfuil Pádraig Pearse Ó Dochtartaigh anois sa Seanad, agus nach bhfuil Gaeilge mhaith aigesean? Dar ndóigh, níl sé chomh maith sin agus go mbeadh sé dothuigthe, ach tá sé saibhir go leor. (Ní ar an dóigh chéanna le Dáithí Lacha, má thuigeann sibh mé!) Agus mar fhocal scoir, agus má thagann an crú ar an tairne, is féidir brath i gcónaí ar Lovely Labhrás Ó Murchú chun cúpla focal a rá i gcéad teanga na tíre. Nach féidir? An féidir? Ná bíodh imní oraibh a mhuintir Chónra na Gaeilge, níl an cath caillte fós.