CÚINNE NA nEALAÍON
Ceol fiáin dainséarach ag Aonach Carman
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Bhí oíche den scoth ag Colm Ó Snodaigh nuair a sheinn sé féin agus Kíla ag féile i gContae Chill Dara.

Íomhá
Íomhá
Radharc ó Aonach Carman 2006

An bhliain seo caite cuireadh Aonach Carman ar siúl den chéad uair le 927 bliain. Tugadh cuireadh dúinne seinnt ag an bhféile i mbliana. Oíche fhliuch, ghaofar a bhí ann i bpuball mór in aice thábhairne Uí Mhurchú i lár an Bhaile Mhóir i gContae Chill Dara.

Bhí na cailíní ag damhsa go corpchuara chun tosaigh, bhí na buachaillí ina seasamh go craos-súileach sna heití, bhí an ceol dainséarach, fiáin agus bhí an oíche lán le hallas gáirsiúil, brothallach lár an tsamhraidh. Bhí an aimsir trom, te, scamallach, ceathach. Bhí draíocht san oíche. Bhí dainséar san oíche. Bhí gnéas, agus an-chuid de, san oíche.

Thiomáineamar abhaile go luath tar éis an ghig agus d’fhágamar an Baile Mór agus a chuid le déileáil le teacht faoi bhláth na hoíche idir giotaí agus peitil.


Cúig bliana déag ó shin. Sráid Loch Garman (is as an ainm Carman a tháinig Garman). Árasán beag os cionn Café Sofia. Na fallaí clúdaithe le pictiúir áille a tharraing cúpla cailín tar éis a gcuid turasanna beacánacha timpeall na cathrach. HQ an bhanna – ionad cleachtaidh, ionad cruinnithe, tearmann, spás cónaithe Rónáin.

Meán lae. Satharn. Cupáin tae á ndáileadh (is fada a bhíomarna an t-am sin ó ghluaiseacht an Latté). Cúpla briosca – custard creams. Cruinniú. Cruinniú banna. Duine tagtha chugainn ag iarraidh ceolchoirm a eagrú dúinn. Beyond the Pale Productions a ghlaonn sé féin agus a chomhghleacaithe orthu féin.

Gan aithne dá laghad againn air nó orthu. Muid amhrasach. Cén fáth go bhfuil sé ag iarraidh labhairt linn? Cad atá á lorg acu? Níl muid chun aon chonradh a shíniú! Agus cé hé an duine deas séimh seo a bhfuil gruaig chatach fhada air agus a shúil dheas amscaí ait.

Trí mhí níos déanaí. Ceolchoirm eagraithe. McGonagles – ionad ceoil punk a bhí ar Shráid Anna Theas. Póstaeir crochta. An-chuid cleachtaidh déanta againn i seanhalla Connolly Books ar Shráid Essex Thoir. An-chuid gleacaíochta agus geáitsíochta ar bun timpeall ar an cheol. Seó den scoth réitithe againn. Muid an-sásta lenár gcomrádaithe gnó nua.

Ach theip ar an oíche. Chaill muintir Beyond The Pale £400. Níor fhreastail ach ochtó duine ar an ócáid. Ar chúis éigin níor tháinig ár ngnáthshlua. Ba mhór an trua - oíche den scoth a bhí inti ó thaobh ceoil de. Chailleadar breis airgid ag tarraingt an bhanna Shasanaigh, Radical Dance Faction, timpeall na tíre. Níor lean an comhlacht ach ar feadh cúpla mí.

Cúpla bliain ó shin bhuaileamar le hathair duine dár lucht leanúna, Kevin Pendred, agus d’inis sé scéal dúinn faoin gceathrar cairde a bhí aige a d’úsáid a thigh mar oifig samhradh amháin agus a d’fhág bille ollmhór teileafóin leis – muid faoi ndear an bille a dúirt sé linn, ag scige.

Duine acu, Seán Gallagher, bhí sé ag cur faoi i Leitir Ceanainn agus d’eagraigh sé cúpla ceolchoirm dúinn ansin roinnt blianta ina dhiaidh sin. Bhí fonn air dul ar an mbóthar linn mar bhainisteoir bóthair ach ní rabhamar mór nó saibhir a dhóthain riamh ag an am. Tá sé sáite i gcistin Óstán Thoraí an samhradh seo – an ghaoth agus an ghal ag déanamh meascán mearaí dá cheann chaoin.


Ba é an duine ba chiúine acu ná Liam O’Neill. Fear fial féasógach a d’eagraigh deoch agus ceapairí dúinn i dTigh Uí Dhúill ar chúinne College Green tar éis cheolchoirm McGonagles. D’ólamar deoch air go cúthaileachóir thuigeamar nach domhain a bhí a phócaí an oíche úd. Níos déanaí chaith sé tamall sa Bhreatain Bheag agus anois agus arís chuireadh sé glao gutháin orainn nó ríomhphost chugainn ag cur ár dtuairisce agus ag rá gur cheart dúinn dul chun na Breataine Bige. Níor shroicheamar riamh ansin é.

Ach dhá bhliain ó shin agus é fillte ar Éirinn agus lonnaithe i measc phobal breá daoine sa Bhaile Mór, chonaic sé Rónán ag siúl síos an tsráid.

“Cad faoi sheinnt ag an bhféile seo a bheas á reáchtáil agam anseo?” ar sé.

“Cinnte,” arsa Rónán.

“Féile nár reáchtáladh le breis agus naoi gcéad bliain.”

“Cinnte,” arsa Rónán.

“Féile a bhí beagnach chomh tábhachtach le Féile Tailteann tráth.”

“Cinnte,” arsa Rónán.

“Féile a tharraing muintir Laighean uilig le chéile chun ceiliúrtha, chun ealaíne, chun ceoil, chun craice, chun craicinn, chun cóisire, chun comhluadair.”

“Cinnte,” arsa Rónán.

Dhá bhliain níos déanaí agus an fhéile bunaithe, lonnaithe cois tábhairne ceanúil Uí Mhurchú, nasctha leis an bpobal áitiúil agus an-dea-eagraithe, seo muidne ann, na cailíní ag damhsa go corpchuara chun tosaigh, na buachaillí ina seasamh go craos-shúileach sna heití, an ceol dainséarach, diamhair agus allas stoirmiúil, gáirsiúil, brothallach i lár an tsamhraidh ag meascadh go meangúil san oíche.

Eolas breise faoi Aonach Carman: www.carmanfair.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.