AGALLAMH BEO
Robert Welch
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Is drámadóir, úrscéalaí, file, eagarthóir agus scoláire é Robert Welch, an tOllamh le Béarla in Ollscoil Uladh, a bhfuil clú idirnáisiúnta air ach tá dáimh i gcónaí aige leis an Ghaeilge. Labhair Robert McMillen leis an fhear ildánach seo le gairid.

Íomhá
Íomhá
Rugadh Welch i gCorcaigh
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Tá an bhó tábhachtach san Ind agus in Éirinn
Íomhá
Gandhi: bhí tionchar ar náisiúnaithe na hÉireann air
Íomhá

Le roinnt mhaith blianta anuas, tá an t-ainm Bob Welch tugtha faoi deara agam in áiteanna éagsúla. Ba ghnách liom a bheith i mo leabharlannaí agus bhí a ainm ar roinnt mhaith leabhar a bhí ar na seilfeanna sa Leabharlann Lár i mBéal Feirste.

Bhíodh na leabhair litríochta ann, Irish Poetry from Moore to Yeats; A History of Verse Translation from the Irish, 1789-1897 agus The Oxford Companion to Irish Literature ina measc. Bhí leabhair fhilíochta leis ann, Muskerry, Secret Societies, agus The Blue Formica Table.

Bhí cúpla úrscéal dá chuid againn, Kilcolman Notebook agus Groundwork. Agus i rannóg na Gaeilge, bhí úrscéal leis, Tearmann, le fáil.

Níl anseo ach cuid de leabhair an Bhreathnaigh a bhí sa leabharlann.

Ansin, bhí mé ag léacht de chuid an scríbhneora Indiaigh, Ganesh Devy, agus bhí Bob Welch ansin fosta. Ní i litríocht na hÉireann amháin a bhí a shuim, ba chosúil.

Cúpla mí ó shin, bhí mé ag dráma a bhí suite in aimsir an Ghorta Mhóir, This Piece of Earth. Bhí Bob ansin arís. Ba í a iníon, Rachel O’Riordain (sloinne a máthar) léiritheoir an dráma agus d’aistrigh Bob píosaí as go Gaeilge.

I ndiaidh an dráma, bhí comhrá againn ar na cosúlachtaí idir cultúr na hÉireann agus cultúr na hInde; ar an Ghorta i gCúige Uladh; ar an Ghaeilge agus ar go leor ábhar eile. Ar ábhar agallaimh do Beo! é Bob? Scéal cinnte.

Tháinig Bob Welch ar an saol i gCorcaigh agus admhaíonn sé go bhfuil an mórtas cathrach agus contae sin ann a dhiúltar ó chíocha gach máthar cois Laoi. Sin ráite, ní “reibiliúnaigh” a bhí sa teaghlach – leoga, a mhalairt a bhí fíor. Tá sé sásta a admháil gur West Brits a bhí iontu – bhí a athair mór ina bhall den RIC, cuir i gcás.

Níor tógadh le Gaeilge é, mar sin, ach nuair a chuaigh sé chun na scoile náisiúnta chuir sé suim i gcúrsaí Gaolainne, agus é an-óg go fóill, ach ba é an Béarla a mheall Bob riamh anall. Is ann atá an litríocht is fearr ar domhan, dar leis. Tá ciall agus iontas agus doimhneacht agus éagsúlacht ann a thaitníonn go mór leis. Ar ndóigh, is teanga dhomhanda é an Béarla ach nach bhfuil Sasana anois mar shatailít chultúrtha de Mheiriceá, a fhiafraím den Ollamh Welch? Nach bhfuair cultúr na Stát Aontaithe greim ar an domhan trí na cineálacha éagsúla popcheoil?

Ní aontaíonn An Dr Welch leis an dearcadh sin. Leoga, measann sé go bhfuil

tuigbheáil measartha cúng ag daoine ar cad is cultúr Meiriceánach ann.

“Níl aon bhaint in aon chor ag an rud a shíleann daoine gur cultúr Mheiriceá é le William Faulkner ar thaobh amháin nó le Louis Armstrong nó King Oliver nó John Lee Hooker nó Big Bill Broonzy ar an dtaobh eile. Sin é an cultúr Meiriceánach – Duke Ellington, Aaron Copeland, Leadbelly, Elvis Presley fiú. Bhí éagsúlacht ag baint leis na daoine sin uilig, gach aon duine díbh. An rud faoi chultúr Meiriceánach an lae inniu, nach bhfuil éagsúlacht ag baint leis in aon chor. Oll-leimhe atá i gceist."

Dualgas

Is drámadóir agus file é Bob Welch ach cén fáth go mbíonn sé ag scríobh filíochta? Le cuid mhór airgid a dhéanamh? (Ceist áiféiseach!) Mar go dtig leis é a dhéanamh? Nó an bhfuil teachtaireacht aige a chaithfidh sé a chraobhscaoileadh don domhan mhór?

“Níl a fhios agam ach gur gá dom a dhéanamh. Tá saghas dualgais orm agus mothaím gur gá dom a dhéanamh. Más duine thú atá ag smaoineamh ar an saol thart ort, tagann tú chuig áit taobh istigh agus ní bhíonn aon dul as ach tabhairt faoin véarsaíocht.

“Níl aon fhreagra agam féin seachas véarsaíocht. Teastaíonn uait rud éigin a mhúnlú le gur féidir a bheith dílis don lúbaireacht atá ionat. Ma tá lúbaireacht ionat agus rudaí casta taobh istigh ionat, is gá múnlú a dhéanamh ar an dteanga chun sin a chur in iúl. Nó tá saghas dóchais ionat gur féidir rudaí a rá atá faoi cheilt de ghnáth ionat féin agus go minic, i measc daoine eile, rudaí ar deacair iad a scaoileadh seachas tríd an bhfilíocht.

“Is saghas rúin atá ann, rún oscailte atá á chraobhscaoileadh agat agus tríomsa, go n-aithníonn daoine, b’fhéidir, cén sort rúin atá i gceist. An dóchas atá ag baint le, cuirim i gcás, daoine óga, agus an tábhacht atá ag baint leis sin. Agus ansin an crá croí atá i ndán dóibh toisc go bhfuil an dóchas sin acu.

“Tá sé an-deacair teacht air sin. Sin é an fáth gur scríobh Shakespeare Romeo and Juliet. An dóchas atá i ndaoine óga agus an crá croí atá i ndán dóibh toisc go bhfuil an dóchas sin acu agus toisc go bhfuil an grá iontu. Is deacair teacht air sin aon slí eile seachas tríd an bhfilíocht agus prós saghas casta.”

Ar na drámaí is clúití dar scríobh Bob Welch, tá Protestants, saothar a “cheiliúrann coincheap Protastúnach na saoirse agus an tslí ar athraigh sí an bealach a mbíonn daoine ag smaoineamh sa domhan thiar.”

Téann an dráma siar go haimsir Éilís I agus chun tosaigh go dtí an lá atá inniu ann ach ní sheachnaíonn sé an foréigean a thagann mar thoradh ar an seicteachas. Cén fáth ar scríobh sé dráma faoin Phrotastúnachas, go háirithe nuair is Caitliceach é féin?

“Is é an fáth gur scríobhas Protestants ná go rabhas riamh ana-fhiosúil faoin gcreideamh sin – más féidir creideamh a thabhairt air – agus faoin athrú mór sin a tháinig chun cinn sa 16ú céad san Eoraip, arb é an Protastúnachas a ainm.

“Bhíos i gcónaí fiosúil faoin athrú sin. Fiú nuair a bhíos i gCorcaigh, théinn go minic, seachas dul ar Aifreann, chuig eaglaisí Protastúnacha. Chuiridís fáilte romham,” ar sé ag gáire.

Bhí go leor Protastúnach thart an t-am sin, is cuimhin leis – Modhaigh, Preispitéirigh, Anglacánaigh.

I gcoinne Acht na Gaeilge

Ansin, labhraíonn muid ar Acht na Gaeilge agus an dóigh a bhfuil leithéidí an News Letter (ceann de nuachtáin Bhéal Feirste) i gcoinne an achta, ag rá nach gcuirfeadh Protastúnaigh fáilte roimh a leithéid. Deirim gur masla don Phrotastúnachas atá sa dearcadh cúng seo. Aontaíonn Bob leis sin.

“Ó thaobh na staire de, ceann de na rudaí a tháinig chun cinn toisc gur tháinig an Protastúnachas ar an saol ná gur aistríodh an Bíobla go teangacha eile. Rinne Luther éifeacht iontach chun an Bíobla a aistriú go Gearmáinis. Bhí an King James Bible i Sasana, bhí an Geneva Bible ann agus ar ndóigh, chuir Bedell roimhe an Bíobla a aistriú go Gaeilge agus tá Gaeilge iontach ann toisc gur theastaigh uaidh go rachadh an léann agus an tuiscint agus an teachtaireacht atá sa Bhíobla i bhfeidhm ar dhaoine ina dteanga féin. Ceann de na comharthaí sóirt a bhí ag baint leis an athrú mór seo ná gur theastaigh uathu go dtuigfeadh daoine cad a bhí á rá ag an mBíobla, dóibh féin ina gcroí istigh.

“Ná smaoineodh aon duine gurb ionann an Protastúnachas agus frith-Ghaelachas. Níl bun nó barr leis sin.”

Is tionscadal mór eile de chuid Bob Welch é The Oxford History of The Irish Book, a bhfuil sé mar chomheagarthóir ginearálta air i gcomhar leis an Dr Brian Walker ó Ollscoil na Ríona.

“Is é atá i gceist leis an tionscadal seo ná stair an leabhair in Éirinn. Tá sé ar cheann de na traidisiúin is mó measa ar Mhór-roinn na hEorpa, traidisiún na leabhar in Éirinn, na lámhscríbhinní agus iad sin atá i bprionta, idir Ghaeilge agus Bhéarla.”

Is éard atá i gceist leis an saothar History of the Irish Book ná stair an leabhair Éireannaigh ón tús – na lámhscríbhinní, Leabhar Cheanannais, Leabhar na hUidhre, Leabhar Laigheanach agus a leithéid sin anuas go dtí deireadh an 20ú céad.

Tionscadal é a rachaidh ar aghaidh agus ar aghaidh. Cúig imleabhar atá i gceist, a fhoilseoidh Oxford University Press, agus tá an chéad cheann foilsithe cheana, Imleabhar III, a phléann an leabhar i mBéarla ó 1550 – 1800, é curtha in eagar ag Andrew Hadfield agus Raymond Gillespie.

Is é an dara ceann a chuirfear amach ná Imleabhar IV, leabhair Bhéarla ó 1890 – 2000 agus ina dhiaidh sin, an leabhar as Gaeilge. Is iad Alan Titley, Frankie Sewell agus Eamon Ó Ciardha a bheidh i mbun an imleabhair sin. (Ina dhiaidh sin, díreofar ar na lámhscríbhinní agus ansin ar leabhair Bhéarla ó 1800-1890.)

“Is é ábhar na n-imleabhar uilig ná: stair na foilsitheoireachta agus an cúlra atá leis an fhoilsiú sin; conas mar a chuaigh na leabhair i bhfeidhm ar dhaoine, ar a smaointe agus ar a saol inmheánach; an bhaint a bhí idir na leabhair agus an margadh; an bhaint a bhí idir na leabhair agus an staid pholaitíochta; conas mar a léigh daoine na leabhair. Agus muid ag trácht ar stair an leabhair, tá muid ag trácht ar stair atá ana-ilghnéitheach - baineann sé leis an uile rud.”

Measann an Dr Welch go bhfuil sé “suimiúil” gur beirt atá ag obair ó thuaidh a thóg an dualgas orthu féin an tionscadal seo a thabhairt chun críche.

An Ind agus ÉireAgus mé ag caint leis an Dr Welch sa tSean-Iarsmalann i mBéal Feirste, phléigh muid siompóisiam, “Sacred Places in Early Ireland and Early India”, a reáchtáil sé in Ollscoil Uladh i gCúil Raithin san earrach, agus dúirt sé go bhfuil go leor nasc ag Éirinn leis an Ind.

“Tá an dinnseanchas iontach tábhachtach i gcultúr na hÉireann, na logainmneacha agus an cúlra atá leo, agus tá sé mar a gcéanna san Ind. Tá a fhios againn go mbaineann muide, Éireannaigh, agus na hIndiaigh le traidisiún Ind-Eorpach, go bhfuil muid araon i bpáirt den rud seo. Tá muide ar an gceann thiar agus iadsan ar an gceann thoir agus is féidir go bhfuil iarsmaí de na seanstruchtúir sin fágtha le fada agus gur féidir linn iad a chur i gcomparáid lena chéile.

“Tá ana-chuid difríochtaí ann freisin, níl muid ag iarraidh rudaí áiféiseacha a rá, go bhfuil muid díreach mar a gcéanna, mar níl, ach mar sin féin is iontach an rud é go bhfuil nasc ann maidir leis an miotaseolaíocht, an tábhacht atá ag baint leis an mbó, cuirim i gcás, leis an talamh féin, leis an traidisiún atá ag baint leis na haicmí agus leis an léann. Tá cosúlachtaí idir an Ghaeilge agus Sanscrait a thug na Gearmánaigh faoi deara sa 19ú céad – leithéidí “Brahmin” agus breitheamh agus, “raja” agus rí, mar shampla.

“Tá ionannas le sonrú sa dá thraidisiún is fiú a thabhairt le chéile le go bhféadaimis é a mheas.”

Ní hamháin sin ach tá stair ag an dá chultúr ar fiú iad a chur i gcomparáid lena chéile toisc go ndeachaigh an Bhreatain go mór i bhfeidhm ar an dá thír; go ndeachaigh an Béarla i bhfeidhm go mór orainn beirt; gur tharla críochdheighilt sa dá thír agus go bhfuil tábhacht leis an stailc ocrais sa dá thraidisiún.

“Chomh maith leis sin, chuaigh náisiúnaithe Éireannacha an 19ú agus an 20ú céad go mór i bhfeidhm ar leithéidí Sri Aravindo, Nehru agus Gandhi. Tá naisc eile ann leis. Toisc go raibh sagairt ó Éirinn ann, oideachasóirí a bhunaigh scoileanna éagsúla, tá an oiread sin ceangal ag Éirinn leis an Ind.”

Mar thoradh ar an obair atá Bob agus daoine eile a dhéanamh anseo agus san Ind, tá imleabhar á chur le chéile aige féin, ag an Ollamh Kapil Kapoor ó Ollscoil Jawaharlal Nehru i nDeilí Nua agus ag Séamus Mac Mathúna, Ollamh le Gaeilge i gCúil Raithin. Tá an triúr seo agus foireann óg chumasach, idir Éireannaigh agus Indiaigh, ag iarraidh cnuasach a chur le chéile ina mbeidh sleachta éagsúla ó scríbhneoireacht an dá chultúr, ag dul siar go dtí an mhiotaseolaíocht, go dtí an fhilíocht, agus iad a chur i gcomparáid lena chéile.

“Ní hamháin sin, beidh cuntais ar stailceanna ocrais a raibh éifeacht mhór leo thall agus abhus; an chríochdheighilt a tharla i 1947 san Ind, a múnlaíodh, de réir cosúlachta, ar an gcríochdheighilt sin, ar an mbeart a bhí curtha i bhfeidhm acu in Éirinn.

“Leoga, bhí Nicholas Mansergh, athair Martin Mansergh, an TD de chuid Fhianna Fáil, bhí Mansergh mar chomhairleoir don phróiseas sin i 1947. Is iontach an rud é!” (I léirmheas ar chnuasach páipéar de chuid Mansergh dúirt an léirmheastóir: “Their publication is a valuable addition to our historical understanding of the Commonwealth and those who, like Nicholas Mansergh, served it so loyally.”)

Luaim féin gur cuireadh an milleán ar an Bhreatain as an ghorta mhór a bhí i mBeangál 1943. Tugadh bia as an tír le saighdiúir na Breataine a chothú sa Mheánoirthear nuair a bhí Indiaigh ag fail bháis den ocras. Arís tá cosúlachtaí idir seo agus Gorta Mór na hÉireann céad bliain roimhe sin.

An Léann Éireannach

Tá baint ag Bob le lucht an léinn Éireannaigh ar fud an domhain. An bhfuil an Léann Éireannach folláin faoi láthair?

Deir sé go bhfuil sé ag fás i gcónaí, é ag leathnú amach i Meiriceá agus i gCeanada, agus fiú in áiteanna san Eoraip mar an Pholainn, an Rómáin agus an Ungáir.

Measann Bob go bhfuil an oiread sin suime ag eachtrannaigh sa tír bheag iathghlas seo mar go bhfuil scéal ag baint le tír a bhí faoi smacht ag tír mhór eile.

“Scéal litríocht na hÉireann, tá sé fite fuaite le scéal saoirse de shaghas éigin.

“Ní theastódh uaim bheith róthuathalach faoi sin ach, mar sin féin, an Léann Éireannach, litríocht na hÉireann, stair na hÉireann, is ionann ar bhealach an scéal sin agus scéal ana-chuid daoine ar fud an domhain agus iad ag iarraidh teacht ar fhéinmheas agus ar fhéintuiscint seachas an tuiscint atá i ndán dóibh de bhrí go ndeir daoine gur seo an tuiscint atá i ndán dóibh.”

Admhaíonn sé gur gá a bheith cúramach mar go bhfuil sé an-éasca a bheith róláidir faoi ach dar leis gurb é an bunscéal atá sa Léann Éireannach go bhfuil an ceart ag daoine a dtuiscint féin a fháil ar a saol dóibh féin.

“Tá rud éigin ana-shásúil ar fad faoin scéal atá le hinsint ag Éirinn faoi láthair. Is scéal é a bhfuil críoch sásúil air, ar bhealach – ó dheas agus ó thuaidh. Tá réiteach ann. Is maith le daoine happy endings! Sin an fáth go bhfuil ráchairt ar an léann Éireannach in áiteanna mar Phrág nó Lodz nó Gdansk nó Cluj

sa Trasalváin féin!”

Ainneoin gur Corcaíoch go smior é Bob Welch, is saoránach den domhan é fosta, atá tar éis léamh óna shaothar féin i dtíortha mar an tSeapáin, an Ungáir agus an Pholainn. Ceapadh é le bheith ina chomhairleoir agus cláracha MA á mbunú in Cluj agus in Gdansk. Chatih sé tréimhsí ag teagasc i Leeds Shasana agus in Ollscoil Ife sa Nigéir.

D’ainmnigh an American Library Association agus an New York Times Book Review a úrscéal Groundwork i measc Leabhar na Bliana i 1998. Ach, ainneoin gur scoláire Béarla é, tá dáimh atá aige i gcónaí leis an Ghaeilge. Bhí sé ina mholtóir ar chomórtas litríochta de chuid an Oireachtais agus tá dhá thréith fhiúntacha de chuid na nGael ag baint leis: mórtas cine, ach meas ag an am chéanna ar an chuid eile den chine daonna.

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.