Cé nach bhfuil Darren Ó Rodaigh ach cúig bliana is fiche d’aois tá comhlacht teicneolaíochta bunaithe aige i mBaile Átha Cliath a bhfuil ag éirí thar cionn leis. Labhair Diarmaid Mac Mathúna leis faoina shaol agus faoina chuid oibre.
»»»Áirítear Nuala Ní Dhomhnaill ar dhuine de na filí is tábhachtaí sa Ghaeilge agus tá meas uirthi go hidirnáisiúnta anois. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoina saol in Éirinn agus sa Tuirc, faoina saothar agus faoin ghalar dubhach.
»»»Tá aithne ag an saol mór ar Dhiarmuid de Faoite mar Jack i sobalchlár TG4, “Ros na Rún”. Mhínigh sé d’Éamonn Ó Dónaill cén chaoi a ndeachaigh sé leis an aisteoireacht agus labhair sé faoina shaol os comhair na gceamaraí.
»»»Tá Raidió na Life, an stáisiún raidió Gaeilge atá lonnaithe i lár Bhaile Átha Cliath, ag craoladh gan stop ó bhí 25 Meán Fómhair 1993. Is éacht é seo nuair a smaoiníonn go mbíonn craoltóirí an stáisiúin ar fad ag obair go deonach. Labhair Éamonn Ó Dónaill le bainisteoir an stáisiúin, Fionnuala Mac Aodha, faoina cuid oibre le Raidió na Life agus faoi bhfuil i ndán don tseirbhís san am atá romhainn.
»»»Tá cáil ar Éamon Ó Cuív, an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe, mar pholaiteoir atá neamhspleách go maith agus nach bhfuil eagla air an fód a sheasamh go tréan. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoi shaol na polaitíochta, faoin phoblachtánachas agus faoin tionchar a bhí ag a sheanathar, Éamon de Valera, air.
»»»Tháinig an t-antraipeolaí Súdánach Abdullahi Osman El-Tom go hÉirinn i 1990 chun cúpla mí a chaitheamh ag obair san ollscoil i Maigh Nuad agus tá sé anseo ó shin. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina chúlra, faoin oideachas agus faoin tsuim atá aige sa Ghaeilge.
»»»Is guth aonair an Pháirtí Shóisialaigh i nDáil Éireann é Joe Higgins. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis an pholaiteoir seo a bhfuil cáil air mar dhuine neamhspleách atá sásta an fód a sheasamh go daingean don lucht oibre.
»»»Is bean í an tSiúr Stanislaus Kennedy a bhfuil blianta fada caite aici ag troid ar son chearta na ndaoine bochta in Éirinn. Labhair Ailín Ní Chonchúir léi faoin obair atá idir lámha aici.
»»»“Ré dhorcha” a thugann Máirtín Ó Muilleoir ar an tréimhse ar toghadh mar chomhairleoir de chuid Shinn Féin é ar Chomhairle na Cathrach i mBéal Feirste. Bhuaigh sé an suíochán i mí Dheireadh Fómhair 1987 agus an mhí dar gcionn, ar an 8 Samhain, maraíodh aon duine dhéag agus gortaíodh trí scór i mbuama Inis Ceithleann. An bhliain sin, chaill breis is céad duine ar fad a mbeatha i gcoimhlint fhuilteach na Sé Chontae.
»»»Tá Neasa Ní Chinnéide ar shos gairme faoi láthair óna post mar Cheannasaí Rannóg na gClár Gaeilge in RTÉ. Níl sí díomhaoin, áfach, mar a fuair Ailín Ní Chonchúir amach nuair a thug sí cuairt uirthi le déanaí.
»»»Tá sé ceithre bliana déag anois ó chuaigh Mairéad Ní Mhaonaigh agus Frankie Kennedy isteach sa stiúideo leis an albam ‘Altan’ a thaifeadadh. Réitigh siad chomh maith sin le beirt de na ceoltóirí a bhí ag seinm ar an albam, Ciarán Curran (bouzouki) agus Mark Kelly (giotár), gur chinn siad ar ghrúpa a bhunú leo agus Altan a thabhairt mar ainm air. Tá an domhan mór siúlta ag Mairéad agus ag an ghrúpa ó shin ach má tá sí ag éirí bréan den saol fuadrach seo, ní raibh sin le brath uirthi nuair a chuaigh mé chun cainte léi ag deireadh mhí an Aibreáin.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.