AGALLAMH BEO
An tSiúr Stanislaus Kennedy
Ailín Ní Chonchúir Ailín Ní Chonchúir

Is bean í an tSiúr Stanislaus Kennedy a bhfuil blianta fada caite aici ag troid ar son chearta na ndaoine bochta in Éirinn. Labhair Ailín Ní Chonchúir léi faoin obair atá idir lámha aici.

Íomhá

Bhí alt ar pháipéar Domhnaigh le déanaí faoi bheirt fhostaithe de chuid Barclays i Sasana a d’imigh amach chun béile a ithe i mbialann. Ní raibh aon ócáid mhór speisialta á ceiliúradh acu, ní raibh ann ach oíche shóisialta eile. An bille? £44,000. An méid fíona a d’ól siad? Luach £12,300.

Cé go gcuirfeadh sé seo iontas agus b’fhéidir alltacht agus déistin ar éinne, is mó an déistin a bhí ormsa a leithéid a léamh tar dom seal a bheith caite agam leis an tSiúr Stanislaus Kennedy, bean a bhfuil na blianta fada caite aici ag déanamh obair cheannródaíoch ar son daoine bochta agus daoine gan dídean in Éirinn.

Labhair mé leis an tSiúr Stanislaus faoin mbearna mhór atá idir an saibhreas agus an rachmas atá tagtha chun cinn de bharr gheilleagar an Tíogair Cheiltigh agus an bochtanas agus ainnise atá fós mar chuid d’ár sochaí sa tír seo. Mhínigh sí dom go bhfuil an méid daoine atá beo bocht in Éirinn imithe i léig de bharr an laghdú sa ráta dífhostaíochta; dúirt sí, áfach, go bhfuil an bochtanas agus an fhulaingt atá ann níos géire ná mar a bhí riamh agus na daoine atá bocht níos scoite amach ón tsochaí ná mar a bhí cheana.

Is údar í an tsiúr dheisbhéalach, chróga, shéimh seo ar chúrsaí a bhaineann le bochtanas mar gurb í a bhunaigh an eagraíocht Focus Ireland (FI) i 1985. Is é FI an eagraíocht is mó sa tír atá ag plé le daoine gan dídean: tá 150 duine fostaithe go lánaimseartha acu, 80 ar scéimeanna FÁS agus 100 duine ag obair go deonach. Pléann siad le os cionn 5,000 duine gan dídean gach bliain, cuireann siad tithe ar fáil do 300 díobh agus tá tithe á gcur ar fáil acu faoi láthair do 300 sa bhreis. Ní beag é an méid sin.

Tá baint mhór ag FI agus ag an tSiúr Stanislaus freisin le taighde ar bhochtanas agus ar chúrsaí sóisialta. Cuireann siad brú leanúnach ar an rialtas freagracht a ghlacadh as nithe sóisialta, déanann siad iarracht riachtanais grúpaí áirithe atá ar an imeall a chur chun cinn, féachann siad ar na fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith againn sa todhchaí, agus gan dabht, cuireann siad seirbhís ar fáil do dhaoine gan dídean.

Atmaisféar síochánta

Maidin álainn samhraidh a bhí ann nuair a bhailíos liom chun agallamh a chur ar an tSiúr Stanislaus ina teach ar Shráid Stanhope i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí grian bhreá ag teacht isteach tríd an bhfalla gloine ina hoifig a fhéachann amach ar gháirdín atá sí ag forbairt mar áis do dhaoine atá ag iarraidh sosa ón saol. A cúlra i gCiarraí Thiar le brath go láidir sna pictiúir áille den cheantar sin ar na fallaí buí; ceol bog clasaiceach sa chúlra agus boladh breá caife ag cur leis an atmaisféar síochánta, suaimhneach.

Ceist againn ort...

Cén leabhar ata á léamh agat faoi láthair?

Selected Poems of Rainer Maria Rilke.

Cén ceol is fearr leat?

Ceol traidisiúnta, ceol clasaiceach (seachas opera), plain chant.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Nílim cinnte. Is maith liom cinn Iodálacha. B’fhéidir Man for All SeasonsThe Crying Game.

Cá dtéann tú ar saoire?

Abhaile go Ciarraí ar feadh seachtaine. Loch Garman, Acaill. Braitheann sé.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Bhí mé thar leis an ord rialta san Afraic agus i gCalifornia.

Bheadh an lá caite agam ann go héasca. Ní hamháin sin ach bheadh an lá tugtha ag éisteacht agam leis an mbean seo atá chomh paiseanta sin faoina cuid oibre; chomh tógtha le maitheas a dhéanamh; lena gcearta a fháil do na daoine atá ar an imeall; le haird dhaoine a tharraingt ar na héagóracha atá á ndéanamh ar na daoine is laige sa tsochaí.

D’oscail FI an chéad ionad sa tír le déanaí ina gcuirtear lóistín ar fáil don teaghlach ar fad le chéile, má tá siad gan dídean agus iad ag feitheamh lena slí a dhéanamh isteach sa tsochaí arís (bhí an Taoiseach i láthair ag oscailt an ionaid, atá lonnaithe i bhFionnghlas, an lá tar éis an agallaimh seo). Go dtí seo, scartaí teaghlaigh i gcónaí nuair a thugtaí dídean dóibh - chuirtí an t-athair go háit amháin, an mháthair go háit eile agus na páistí go háit eile arís.

“Tá sé scannalach. Tá an méid daoine atá bocht laghdaithe ach tá an bhearna idir daoine bochta agus saibhre ag leathnú. Cé go bhfuil méadú tagtha ar an liúntas leasa shóisialaigh, níl sé ag teacht leis an méadú atá tagtha ar ioncam agus cothaíonn sé sin éagothromaíocht. An rud céanna leis an tseirbhís sláinte phoiblí - níl sé ag coimeád suas leis an tseirbhís sláinte phríobháideach.

“Gan trácht ar thithíocht. Tubaisteach. Toisc an méadú ar phraghas talún agus tithe, ní féidir le daoine a d’fhéadfadh teach a cheannach roimhe seo ceann a cheannach anois. Cuireann sé seo brú ar an earnáil phríobháideach cíosa; tá na praghsanna ansin imithe in airde, ní féidir le daoine áirithe an cíos ard a dhíol, caitear daoine ar an imeall agus tá níos mó agus níos mó daoine á bhfágáil gan dídean. Toisc ár gcuid saibhris, toisc easpa pleanála, tá níos mó daoine ar an imeall. An dúshlán is mó d’ár rialtas ná na struchtúir a athrú.”

Bhí an tSiúr Stanislaus mar phríomhfheidhmeannach ar FI roimhe seo; tá sí anois ina hUachtarán ar an eagraíocht agus bíonn sí ag traenáil fhoireann FI maidir leis an bhfís a bhí aici ón tús don eagraíocht.

Tá sé mar cheannasaí ar an gcomhthionól atá ag a hord rialta agus taistealaíonn sí go dtí na clochair eile thar lear, san Afraic agus Meiriceá Theas, mar shampla; rinne sí obair ar bhochtanas i dtíortha na hEorpa; bhunaigh sí an múnla atá anois ann do sholáthar seirbhísí sóisialta sa tír seo; bíonn baint aici go leanúnach le taighde; tá sí ag bunú eagraíochta, Social Innovations Ireland, chun riachtanais atá ag pobail ar an imeall a chur chun cinn; tá ionad holistic á bhunú aici do dhaoine a thugann aire do dhaoine eile, múinteoirí, banaltraí, oibrithe sóisialta, mar shampla; cheap an tUachtarán í ar Chomhairle an Stáit; bhí sí ina Cathaoirleach ar Combat Poverty agus mórán Éireann eile. Is maith an aire sheachanta í!

Ról na mban

Is bean rialta nua-aimseartha, réalaíoch, forásach í an bhean seo agus tá ciall leis an méid atá le rá aici. Tá sí domhain, smaointeach ach an-phraiticiúil ag an am céanna. Céard a shíleann sí den díospóireacht atá ar siúl faoi láthair faoi ról na mban san Eaglais? Deir sí go ndearna na mná san Eaglais éacht oibre riamh.

“Bhí tionchar i bhfad níos mó acu ar phobal na hÉireann ná mar a bhí ag na fir san Eaglais chliarlathach. Ba iad na mná a raibh tionchar acu ar oideachas, ar chúrsaí sláinte, ar sheirbhísí sóisialta. Bhí orthu, gan dabht, cead a fháil ó na fir - ón easpag, mar shampla - ach mar sin féin ba iad a rinne an obair. Bhí tionchar de chineál eile ag na fir, ó thaobh moráltachta, is dócha, cé go raibh cuid acu coinsiasach go maith faoi chúrsaí sóisialta freisin.

Ceist againn ort...

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air?

An tEaspag Birch i gCill Chainnigh (nach maireann) - mhúin sé a lán dom; Ghandi; Mandela.

Cé is mó a chuaigh i bhfeidhm ort nuair a bhí tú níos óige?

Mo thuismitheoirí.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Bochtanas; nuair a chaitear go holc le daoine.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach lá?

Deacair a rá. Éirím ag 6.00 a.m. agus bím ag treabhadh liom i rith an lae go dtí an oíche.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Coimhlint nach bhfuil réiteach uirthi.

“Bhí tionchar ollmhór ag na mná san Eaglais ach is annamh a deirtí aon rud faoi. Ní chloiseann tú ach faoi fhodhuine. Táimse ar dhuine de na mná a gcloisfeá fúthu mar creidim go gcaitear ní hamháin rudaí a dhéanamh, ach rudaí a fhógairt agus daoine a chur ar an eolas. Ó thaobh na gcinní a thógann an Eaglais, níl mórán tionchair ag mná in aon chor. In aon chor. Is Eaglais chliarlathach phatrarcach í.

“Maidir le mná a bheith ina sagairt, tá níos mó suime agamsa go n-athródh struchtúr agus bealach oibre na hEaglaise - go n-athródh sí ó struchtúr atá cliarlathach go ceann atá bunaithe ar an bpobal - seachas ar cheart go mbeadh cead ag mná a bheith ina sagairt nó nach mbeadh. D’fhéadfá mná a bheith agat mar shagairt agus iad chomh deachtúil céanna leis na fir, mura n-athraíonn an struchtúr.

“Tá athrú le cur chun cinn ag gach leibhéal. Tá daoine ag cuartú spioradáltachta, slí éigin chun a spiorad a chothú. Tá sé an-tábhachtach bealaí a aimsiú chun é seo a dhéanamh agus tá mná níos fearr chuige ná fir. Is dóigh liom gurb shin í an Eaglais nua.”

An bhfuil an Eaglais as tiún leis an ngnáthphobal? “An cheist is tábhachtaí ná ‘Cén bhaint atá ag an Eaglais le mo shaol? Cad atá ag teastáil uaim chun saol iomlán a bheith agam?’ Má tá tú ámharach agus gach rud atá uait agat nuair a theastaíonn sé uait, cad a dhéanann tú ansin? Ní fhéadfainn saol chomh folamh leis sin a shamhlú. Ní féidir leat a leithéid de shaol a bheith agat ach ar feadh tamaill ghearr mar de réir a chéile tagann riachtanais níos airde chun cinn agus tá rud éigin ionat atá ar iarraidh.

Cá dtéann tú chun an rud sin a fháil laistigh den Eaglais chliarlathach? An bhfaigheann tú é trí dhul ar Aifreann, ag rith isteach is amach as Aifreann tráthnóna Dé Sathairn? Ní dóigh liom é. Tá cothú de chineál eile ag teastáil uainn. Is ceist chasta í.”

Maidir le ról na hEaglaise san aois seo, tá an tSiúir Stanislaus forásach agus praiticiúil. “Caithfimid athrú. Caithfimid seasamh do rud éigin difriúil, rud éigin a mbeidh baint aige le saol daoine i ré seo an ábharachais. Caithfimid siombalachas nua a aimsiú. Frithchultúr. Sin an dúshlán atá ann dúinn, a bheith ‘frithchultúrach’ i ngach slí: ó thaobh flaithiúlachta, rudaí a roinnt, a thabhairt, seirbhís a chur ar fáil, an tslí a gcaithimid ár saol ...”

Ciníochas

Tá an tSiúr Stanislaus ag plé le mionlaigh le fada an lá. Tá an tslí a gcaitear le mionlaigh sa tír seo go mór i mbéal an phobail le déanaí agus mórán Éireann inimirceach idir theifigh, dhídeanaithe agus imircigh eacnamaíocha ag teacht chun na tíre. Táthar ag déanamh anailíse ar dhearcadh na nÉireannach ina leith agus go minic ní deas an pictiúr é.

An rud nua é an ciníochas atá ag éirí níos feiceálaí i measc phobal na hÉireann ó lá go lá? Bhí sé riamh ann, dar leis an an tSiúr Stanislaus, ach ní raibh sé chomh feiceálach.

“Chothaíomar riamh bearna idir sinn féin agus daoine atá ‘difriúil’ - daoine le fadhbanna sláinte intinne, príosúnaigh, daoine gan dídean. Baineann sé le heagla. Baineann sé le hoideachas. Tá brú ollmhór ar mhúinteoirí na laethanta seo ach caithfimid an cheist a chur cén treo ina bhfuil ár gcóras oideachais ag dul. An mbaineann sé le cén saghas daoine sinn, lenár stair, lenár gcultúr, leis an saghas pobail ina bhfuilimid ag iarraidh a bheidh ag maireachtáil - sochaí níos cothroime, níos cóire, níos caoinfhulangaí? An múintear gach ábhar sa tslí sin? Ní dóigh liom é. Ba cheart poverty-proofing agus racism-proofing a dhéanamh ar gach institiúid agus má tá aon chóras nó aon struchtúr ag cothú na nithe seo, ba cheart deireadh a chur leo.”

Ní duine í an tSiúr Stanislaus a ndéanfá dearmad uirthi go héasca tar éis duit bualadh léi. Deir sí go bhfuil an ábaltacht inti daoine a bhailiú timpeall uirthi agus a thabhairt léi - chreidfinn é sin mar téann sí i bhfeidhm chomh mór sin ar dhuine. Tá sí sárchumasach, nua-aimseartha, forásach, réalaíoch agus is léir go gcreideann sí go diongbháilte san obair atá ar siúl aici.

Is oscailt súl an méid atá le rá aici agus bhraitheas go raibh mo shúile féin oscailte i bhfad níos leithne tar éis bualadh léi.

Is í Ailín Ní Chonchúir Eagarthóir Cúnta na hirise seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.