AGALLAMH BEO
Neasa Ní Chinnéide
Ailín Ní Chonchúir Ailín Ní Chonchúir

Tá Neasa Ní Chinnéide ar shos gairme faoi láthair óna post mar Cheannasaí Rannóg na gClár Gaeilge in RTÉ. Níl sí díomhaoin, áfach, mar a fuair Ailín Ní Chonchúir amach nuair a thug sí cuairt uirthi le déanaí.

Íomhá
Íomhá

Is maith an rud é gur bean í Neasa Ní Chinnéide ar breá léi a bheith gnóthach mar gur duine í a mbíonn mórán idir lámha aici i gcónaí.

Agus mé ar cuairt aici ina teach cónaithe ar Shráid Líosain i lár chathair Bhaile Átha Cliath ag deireadh mhí na Bealtaine, rith sé liom nár chúis iontais ar bith é spiorad chomh hóg a bheith aici agus meascán bríomhar de dhéagóirí agus de pháistí óga - a clann féin agus a gcairde - i gcónaí timpeall uirthi. Í réchúiseach fáilteach, cé gur léir go raibh sí an-ghafa. A cúlra sa chraoltóireacht le brath go sonrach uirthi sa tslí inar chuir sí an méid a bhí le rá aici in iúl go soiléir, líofa.

Tá Neasa ar shos gairme óna post mar Cheannasaí Rannóg na gCláracha Gaeilge in RTÉ faoi láthair agus í mar Chathaoirleach ar Choiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana. Tá sí ina Cathaoirleach freisin ar Choiste Comhairleach Eurolang (nuachtáisínteacht ar an idirlíon do na mionteangacha) agus í tar éis trí bliana a chaitheamh ina cathaoirleach ar an bhFéile Idirnáisiúnta Scannán agus Teilifíse.

Ní hamháin sin ach tá sí ag bogadh tí isteach go huimhir a haon Sráid Ghrafton go luath, mar go mbeidh a fear céile ag dul i mbun oibre ina phost mar Provost i gColáiste na Tríonóide i mí Lúnasa. Cé go mbainfidh fuirseadh agus tranglam leis an mbogadh tí, is é an dúshlán is mó a bhainfidh leis do Neasa ná go mbeidh saol an teaghlaigh le caitheamh i dteach leathphoiblí, teach de dhéanamh na hochtú haoise déag. Dúshlán a bheidh ann chomh maith a neamhspleáchas a choinneáil agus í ag tabhairt lántacaíochta dá céile ina ról nua.

Ceist againn ort...

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

No Great Mischief le hAlastair MacLeod díreach léite agam.

Cén ceol is fearr leat?

Tá mé ilghabhálach ó thaobh ceoil. Gach aon saghas: snagcheol, blues, ceol clasaiceach, ceol Éireannach.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Deacair a rá - American Beauty an ceann is fearr a chonaic mé le tamall anuas.

Cá dtéann tú ar saoire?

Abhaile go Ciarraí (Baile Mhúraigh, An Fheothanach, Corca Dhuibhne); baile beag iascaigh i dtuaisceart na Catalóine.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Timpeall uair gach sé seachtaine.

Obair mhór a bheidh ann, gan dabht, na leabhair ar fad atá acu a chur i mboscaí arís. “Thóg sé aon bhliain déag orainn iad ar fad a chur ar na seilfeanna ar dtús agus caithfear iad ar fad a chur i mboscaí arís!” a deir sí.

Cainteoir dúchais

Tá an-suim ag Neasa i dteangacha, i dTeangeolaíocht agus i gcúrsaí cumarsáide agus tá éirithe léi na nithe sin a bhfuil sí tógtha leo a shní isteach ina saol gairmiúil i gcaitheamh na mblianta. Cainteoir dúchais ó Bhaile Mhúraigh i gCorca Dhuibhne í agus thug sí aghaidh ar Choláiste na hOllscoile Gaillimh tar éis a cuid scolaíochta, áit ar thosaigh a spéis i gcúrsaí léinn agus sna meáin chumarsáide ag fás.

Bhain sí amach céim sa Tíreolaíocht agus Ardteastas san Oideachas agus chuir sí tús lena céim máistreachta sa Tíreolaíocht sa choláiste céanna ina dhiaidh sin. Is sa Ghaillimh chomh maith a chuir sí tús lena saol i réimse na craoltóireachta nuair a ghnóthaigh sí post páirtaimseartha le Raidió na Gaeltachta i gCasla agus í fós ina mac léinn.

Deir Neasa go raibh coimhlint i gcónaí idir an dá ghné seo dá saol a raibh sí ag plé leo sa Ghaillimh, “an saol acadúil ar thaobh amháin agus saol na meán ar an taobh eile”. Rinne sí tuilleadh forbartha ar a suim i gcúrsaí acadúla sa tréimhse a chaith sí sna Stáit Aontaithe (bhuaigh sí scoláireacht taistil) agus is ag brath ar a céim dhochtúireachta sa Tíreolaíocht a bhaint amach a bhí sí agus í ag filleadh go hÉirinn i 1986, tar éis naoi mbliana i Meiriceá.

Ní mar a shíltear a bhítear áfach. “Ba bheag post a bhí le fáil in Éirinn ag an am do thíreolaithe i gcúrsaí acadúla,” a deir sí, “gan aon bhuanaíocht ag baint leis na poist a bhí ann agus drochphá ar fáil.”

Fuair Neasa post le Raidió na Gaeltachta ar fhilleadh di - í ag éirí ag a ceathair ar maidin ag déanamh léirmheasa don stáisiún ar na scéalta nuachta a bhí i mbéal an phobail. D’ullmhaigh an obair seo go maith í do na cláracha cúrsaí reatha ar thosaigh sí ag obair orthu ina dhiaidh sin. Bhí patachán trí bliana d’aois ag Neasa ag an am agus cé nach raibh aon choinne aici luí le craoltóireacht - bhí an chéim dhochtúireachta comhlíonta seachas an tráchtas - chuaigh sí sa tseans agus b’in sin!

Thosaigh sí féin agus Seán Ó Tuairisc ag cur an chláir cúrsaí reatha “Cúrsaí” i láthair ag an am. “Ba mhór an dúshlán agus ba mhór an pléisiúr dúinn an tréimhse sin ar ‘Cúrsaí’, ag dul i ngleic le scéalta go laethúil.” Tá an clár sin ar cheann de na nithe is mó a bhfuil Neasa bródúil as: “Chuireamar a lán dínn féin isteach sa chlár agus bhaineamar an-taitneamh go deo as an dúshlán ag an am.” Bhí tréimhse ann nuair a bhí “Cúrsaí” á chraoladh cúig oíche sa tseachtain.

Tar éis dhá bhliain leis an gclár sin, chuir sí isteach ar phost mar léiritheoir (i 1988) agus fuair sí é. Bhí sí ag obair ansin mar léiritheoir ar “Cúrsaí”, “Today Tonight”, chruthaigh sí clár cócaireachta Gaeilge agus chuir sí tús leis an gclár “Prime Time” i 1992.

An dúshlán ba mhó i saol Neasa tar éis “Cúrsaí” ná nuair a d’fhill sí ón tSeapáin tar éis tréimhse a chaitheamh in Tokyo i 1995 agus ceapadh ina Ceannasaí í ar chláracha Gaeilge in RTÉ. Bhí 182.5 uair an chloig de chláracha Gaeilge in aghaidh na bliana le cur ar fáil ag an am. Bhí cláracha á ndéanamh, á gceannach, á nguthú, á gcoimisiúnú agus bhí réimse an-leathan i gceist.

“Bhí sé cosúil le mionstáisiún laistigh de stáisiún mar bhí an réimse iomlán cláracha dá ndéanamh - spórt san áireamh. Ba é seo an chéad uair a earcaíodh tráchtairí spóirt Gaeilge laistigh de RTÉ seachas duine ó Raidió na Gaeltachta. Bhí raon an-leathan oibre ar fáil do dhaoine le Gaeilge istigh i Rannóg na gClár Gaeilge - an raon ba leithne daoine ag obair as Gaeilge in RTÉ, b’fhéidir, ó bunaíodh an stáisiún.”

An tréimhse sa tSeapáin

“Ba mhór an spórt é” an tréimhse sa tSeapáin, dar le Neasa - ceann de na rudaí ba shuimiúla dá ndearna sí riamh. Bhí a céile ag dul anonn chun ráithe oibre a dhéanamh in Tokyo agus thóg sise bliain saor ón obair agus d’imigh sí féin agus an chlann ansin leis. Bhí uirthi saol máthar Seapánaí a chaitheamh agus “ní fhéadfaí áirithint a dhéanamh ar cé chomh difriúil is atá saol laethúil na mban ansin, go mór mhór mná atá pósta le leanaí”.

Chuaigh beirt mhac léi go scoileanna Seapánacha agus chuir Neasa aithne ar mhná Seapánacha agus ar conas a mhaireadar. Ar thaobh amháin, tá daoine saor ó bhrúidiúlacht - is féidir siúl de ló nó d’oíche, gan brath faoi bhagairt, murab ionann agus i gcathracha eile - ach ar an taobh eile bhraith sí go raibh srianta uafásacha ar mhná pósta.

Ceist againn ort...

Cén bhialann is fearr leat?

An Half Door sa Daingean, Co. Chiarraí.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Mandela - laoch mór na haoise.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

M’athair agus mo mháthair.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Fimínteacht.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach lá?

Tá siad mírialta.

Cad iad na rudaí is mó a chuireann strus ort?

Obair i gcóras mí-eagraithe.

“Níl an dúshraith chéanna ann ó thaobh naíonraí agus aire leanaí a thabharfadh saoirse duit dul amach ag obair agus tá sé deacair d’aon bhean Sheapánach é sin a dhéanamh, dá bharr. Toisc go bhfuil an lá oibre níos faide i gcoitinne ní féidir le mná gairmiúla fanacht ag obair nuair a bhíonn leanaí acu. Chuirfeadh sé alltacht ort ar shlí.”

An Fhéile Idirnáisiúnta Scannán agus Teilifíse

Iarradh ar Neasa a bheith mar ionadaí RTÉ ar choiste na Féile Idirnáisiúnta Scannán agus Teilifíse agus chaith sí trí bliana mar chathaoirleach ar an bhféile sin. Bhí sé seo suimiúil, dar léi, mar “b’í seo an chéad fhéile in iarthar na hEorpa a thóg ceann agus a thug tús áite d’ilteangachas na réigiún agus na limistéar Ceilteach.” Ó bunaíodh í dhá bhliain is fiche ó shin, chuireadar rompu go mbeadh cláracha á ndéanamh i nGàidhlig, i nGaeilge, i mBreatainis agus i mBriotáinis, agus go mbeadh duaiseanna ann dóibh. Rud fíorthábhachtach é seo, dar léi. Faigheann clár i mionteanga an gradam “Spiorad na Féile” i gcónaí, rud a thugann misneach do léiritheoirí óga agus do chomhlachtaí léirithe.

Luigh an chathaoirleacht ar Choiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, mar sin, leis an obair eile a bhí ar siúl ag Neasa leis an bhFéile Scannán agus le RTÉ. Is é an ról atá aici sa chomhthéacs seo ná “cabhair agus treoir a thabhairt don choiste agus obair a chur i gcrích”, go háirithe do Bhliain Idirnáisiúnta na dTeangacha (tá Neasa ina ball de Choiste Náisiúnta Bhliain Eorpach na dTeangacha in Éirinn chomh maith). Tá súil aici go bhfuil taidhleoireacht ar siúl aici sa ról seo, ag cur a teanga agus cás a teanga chun cinn.

“Is maith ann taidhleoireacht ach ní leor í. Ach is cuid den iarracht é prófíl na teanga a choimeád chomh hard agus is féidir go hidirnáisiúnta. Is é an deis is mó atá ann d’ár dteanga féin ná go bhfuilimid anois ag caint ar shochaí agus ar thimpeallacht atá méadaithe go mór agus is féidir labhairt ar ár dteanga i gcomhthéacs theangacha na hEorpa seachas a bheith ag plé le Gaeilge agus Béarla amháin. Rud sláintiúil é seo.”

Cén léargas a thug an ról nua seo di ar mhionteangacha agus ar an nGaeilge? Deir sí go bhfuil an t-ádh linn gur teanga stáit í ár dteanga féin agus go bhfuil an oiread sin eagraíochtaí ag plé léi. “Tá sé thar am, áfach, súil in athuair a chaitheamh ar an mbonneagar tríd síos agus caithfimid go léir - gach duine a labhraíonn Gaeilge, ní hamháin na heagraíochtaí Gaeilge - plé iomlán úrnua a bheith againn ar cén fáth, an féidir nó an mian linn ár dteanga féin a choimeád agus a chur chun cinn.” Is iontach an fhorbairt atá déanta, a deir sí, ach cuireann sí an cheist “an ionann sin is a rá go bhfuil dúshraith ann atá láidir go leor le go mbeidh na glúnta inár ndiaidh in ann tógáil uirthi agus iad ag féachaint rompu.” Níl sí cinnte.

“Tá a lán ceisteanna le cur, a lán plé agus díospóireachta le déanamh, gá le cur chuige an-úr i leith na teanga agus le dioscúrsa atá an-phointeáilte agus fuinniúil.” Measann sí go bhfuil toil an phobail i bhfad níos mó laistiar den Ghaeilge inniu agus an cruthúnas is mó atá ann di ná an méid daoine a d’fhéach ar an gclár “Léargas” gach Máirt - “suas leis an gceathrú cuid de lucht féachana na tíre, a raibh rogha go leor stáisiún ag a lán acu, ag roghnú féachaint ar chlár as Gaeilge. Ní beag sin.” An cheist a chuirfeadh sí ná “an bhfuil na polasaithe stáit go léir agus an bhfuilimid féin mar phobal ag treabhadh le chéile sa tslí is éifeachtaí ar mhaithe leis an teanga?”

Tá obair mhór ar siúl ag an mbean ghníomhach seo, i mórán réimsí den saol. Craoltóir, taidhleoir, máthair, léiritheoir, láithreoir agus i mórán Éireann eile. Ní fhéadfadh a cuid fuinnimh gan dul i bhfeidhm ort agus gan fonn a chur ort dul amach agus rud éigin fiúntach a chur i gcrích tú féin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.