Tá na costais arda teileachumarsáide agus an líon íseal tithe a bhfuil ceangal leathanbhanda acu ag cur bac ar fhás na teileachomaitéireachta in Éirinn, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.
»»»Labhair Mary Beth Taylor le Meiriceánach mná le gairid ar éirigh léi grá geal a croí a aimsiú – le cuidiú seirbhíse déanta coinní ar líne.
»»»Tá go leor conspóide cothaithe in Éirinn agus i dtíortha eile le tamall anuas ag an suíomh gréasáin RateMyTeachers. Féachann Mary Beth Taylor, ar múinteoir í féin atá luaite ar an leagan Éireannach den suíomh, ar na cúiseanna go bhfuil múinteoirí ar deargbhuile mar gheall air.
»»»Thug Mary Beth Taylor cuairt ar thaispeántas grianghraf le gairid a thugann léargas ar shaol na gcimí i bPríosún Mhuinseo nach mbíonn le fáil go rómhinic.
»»»Tá tuismitheoirí i dtíortha éagsúla beag beann ar an fhianaise a léiríonn go ndéanann gutháin phóca dochar do pháistí óga. Tuairisc ó Mary Beth Taylor.
»»»Ó bunaíodh Wikipedia, an chiclipéid ar líne, sa bhliain 2000, tá na mílte duine ar fud an domhain tar éis ábhar a chur ar fáil dó. Le tamall anuas, áfach, tá saineolaithe áirithe tar éis an suíomh a cháineadh, ag rá nach féidir bheith cinnte go bhfuil an t-eolas atá air cruinn. Fós féin, tá an-ráchairt air, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.
»»»Agus í ag éirí aníos sna Stáit Aontaithe, chreid Mary Beth Taylor gur daonlathas ceart a bhí sa tír, ach níl sí den tuairim sin a thuilleadh.
»»»Tá tathag ag baint le taispeántas Dhuais Turner i nGailearaí an Tate i Londain i mbliana nach bhfacthas cheana féin. Tuairisc ó Mary Beth Taylor.
»»»Tá rialtas na cathrach i mBeirlín ag tacú le taispeántas nua ansin de shaothair a ceannaíodh le hairgead Naitsíoch. Cúlra an scéil ó Mary Beth Taylor.
»»»Tá an-tionchar ag an Eite Dheas Chráifeach ar an pholaitíocht sna Stáit Aontaithe anois, go háirithe i gcomparáid le deich mbliana ó shin. Féachann Mary Beth Taylor ar fhás an ghrúpa seo agus ar na himpleachtaí atá aige don tír.
»»»Nuair a bhí George Bush ina ghobharnóir ar Texas sna nóchaidí chuir sé iachall ar scoileanna deireadh a chur leis an oideachas cuimsitheach gnéasachta agus béim a chur ar staonadh ó ghnéas. Mar a mhíníonn Mary Beth Taylor anseo, tá míbhuntáistí móra ag baint leis an pholasaí seo.
»»»Tá muintir Mheiriceá ag titim chun feola agus tá go leor tuairimí i measc an phobail faoin fhadhb agus faoin dóigh is éifeachtaí le déileáil léi, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.
»»»Tá níos mó agus níos mó seandaoine i Meiriceá ag tabhairt aghaidhe ar phobail scoir dheisceart na tíre, ach tá míbhuntáistí ag baint leis an fheiniméan seo, dar le Mary Beth Taylor, a bhfuil cur amach aici ar cheann de na pobail seo, The Villages i Florida.
»»»Chaith Mary Beth Taylor tréimhse ag obair an mhí seo caite i gceantar an-bhocht sna Sléibhte Apaláiseacha, ceantar atá deighilte amach ón saol mór.
»»»Tá Mary Beth Taylor ag obair in ionad sláinte i Washington DC do dhaoine as Meiriceá Laidineach. Tá na deacrachtaí céanna ag cuid othar an ionaid sin is atá ag daoine ar ioncam íseal ar fud na Stát Aontaithe.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.