Agus an tír seo i gcuilithe géarchéime eacnamaíche, labhair Ciarán Mac Aonghusa leis an eacnamaí mór le rá, David McWilliams, faoi na fachtóirí ba chúis leis an mheathlú agus faoi na bealaí gur féidir leis an rialtas a chinntiú go dtiocfaidh an geilleagar aniar sa tréimhse atá romhainn.
Ciarán Mac Aonghusa: Scríobh Alan Ahearne, ar ball é den mheitheal smaointe Bruegel atá lonnaithe sa Bhruiséil, go mbeidh an titim atá le theacht ar ioncam náisiúnta na hÉireann ar an titim is mó atá tagtha ar ioncam náisiúnta in aon tír shárfhorbartha ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann. Céard a cheapann tú faoin dearcadh sin?
David McWilliams: Ceapaim go bhfuil an ceart aige. Is gruama an dearcadh é sin ach sílim go bhfuil craiceann na fírinne air. Ní hamháin go bhfuil an cúlú eacnamaíoch romhainn, ach tá sé ar siúl cheana féin. Tá geilleagar na hÉireann ar meathlú le tamall anuas. Is cosúil nach dtuigeann go leor daoine fós cé chomh mór is atá an titim seo. Ach ní chuireann an scéal seo iontas ar bith ormsa, tá an port seo á sheinm agam le fada. CMA: Céard is príomhchúis leis an mheathlú seo?
DMW: Bhuel, is éard is príomhchúis leis ná staid an mhargaidh tithíochta. Bhí daoine ag ceapadh go bhféadfaidís airgead a shaothrú trí thithe a dhíol agus a cheannach. Is cuimhin liom nuair a chuir mé tús leis an tsraith teilifíse The Generation Game gur dhúirt mé nach raibh mórán ar siúl i ngeilleagar na hÉireann seachas tógáil tithe. Sea, sín í an fhadhb ba mhó a bhí againn – an borradh san fhoirgníocht.
CMA: Tá eagla ar dhaoine go mbeidh an meathlú seo chomh dona leis an ghéarchéim sna hochtóidí; go bhfuil dífhostaíocht agus imirce i ndán dúinn agus go n-imeoidh an t-airgeadas poiblí ó smacht. Céard iad na difríochtaí idir an ghéarchéim sna hochtóidí agus géarchéim an lae inniu agus an bhfuil muid níos ábalta inniu dul i ngleic le cúlú eacnamaíoch?
DMW: Ar bhealach, tá cúrsaí níos measa an iarraidh seo, agus is éard is measa ar fad ná an easpa cumais atá sa tír ó thaobh a bheith in ann dul i ngleic leis an
ghéarchéim. Mar shampla, tá muintir na tíre báite i bhfiacha. Báite, tá mé á rá leat, báite ar fad. Le deich mbliana anuas tá daoine ag dul níos doimhne i bhfiacha agus is é sin an laige is mó atá i ngeilleagar na tíre seo.
CMA: Sea, tá na fiacha pearsanta sin i gceist, ach ag an am céanna, níl oiread fiach poiblí ann is a bhí le linn na n-ochtóidí?
DMW: Tá an ceart ar fad agat. Agus beidh sin ina chabhair mhór don rialtas, is é sin, nach bhfuil an stát féin báite i bhfiacha faoi mar a bhí sé sna hochtóidí. Tabharfaidh sé seo deis don rialtas dul i ngleic leis an mheathlú. Ach leis an fhírinne a rá, níl a fhios ag an rialtas céard ba chóir dó a dhéanamh. Má tá plean ciallmhar soiléir acu, níor chuala mise faoi.
CMA: De réir Permanent TSB tháinig titim de 12 faoin chéad faoi luach na dtithe sa tír seo ó thús 2007. Tá praghsanna fós ag titim. I do bharúil féin, cé chomh híseal is a thitfidh siad?
DMW: Déarfainn go leanfar den titim go dtí go mbeidh na praghsanna thíos ag 30 faoin chéad faoi bhun na mbuaicphraghsanna.
CMA: Chualamar na scéalta tubaisteacha ó na Stáit Aontaithe faoi Bear Stearns, Fannie Mae, Freddie Mac agus faoi bhainc eile nach iad. Deir na bainc Éireannacha nach raibh siad ag cur iasachtaí fophríomha ar fáil agus go bhfuil siad caipitlithe go maith. Dá bharr sin, deir siad nach bhfuil siad i mbaol. An dtiocfaidh na bainc Éireannacha slán ón ghéarchéim seo?
DMW: Ní thiocfaidh, ná baol air. Tá bainc na hÉireann scriosta. Ní hamháin go bhfuil siad ag insint bréag dúinne, ach tá siad ag insint bréag dóibh féin! Deir siad nach bhfuil iasachtaí fophríomha sa tír seo, ach tá. Cuir i gcás, Baile an Tíarailigh, An Ongár agus na bailte nua ar fad in iarthar Bhaile Átha Cliath a tógadh le dornán blianta anuas agus a díoladh ar phraghsanna móra. Ní fiú leath na bpraghsanna sin anois iad. Iasachtaí fophríomha atá i gceist anseo ach amháin go bhfuil siad faoi bhréagriocht – tá na bainc ag séanadh na fírinne loime. Cuireann sé seo eagla orm.
CMA: Tá thart ar 100,000 duine fostaithe i gcuideachtaí ilnáisiúnta in Éirinn. D’fhógair Hewlett Packard, a bhfuil 4,000 duine fostaithe acu sa tír seo, go bhfuil siad chun 24,000 duine a ligean chun bealaigh ar fud an domhain. An mbeidh an tír seo in ann na cuideachtaí móra seo a choinneáil agus an mbeidh muid in ann infheistíocht choigríche a mhealladh amach anseo?
DMW: Níl mé chomh buartha sin faoi na cuideachtaí ilnáisiúnta faoi láthair. Is é an geilleagar baile is mó a chuireann imní orm anois. Ní thagann gach duine leis an tuairim sin, táim cinnte, ach sílim féin go bhfuil na cuideachtaí móra sásta go leor sa tír seo. Is cinnte go bhfuil sé ag éirí costasach dóibh a bheith lonnaithe anseo ach déanann siad brabús mór in Éirinn.
CMA: An ndéanann siad an brabús seo i ngeall ar an cháin íseal?
DMW: Ní hí an cháin amháin is cúis leis. Tá oibrithe na tíre seo an-táirgiúil ar fad. Sea, baineann na cuideachtaí ilnáisiúnta an-tairbhe as a bheith lonnaithe in Éirinn. Seans maith go ndéanann siad níos mó airgid anseo ná in aon áit eile.
CMA: Ach cloisimid an méid sin faoi iomaíochas agus faoi chostais?
DMW: Tá siad sin ann go cinnte ach is mar seo a chuirfinn fadhbanna na tíre in ord tábhachta: ar dtús, margadh na tithíochta, na bainc agus na fiacha; ansin, pá san earnáil phoiblí; ar deireadh, na cuideachtaí ilnáisiúnta. Ach ar ndóigh, tá na fadhbanna seo fite fuaite lena cheile. Cuir i gcás, de réir mar a théann praghsanna sa mhargadh tithíochta in airde, is amhlaidh is mó an méadú a thagann ar phá. Agus ar ndóigh, cuireann ardaithe pá isteach ar chúrsaí iomaíochais.
CMA: Thugamar cúram an ráta úis do Bhanc Lárnach na hEorpa. Dá mbeadh an ráta úis faoi chúram Bhanc Ceannais na hÉireann anois is dócha go n-ísleoidís an ráta le hinfheistíocht agus caiteachas a spreagadh. An gcuirfidh an meathlú brú ar Éire cúl a thabhairt don euro?
DMW: Is dóigh liom gur chóir i gcónaí smaoineamh ar gach rogha nó, ar a laghad, gur chóir gach rogha a scrúdú go hintleachtúil. Is iomaí géarchéim a bhris an eagna thraidisiúnta agus a d’athraigh dearcadh na saineolaithe. Sílim go gcuirfear brú ar an euro sa tír seo agus go mbeidh sé ina chnámh spairne i measc an lucht pholaitiúil. Ní dóigh liom go dtabharfaimid cúl dó, ach is cinnte go gcaithfear amhras air le linn na gcúig bliana atá amach romhainn.
CMA: Tá an chomhpháirtíocht shóisialta i mbéal an phobail le tamall anuas. An bhfuil an chomhpháirtíocht seo ríthábhachtach in athshlánú na heacnamaíochta nó an gcuirfidh sí bac ar an athshlánú?
DMW: Níl sa chomhpháirtíocht ach mealltóireacht. Leis an fhírinne a rá, is cuma ann nó as í. An rud a chuireann isteach ormsa faoin scéal seo ar fad ná nach ndéantar anailís ar bith ar an chomhpháirtíocht shóisialta. Níl inti ach cur i gcéill. Tá na ceardchumainn ag feidhmiú ar son 600,000 oibrí agus ina measc siúd tá 400,000 oibrí poiblí. Fágann sé sin 1.4 milliún oibrí ar lár – níl aon ghuth acu sa phróiseas. Cur i gcéill ceart atá ann.
CMA: Faoi láthair tá oifigigh sa Roinn Airgeadais ag déanamh grinnanailíse ar na figiúirí a bhaineann le cáin agus le caiteachas poiblí. Dá mbeifeá le comhairle a chur orthu, céard a mholfá dóibh?
DMW: Is cinnte gur chóir dóibh gearradh siar ar chaiteachas an rialtais. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh brú a chur ar an Bhanc Ceannais leachtacht a chur ar fáil do na bainc. Ba chóir dóibh cumasc nó dhó idir na bainc a bhrú orthu ionas go mbeidh na bainc níos láidre agus iad ag dul i ngleic leis na fadhbanna atá le sárú acu. Ach thar aon rud eile, mholfainn don rialtas gur chóir dóibh a fhógairt go soiléir go ndéanfaidh siad gach rud atá ar a gcumas acu lena chinntiú go mbeidh an cháil ar an tír seo arís mar thír atá láidir ó thaobh easpórtála de. Agus caithfidh siad cur ina luí ar dhaoine nach bhfuil ciall ar bith leis an smaoineamh gur féidir rath agus rachmas a bhaint amach trí fhiacha.Is innealtóir é Ciarán Mac Aonghusa a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Is tráchtaire agus láithreoir é le Raidió na Life. Is as Tír Chonaill ó dhúchas é.