AR NA SAOLTA SEO
Plean fá choinne Chonradh Liospóin
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag caint le daoine go leor sa Bhruiséil ar na mallaibh. Is cosúil go bhfuil brú mór ar an Taoiseach, Brian Cowen, plean cuimsitheach i dtaobh Chonradh Liospóin a chur os comhair an chéad chruinnithe eile den Chomhairle Eorpach. Ní hé amháin go bhfuil todhchaí an chonartha i gceist, ach tá todhchaí an Taoisigh féin i gceist, dar leis.

Íomhá
Eoin Ryan, FPE
Íomhá
Colm Burke, FPE
Íomhá
Hans-Gert Pöttering, FPE
Íomhá
An Dr. Catherine Day, Ard-Rúnaí

Níl aon amhras ach go bhfuil an-bhrú ar an Taoiseach, Brian Cowen, plean cuimsitheach i dtaobh Chonradh Liospóin a chur os comhair an chéad chruinnithe eile den Chomhairle Eorpach. Tionólfar an cruinniú sin i lár na míosa seo i bPáras na Fraince. Ní ghlacfaidh ceannairí na hEorpa le míniú ar an diúltú i mí an Mheithimh; beidh siad ag súil go leagfaidh an Taoiseach plean iomlán amach agus go gcuirfidh sé in iúl dóibh céard iad na chéad chéimeanna eile agus cén uair a chuirfear i gcrích iad. Ní hamháin go bhfuil todhchaí an chonartha i gceist, ach tá todhchaí an Taoisigh féin i gceist.

An Bhruiséil

Roinnt seachtainí ó shin, thug mé cuairt ar an Bhruiséil chun an scéal seo a phlé le hoifigigh an Choimisiúin agus le feisirí na Parlaiminte Eorpaí. Thug siad léargas dom ar an dearcadh atá ann i leith na tíre seo agus ar an tsáinn ina bhfuil an Taoiseach, Brian Cowen.

Dúirt an dream a bhí in aghaidh Chonradh Liospóin nach gcuirfeadh sé isteach ar an tír seo a bheag nó a mhór dá ndiúltófaí dó. Tá sé soiléir anois nach raibh an ceart acu siúd. I saol na polaitíochta Eorpaí, is tábhachtaí ar fad an taidhleoireacht shnasta ná an neart vótála. Dúirt Eoin Ryan, Feisire Eorpach gur “cinnte go bhfuilimid thíos leis...feicim féin é, chuile lá”. Ina chuid oibre, bíonn an feisire Ryan ag plé le cuideachtaí ilnáisiúnta atá “neamhchinnte go bhfanfaidh Éire i gcroílár an Aontais Eorpaigh”. Tá an Feisire Colm Burke ag teacht leis. Nuair a bhíonn sé “i gcruinnithe de chuid na Náisiún Aontaithe, luaitear an ‘Níl’ Éireannach arís agus arís eile”. Luaigh roinnt oifigeach Éireannach go mbíonn sé níos deacra anois ag Éirinn dul i gcomhar le tíortha eile. Mhínigh siad gur lú an dea-thoil atá ag na baill eile dúinn de bharr an diúltaithe.

Géarchéimeanna agus Liospóin

Má cheap daoine áirithe go ligfí Liospóin i ndearmad de bharr na géarchéime airgeadais, bhí dul amú orthu. Dúirt oifigeach sinsearach Éireannach gur léirigh an ghéarchéim gheilleagair – agus an t-ionsaí a rinne an Rúis ar an tSeoirsia – go bhfuil géarghá le ceannaireacht láidir san Aontas. Dar leis, d’éirigh le hUachtarán na Fraince, Nicolas Sarkozy, atá ina Uachtarán ar an Aontas, brú a chur ar na Rúisigh tarraingt siar, agus d’éirigh leis fosta cur ina luí ar bhaill an AE go raibh sé ríthábhachtach labhairt d’aon ghuth faoin ghéarchéim airgeadais. Ní raibh sé éasca aige, ach d’éirigh leis i ngeall ar a láidre is atá an Fhrainc san Aontas agus i ngeall ar a dhaingne is atá Sarkozy i dtaobh na rudaí seo. Ach ní dócha go n-éireodh chomh maith le huachtarán de chuid na dtíortha beaga, a dúirt an t-oifigeach, go háirithe i gcoinne na Rúise. Dar leis, tugann Liospóin an uirlis sin dúinn – uachtaránacht láidir, leanúnach.

Thacaigh Hans-Gert Pöttering, Uachtarán na Parlaiminte, leis an dearcadh seo i mbeagán focal “tá sé mícheart a rá gur baineadh Liospóin den chlár oibre de bharr na ngéarchéimeanna is déanaí; a mhalairt atá fíor, léirigh siad go bhfuil Liospóin riachtanach ar fad”.

An feachtas

Le linn an fheachtais, mhaígh dreamanna a bhí i gcoinne an chonartha go bhféadfaí athruithe bunúsacha a dhéanamh air. Ní raibh le déanamh, dar leo, ach iarradh ar na ballstáit eile cainteanna nua a thosú. Níl an pictiúr seo le feiceáil sa Bhrúiséil, áfach. Dúirt an feisire Spáinneach, Inigo Mendez de Vigo gur “thosaigh an próiseas athchóirithe seo roimh shíniú Chonradh Amsterdam”. Rud nach dtuigtear go forleathan, ná, gach uair a bhí conradh nua idir chamáín ag na ballstáit, cuireadh na hathleasuithe ar na hinstitiúidí ar ceal agus níor socraíodh ach na ceisteanna práinneacha gearrthéarmacha ionas go bhféadfaí an chéad chéim eile a tabhairt. Sa deireadh, bhí na hinstitiúidí ar an dé deiridh agus iad neamhoiriúnach don aois úr seo. Tar éis cainteanna fada casta, tháinig na ballstáit ar chomhréiteach agus shínigh siad Conradh Liopóin.

Tugtar Ard-Rúnaí ar an oifigeach is airde sa Choimisiúin. Bíonn an té sin i gceannas ar státséirbhís an choimisiúin. Tá Catherine Day, Éireannach, ina hArd-Rúnaí faoi láthair. Oibríonn sí go dlúth leis an Uachtarán Barosso. Ní dóigh léi go bhféadfaí an scéal ar fad a oscailt ina iomláine. “Níl aon fhonn ar dhaoine” a dúirt sí “tosú in athuair”. Tá an iomarca ama caite ar seo cheana féin. “Níl aon fhuinneamh polaitiúil fágtha don cheist seo, tá daoine traochta ar fad leis”.

Labhair mé le hoifigigh sa Choimisiúin, le Feisirí Parlaiminte, agus le hionadaithe an rialtais. Níor dhúirt aon duine acu nach bhféadfaí athrú a dhéanamh ar Liospóin le go mbeadh gach tír in ann Coimisinéir a choinneál go buan. Mar sin, is cinnte go mbeidh an Taoiseach ag iarradh ar na ballstáit géilleadh ar an cheist seo.

Pobalmheas

An mhí seo caite d’fhoilsigh an Irish Times pobalmheas a léirigh go vótálfadh tromlach beag i bhfabhar Liopóin dá mbeadh coimisinéir buan againn agus dá ndéanfaí soiléiriú ar na ceisteanna a bhaineann le ginmhilleadh, le cúrsaí cosanta, agus le cúrsaí cánach. Is cinnte gur thug an scéal sin dóchas don rialtas. Tá seans anois ann go dtuigeann pobal na hÉireann nach féidir an conradh a athleasú agus go bhfuil baol ann go sleamhnódh an tír seo chuig imeall an Aontais.

Ach os a choinnne sin tá breac sa bhainne, mar atá, an eacnamaíocht. Ní hamháin go bhfuil geilleagar na hÉireann á tharraingt go tóin poill ag fórsaí móra domhanda, ach is cosúil go bhfuil mórlochtanna ar bhonnstrúchtúr an gheilleagair intíre. Thit margadh na foirgníochta as a chéile mar a bheadh crith talún ann. Thit an tóin as an airgeadas poiblí mar a bhainfeá smeach. Bhí ar an rialtas cáinaisnéis chrua a dhéanamh, agus níl an pobal buíoch díobh. Mura bhfuil an rialtas bacach, is cinnte go bhfuil siad gonta. Tá sé geallta go n-íocfaidh siad go daor as an cháinaisnéis nuair a chaithfidh pobal na tíre vóta sna toghcháin áitiúla i lár na bliana seo chugainn. Beidh an rialtas níos laige fós faoi dheireadh na bliana 2009 mar sin. Ceaptar gur faoin am sin a tharlóidh an dara reifreann..

Cibé plean a nochtfaidh Cowen don Chomhairle Eorpach, beidh súil aige, ní hamháin go mbeidh ceannairí na hEorpa sásta leis, ach go mbeidh muintir na tíre seo sásta leis freisin. Tuigeann sé go maith nach dtiocfadh sé féin slán mar Thaoiseach dá gcaillfeadh sé an dara reifreann ar thodhchaí na hÉireann san Eoraip.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.