117
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá Ellen van Vossen agus Oliver Wagemann as an Ollainn an-tógtha le hÉirinn agus, mar sin, chinn siad ar mhí a chaitheamh ag rothaíocht timpeall iarthuaisceart agus thuaisceart na tíre sa samhradh i mbliana. Sa dara cuid dá n-alt, tá cur síos acu ar chuid de na heachtraí a bhain dóibh i nDún na nGall, sna sé chontae agus i mBaile Átha Cliath.
»»»Tá dhá leagan den lánúnas imithe chun caingne i gCúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Míníonn Brian Ó Broin go gciallaíonn an easpa aitheantais d’aicme amháin go ndéantar leithcheal, go bunúsach, ar an bpobal aerach.
»»»Is breá le Pat Butler saothar an scannánóra Ang Lee agus ní haon eisceacht an scannán is déanaí uaidh.
»»»Áirítear Nuala Ní Dhomhnaill ar dhuine de na filí is tábhachtaí sa Ghaeilge agus tá meas uirthi go hidirnáisiúnta anois. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoina saol in Éirinn agus sa Tuirc, faoina saothar agus faoin ghalar dubhach.
»»»Tá an tsíocháin i réim sna Sé Chontae ach tá bagairt na n-easaontóirí fós an-láidir, a deir Robert McMillen.
»»»Thug Ríona Nic Congáil cuairt ar thaispeántas i gcuimhne ar Eilís Ní Mhaolagáin, conraitheoir, drámadóir agus iriseoir as Tír Eoghain, atá curtha ar bun ag an Leabharlann Náisiúnta.
»»»Tá Neasa Ní Chinnéide ar shos gairme faoi láthair óna post mar Cheannasaí Rannóg na gClár Gaeilge in RTÉ. Níl sí díomhaoin, áfach, mar a fuair Ailín Ní Chonchúir amach nuair a thug sí cuairt uirthi le déanaí.
»»»Beidh na hÉireannaigh i Learpholl an-sásta go deo, dar le Tony Birtill, má cheaptar duine dá gcuid féin mar chomharba ar Mick McCarthy mar bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann. Measann sé nach mbeidh Éamonn Dunphy chomh sásta céanna, áfach.
»»»Is gar i ngaol dúinn gnéithe go leor de bhéascna agus de shean-nósanna na Breataine Bige mar a fuair Diarmuid Johnson amach ar a chamrian trí sheanreilig i gCymru agus ar bhruach abhainn Teifi.
»»»Cailleadh Mick Holden, sárimreoir iomána agus peile a d’imir ar fhoirne Bhaile Átha Cliath sna seachtóidí agus na hochtóidí, ar an 26 Meán Fómhair. Cailliúint ollmhór is ea a bhás, ní hamháin dá mhuintir, ach do CLG i gcoitinne, dar le Colm Mac Sealaigh.
»»»Dar le Donncha Ó hÉallaithe insíodh scéal na dtrioblóidí i dTuaisceart Éireann, le dhá scór bliain anuas, sa chlár faisnéise faoi Bhernadette Mac Aliskey (Devlin), a craoladh ar TG4 le gairid ach deir sé go bhféadfadh a dearcadh ar an bpróiséas síochána daoine óga a mhealladh i dtreo na cogaíochta arís.
»»»Den chéad uair riamh, mhol an SDLP agus Sinn Féin i mbliana do náisiúnaithe an tuaiscirt na foirmeacha daonáirimh a líonadh. Dá bharr seo, ní bheidh an míchruinneas céanna ag baint leis na torthaí is a bhí go dtí seo. Tuairisc ó Robert McMillen.
»»»Tá Robert McMillen den tuairim gur mór idir mórshiúl spraoi agus siamsa i dtír ínteacht eile agus an mórshiúl abhus thrí cheantar nach bhfuil fáilte roimhe ann. Agus do bharúil, chomh maith le sin, cén aois an domhan?
»»»Tá an DUP ag úsáid leithscéal na coiriúlachta chun nach gá dóibh suí síos i Stormont le Sinn Féin agus, dar le Robert McMillen, tá na meáin chumarsáide ó thuaidh agus ó dheas ag foilsiú scéalta atá ag cuidiú leis an pháirtí aontachtach leanstan orthu leis an mhoilleadóireacht.
»»»Measann Colm Mac Séalaigh nach bhfuil an toil i gCumann Lúthchleas Gael le déileáil le foréigean agus drochiompar ar an bpáirc imeartha.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.