THALL IS ABHUS/AN ÁIT IS ANSA LIOM
Ag imeacht ar rothaí
Ellen van Vossen, Ellen van Vossen, Oliver Wagemann Oliver Wagemann

Tá Ellen van Vossen agus Oliver Wagemann as an Ollainn an-tógtha le hÉirinn agus, mar sin, chinn siad ar mhí a chaitheamh ag rothaíocht timpeall iarthuaisceart agus thuaisceart na tíre sa samhradh i mbliana. Sa dara cuid dá n-alt, tá cur síos acu ar chuid de na heachtraí a bhain dóibh i nDún na nGall, sna sé chontae agus i mBaile Átha Cliath.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Crois in aice leis an eaglais i nGleann Cholm Cille
Íomhá
Gleann Geis
Íomhá
Cathair Dhoire

An chéad chuid an ailt

Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch, muid i ndiaidh Baile Dhún na nGall a fhágáil inár ndiaidh agus muid ag triall cois cósta ar an Bhroclais. Nuair a bhain muid an áit sin amach, lig muid ár scíth ag ionad campála ciúin feirme. In aice le príomhphort iascaireachta na hÉireann, na Cealla Beaga, tharla rud aisteach. Scaoil ceann de chuid painnéirí cúil rothar Ellen, baineadh dá cothrom í agus thit sí ar an bhóthar.

Bhí brú tráchta ann ar an toirt. Stop tiománaithe cabhracha, ach de bharr nach n-oibreodh gutháin phóca, bhí ar dhuine éigin an láthair a fhágáil le glaoch ar otharcharr. Cúpla bomaite ina dhiaidh sin, tháinig otharcharr an treo ach d’imigh sé thar bráid gan stopadh ("otharcharr tipiciúil Éireannach”, mar a thug duine a bhí ina sheasamh ansin air). Ar an dea-uair, d’fhill sé agus thug sé chuig dochtúir áitiúil muid a dúirt nach raibh ach scríobadh i gceist. Ní raibh muid ag caitheamh clogad agus dá bharr sin d’fhéadfadh cúrsaí a bheith ní ba mheasa. In ainneoin na heachtra sin, bhain muid Gleann Cholm Cille amach an tráthnóna céanna.

Ní fhéadfá áit níos fearr a fháil ná sráidbhaile beag Chaisil, a bhraitheann mar an áit dheireanach ar domhan, le cur fút agus tú ag tabhairt cuairte ar Shliabh Liag mhaorga. Bhí radharc álainn againn ó dheas ar na haillte is airde san Eoraip. Ní raibh mórán báistí feicthe againn go dtí sin ach chuir sé gan stop ar feadh dhá lá agus muid sa cheantar, mar sin d’fhan muid níos faide ná mar a bhí pleanáilte againn le Mary Mhire sa bhrú áitiúil.

Níor thuig sí cén fáth ar theastaigh uainn dul ag campáil i ndrochaimsir mar seo. “Beidh sibh préachta,” a dúirt sí linn.

Gan mhoill tar éis dúinn bualadh le heagarthóir na hirise seo i bhForas Cultúir Uladh (agus cuireadh a fháil uaidh an t-alt seo a scríobh), ghlan an aimsir, d’fhág muid Gleann agus thug ár n-aghaidh ar Ghleann Geis. Thug turasóirí Francacha bualadh bos dúinn nuair a bhain muid an barr amach.

Is é Dún na nGall an ceathrú contae is mó in Éirinn agus tá sé ar cheann de na cinn is deise. Ar cheann de na laethanta rothaíochta is mó a raibh éagsúlacht ag baint leis, chuaigh muid ó na Rosa, thart leis an Earagail agus le Gleann Nimhe, trí Shléibhte Dhoire Bheatha, agus i dtreo na gcnoc glas atá siar ó Leitir Ceanainn. Gan amhras, stop muid i dTábhairne Leo ar ár mbealach. Ar an drochuair, ní raibh athair Enya agus Chlannad ansin le hamhrán a chanadh dúinn.

Dúshlán

Dúshlán an-mhór atá i gceist do bhealach a dhéanamh go leithinis Inis Eoghain. Bíonn an bóthar cois cósta gnóthach go maith ach de réir mar a théann tú ó thuaidh éiríonn rudaí níos ciúine. Chinn muid ar luí i leaba cheart i mBrú Chionn Mhálanna (atá beag ach a bhfuil daoine cairdiúla ann), de bharr na báistí agus mar gheall ar nach raibh ionad campála in aice láimhe. Bhain muid Cionn Mhálanna féin amach ansin agus bhí radharc álainn againn ar an fharraige agus ar Albain a bhí le feiceáil ag bun na spéire.

Bhí seachtain rothaíochta fágtha againn, mar sin chinn muid ar níos faide a chaitheamh i dTuaisceart Éireann ná mar a bhí beartaithe againn. Chuaigh muid trasna na teorann ag áit a raibh comhartha ar a raibh na focail “Visitors - please check that your motor vehicle insurance is valid for Northern Ireland” scríofa - is dócha gur sin an dóigh atá acu sa taobh sin tíre le “Fáilte” a rá.

Tá lár chathair Dhoire breá bríomhar agus tá codarsnacht mhór idir é agus ceantar Caitliceach an Bhogaigh, lena mhúrmhaisiúcháin shuntasacha agus a leacht cuimhneacháin don cheithre dhuine dhéag a maraíodh ar an 30 Eanáir 1972 - Domhnach na Fola mar a thugtar air anois.

Bhraith muid imeagla agus muid ag rothaíocht soir trasna na tuaithe. Bhí fiú na sráidbhailte is lú maisithe le bratacha Briotanacha agus dílseacha, mar aon le múrmhaisiúcháin. Thuig muid ag an phointe sin cuid cainte an Chaitlicigh ón tuaisceart a casadh orainn i Sligeach a dúirt linn: “Ní bhíonn deireadh riamh le séasúr na máirseála”. Bhraith sé aisteach a bheith i do thurasóir i dtimpeallacht mar seo.

Thug muid cuairt ar Dhrioglann Old Bushmills gona uisce beatha blasta agus ar Chlochán an Aifir, áit a chuaigh i bhfeidhm orainn. Bhí sé deacair mórán pléisiúir a bhaint as áilleacht Ghlinnte Aontroma de bharr go raibh oiread báistí agus ceo ann. Cé go raibh áthas orainn Latharna a bhaint amach, dúirt an leabhar taistil a bhí againn gur “áit ghruama agus ghránna” a bhí ann. Arís, cuireadh fáilte romhainn, áfach. Ba é Béal Feirste an áit dheireanach ar thug muid cuairt uirthi sa Tuaisceart. Go deas ón taobh amuigh, lán trioblóide ar an taobh istigh.

Thug an traein is compordaí ar an oileán go Baile Átha Cliath muid, áit ar lig muid ár scíth ar feadh dhá lá. Sula raibh deis againn sult a bhaint as an chathair, áfach, chaith roinnt ógánach clocha orainn agus muid ag rothaíocht thart le láithreán staid de chuid na dTaistealaithe. Rinne na Gardaí a ndícheall cuidiú linn agus chuir siad an-sonrú sa mhéid rothaíochta a bhí déanta againn. “650 míle i gceithre seachtaine. Is mór an méid é sin i gcarr, fiú!”

Agus muid ag fágáil Bhaile Átha Cliath ar an 3 Lúnasa, ní raibh muid féin chomh bródúil céanna as 1,110 ciliméadar a bhí muid tar éis a thaisteal ar ár rothair thar ceithre seachtaine, thart ar fhráma an phictiúir sin ar a dtugtar Éire. Chuaigh na rudaí seo i bhfeidhm níos mó orainn: an tírdhreach thar a bheith éagsúil; an aimsir atá níos éagsúla arís; na daoine ó thuaidh agus ó dheas; an líon caorach atá sa tír; agus, thar aon rud eile, an dóigh a bhfuil Éire fós ina hOileán Iathghlas.

Tá cónaí ar Ellen van Vossen agus Oliver Wagemann in Amsterdam.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.