Beidh na hÉireannaigh i Learpholl an-sásta go deo, dar le Tony Birtill, má cheaptar duine dá gcuid féin mar chomharba ar Mick McCarthy mar bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann. Measann sé nach mbeidh Éamonn Dunphy chomh sásta céanna, áfach.
Tá beirt as Learpholl san iomaíocht don phost mar bhainisteoir ar fhoireann náisiunta sacair na hÉireann.
Iarionsaitheoir le Liverpool FC is ea John Aldridge agus bhí sé ar fhoireann na hÉireann a d’imir i gCorn an Domhain i 1990 agus arís i 1994. Ní dhéanfaidh duine ar bith dearmad ar an spiorad a bhí aige, a raibh an rírá a tharla ar an taobhlíne i Meiriceá nuair a bhí an réiteoir mall ag tabhairt ceada dó teacht ar an pháirc mar ionadaí mar léiriú maith air.
Dala a lán daoine eile as Learpholl, ba chúis bhróid dó gur de bhunadh Éireannach é agus bhí sé ag iarraidh a bheith ar fhoireann na hÉireann sula raibh clú agus cáil air mar imreoir ag Learpholl, rud nár thuig iriseoir ar an teilifís nuair a rinne sé agallamh le hAldridge i 1984 agus é le hOxford United. Tá blas láidir Learphoill ar chuid cainte Aldridge agus d’fhiafraigh an t-iriseoir de arís agus arís: “But why do you want to play for Ireland?”
Is minic a chonaic mé é ag imirt in Anfield nuair a bhí sé le Liverpool idir 1987 agus 1989 (Tá mé ábalta Anfield a fheiceáil agus mé á scríobh seo). Scóráil sé ina chéad chluiche ansin in aghaidh Southampton agus bhí sé go hiontach an chéad séasúr eile, 1987-88, nuair a fuair sé 26 cúl agus bhuaigh Liverpool an chraobh. Agus fuair Aldo 69 caipín le hÉirinn nuair a bhí sé in Anfield fosta.
Tharla tubaiste Hillsborough i 1989, a bhliain a d’fhág Aldridge Anfield. Bhí mé ag Wembley i 1989 nuair a fuair sé an chéad chúl sa bhua 3-2 in aghaidh Everton i gCluiche Ceannais Chorn an FA. Bhraith muid an-bhródúil nuair a thóg an captaen, Ronnie Whelan as Baile Átha Cliath, an corn san aer. Bhí sé féin ina bhainisteoir le Southend FC i ndiaidh dó Anfield a fhágáil i 1994 agus chaith sé seal i gceannas ar Panionios sa Ghréig agus Olympiakos Nicosia sa Chipir.
Tá dearcadh idirnáisiúnta de dhíth ar bhainisteoir foirne náisiúnta agus tá an taithí sin ag John Aldridge ón am a chaith sé le Real Sociedad na Spáinne ó 1989 go 1991, gan trácht ar na cluichí idirnáisiúnta a d’imir sé le hÉirinn.
Phill sé go Merseyside i 1991 le Tranmere Rovers, an tríú foireann sa cheantar seo, agus scóráil sé 40 cúl ina chéad séasúr leis an chlub. Go deimhin, tá níos mó cúl scóráilte aige ná imreoir ar bith sa Bhreatain - 474 in 882 cluiche.
D’éirigh John Aldridge as a phost mar bhainisteoir le Tranmere Rovers i mí an Mhárta i mbliana. Cé go bhfuil siad sa dara roinn anois, rinne siad go maith i gCorn an FA (bhain siad an cluiche ceathrú ceannais amach) agus i gCorn Worthington (cluiche ceannais) nuair a bhí Aldridge ina bhainisteoir.
Éirí Amach na Cásca
Tá na hÉireannaigh dlúth dá chéile anseo i Learpholl agus bíonn muid uilig bródúil nuair a bhíonn duine againn ag déanamh go maith. Is cuimhin liom nuair a bhí Peter Reid ag imirt i lár na páirce le hEverton sna 1980í go raibh a lán cainte i gclub sóisialta na nÉireannach faoina sheanathair a bheith ag troid in Éirí Amach na Cásca i 1916. Ní raibh trácht ar an scéal sna meáin chumarsáide, áfach, mar go raibh na Trioblóidí ann ag an am. I Muilte mhuintir Boland le hÉamon de Valera a bhí an tUasal Reid agus nuair a bhí teacht le chéile ag na seansaighdiúirí i mBaile Átha Cliath bhí grianghraf sa *Sunday Press *de Reid ina sheasamh in aice le Dev.
Labhair mé faoin scéal le Peter Reid i 1991 nuair a bhí comóradh cúig bliana is seachtó an Éirí Amach ann agus mé ag iarraidh alt a scríobh don Irish Post. Bhí Reid ina bhainistoir ar Manchester City ag an am agus bhí sé sásta labhairt liom. Ba chúis bhróid dó gníomhartha a sheanathar, ach d’admhaigh sé ní raibh a lán eolais aige faoin scéal. Sa deireadh, níor scríobh mé an scéal mar nach raibh mé ag iarraidh aird na dtablóidí Sasanacha a dhíriú air. Ach ní raibh iontas orm nuair a chuala mé é ag rá go raibh suim aige sa jab mar bhainisteoir na hÉireann. “A country which is close to my heart,” a dúirt sé leis an nuachtán áitiúil anseo.
Ar ndóigh, d’ainneoin an mhothúcháin sin, chinn sé ar shacar idirnáisiúnta a imirt le Sasana, agus bhí sé go hiontach i gCorn an Domhain i Meicsiceo i 1986.
Ach tá tionchar na hÉireann le feiceáil ag Sunderland, áit ar chaith sé seacht mbliana mar bhainisteoir. Seo an club is uaine sa Premiership agus, cé go bhfuil Niall Quinn éirithe as anois tar éis seacht mbliana ar Weirside, tá Kevin Kilbane, Jason McAteer, Thomas Butler agus Phil Babb ar an chéad fhoireann go fóill. Bhí súil Peter Reid i gcónaí ar an Eircom League ag cuartú tallainne eile mar seo agus tá cúig Éireannach déag eile ag Sunderland. I gcluiche idir Sunderland Reserves agus Brandon United sa Durham County Cup ar na mallaibh bhí seachtar Éireannach ar an fhoireann, ina measc imreoir idirnáisiúnta faoi 21 Clifford Byrne as Baile Átha Cliath, Michael Reddy as Cill Chainnigh, Richie Ryan as Tiobraid Árann agus Seán Thornton. Tá Baile Átha Cliathach eile, Niall Flynn, imreoir idirnáisiúnta faoi 17, ag déanamh go hiontach ar fhoireann sóisearach na “Black Cats”.
De bharr go bhfuil an méid sin Éireannach ag an Stadium of Light, ní ionadh ar bith go bhfuil clubanna lucht leanúna Sunderland i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste anois.
Ach cibé duine a gheobhaidh an jab mór, caithfidh sé a bheith ábalta cur suas le hÉamonn Dunphy agus leis na tablóidí in Éirinn, a bhíonn níos measa go minic anois ná a leithéid i Sasana. Is cuimhin liom Dunphy tar éis an bhua sin i Wembley i 1989 ag gearán ar an raidió faoi lucht leanúna Liverpool agus Everton, mar bhí muid ag déanamh fonóide agus faírí i rith “God Save the Queen” roimh an chluiche. Dúirt sé gur mhonarcaí agus Thatcherite é féin agus go raibh náire agus fearg air na Scousers a chloisteáil. Ní dóigh liom go cuirfeadh seisean fáilte roimh dhuine ar bith as mo chathair féin mar bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann.
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.