255
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Féachann Tom Deignan siar ar shaol Lawrence F. O’Brien, ball tábhachtach den Pháirtí Daonlathach, agus duine a raibh trácht air le gairid arís agus plé á dhéanamh in athuair ar scannal Watergate.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cúrsaí grá.
»»»Iar-phríomhoide meánscoile, duine de Chúigear Ros Dumhach agus fonnadóir agus ceoltóir é Mícheál Ó Seighin. Tháinig sé ar an saol i gContae Luimnigh ach tá a shaol oibre caite aige i gceann de sheoda áille rúnda na tíre seo, in iarthuaisceart Mhaigh Eo. Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach chuige le gnaithí na tíre a spíonadh in éineacht leis ina theach os cionn na farraige idir céibh na Rinne Ruaidhe agus Sruth Fada Con. Nocht Mícheál a thuairim ar an iliomad rudaí sa taobh tíre álainn sin, ina measc ar Pat ‘the Chief’ O Donnell atá anois ar an leaba chláir sa gCaisleán Riabhach, ar an mBord Pleanála, ar an iriseoir Paul Williams, an Betelgeuse a pléasc i gCuan Bheanntraí, ar Lloyds Marine, ar Acht Airgeadais 1992, Ray Burke agus Bobby Molloy agus ar airgead na Gaeltachta a bheith dá roinnt ar Bhéal an Mhuirthead.
»»»Tá albam nua de cheol uirlise,"Draíocht”, díreach eisithe ag beirt cheoltóirí óga, Micheál Ó Ruanaigh agus June Ní Chormaic. Bhuaigh June gradam TG4, Ceoltóir Óg na Bliana, i 1998 agus tá Micheál ar dhuine de na cláirseoirí is fearr in Éirinn. Labhair Antaine Ó Faracháin leis an lanúin óg seo, a bheas ag pósadh go luath, féachaint cén chaoi a dtéann saol an ghrá agus saol an cheoil le chéile.
»»»Is é tuairim Bhalor go mbeidh Caoimhín My Erse ag tairngreacht inimirce, bás agus díothú ar Ghaelaibh um Earrach na bliana. Fair amach!
»»»Tharla go bhfuil fiche bliain slánaithe ag Alex Hijmans i saol na Gaeilge, mheas sé go mbreathnódh sé siar ar a scéal mar dhuine ón taobh amuigh a tholg galar na Gaeilge.
»»»Tá Ciara Nic Gabhann faoi dhraíocht na hailtireachta agus na staire i ndiaidh di cuairt a thabhairt ar an chathair shíoraí, an Róimh.
»»»Ógánaigh amhulchacha dífhostaithe gríosaithe faoin teideal ‘Irish’ le daoine a mharú i sráidbhailte bochta na hIaráice agus na hAfganastáine? An mar sháirsint earcaíochta a rachaidh Banríon Shasana ar cuairt go hÉirinn a fhiafraíonn Tony Birtill?
»»»Sa tsraith seo, déanann daoine atá i mbéal an phobail cur síos ar an áit nó ar na háiteanna is fearr leo in Éirinn nó thar lear. An mhí seo: Breandán Delap, Eagarthóir an nuachtáin “Foinse”.
»»»Tá Des Bishop ar dhuine de na fuirseoirí is mó a bhfuil aithne air in Éirinn. Cuirfear tús le sraith nua teilifíse dar teideal “In the Name of the Fada” ar an 13 Márta ar RTÉ 1. Sa tsraith seo, tabharfar léargas ar thuras pearsanta an fhir grinn seo agus é ag dul i ngleic leis an nGaeilge. Bhuail Caoimhe Ní Laighin leis le gairid le labhairt leis faoi chúrsaí teanga agus faoi chúrsaí an tsaoil.
»»»Tá go leor fadhbanna ag crá an chórais polaitíochta ó thuaidh faoi láthair. Tá Robert McMillen den tuairim go gcaithfidh gach duine, idir ghnáthdhaoine agus lucht na polaitíochta, éirí aníos go measartha gasta má tá siad chun todhchaí níos fearr a chruthú dá bpáistí.
»»»Dar le hÁine Ní Ghallchóir, is deacair a mhíniú an tairbhe a bhaineann le turais oilithreachta, ach bhraith sí féin go hiomlán ar a suaimhneas le linn di a bheith ag siúl Camino de Santiago le gairid. An mhí seo, scríobhann sí faoin gcéad chuid dá turas agus leanfar den alt in eagrán [i]Beo![/i] mhí na Samhna.
»»»Is fearr an leathbhuilín ná a bheith gan arán ar fad. Dá strómhaire é saol iarthar domhain, dar le Ciarán Mac Aonghusa, ar a laghad ar bith is féidir labhairt amach go neamhfhaiteach is le feirg faoi.
»»»Is mór a d’athraigh na Sé Chontae le glúin anuas ach tá Robert McMillen den bharúil go gcaithfidh an cheist náisiúnta fanacht faoi shuan go fóilleach.
»»»Tá léamh ar leith ag Maidhc Ó Cathail ar chuairt Barack Obama ar sheanfhóda dúchais na beirte acu, thart ar Mhuine Gall.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.