Tá albam nua de cheol uirlise,"Draíocht”, díreach eisithe ag beirt cheoltóirí óga, Micheál Ó Ruanaigh agus June Ní Chormaic. Bhuaigh June gradam TG4, Ceoltóir Óg na Bliana, i 1998 agus tá Micheál ar dhuine de na cláirseoirí is fearr in Éirinn. Labhair Antaine Ó Faracháin leis an lanúin óg seo, a bheas ag pósadh go luath, féachaint cén chaoi a dtéann saol an ghrá agus saol an cheoil le chéile.
Antaine Ó Faracháin: A Mhichíl agus June, caithfidh mé comhghairdeachas a dhéanamh libh i dtosach faoin albam álainn seo atá déanta agaibh!
Micheál Ó Ruanaigh: Go raibh maith agat. Táimid sásta go leor leis.
AÓF: Agus, ar ndóigh, beidh sibh ag pósadh go luath freisin nach mbeidh? Comhghairdeachas faoi sin freisin, ar ndóigh! An bhfuil sibh réidh chuige? An chéad tionscadal mór eile dhaoibh, is dócha?
June Ní Chormaic: Is ea. Beidh muid ag pósadh ar an 9 Iúil, le cúnamh Dé.
AÓF: A Mhichíl, inis dúinn beagán faoin albam. Ar thóg sé i bhfad oraibh é a dhéanamh? An raibh sibh ag smaoineamh air i bhfad?
MÓR: Bhuel táimid ag casadh le chéile le ceithre bliana anuas agus beidh muid ag taisteal ar fud an domhain i mbliana, mar sin bhí sé tábhachtach dúinn ceirnín a bheith againn.
AÓF: Agus céard atá air go díreach?
MÓR: Píosaí traidisiúnta agus píosaí a chum mé féin.
AÓF: An raibh aon rud áirid ar theastaigh uaibh a dhéanamh nó a bhaint amach leis an albam? Cén chaoi ar phioc sibh na tiúin, mar shampla?
JNíC: Bhuel, tá dúil mhór againn i gceol Shligigh, mar shampla, agus mar sin de chas mise cúpla port le Michael Coleman agus le Josie McDermott as Ros Comáin air.
AÓF: Tá cuid mhaith den albam simplí go leor ó thaobh cóiriúcháin agus léiriúcháin de, nach bhfuil? An aontódh sibh liom ansin?
MÓR: D’aontódh cinnte. Bhí sé iontach tábhachtach dúinn nach dtarlódh sé sin. Tá grá mór againn don cheol traidisiúnta agus sin an méid. Tá giota beag giotáir agus den dordveidhil againn ar chúpla píosa ach sin é.
AÓF: Ar chinn sibh d’aon ghnó rudaí a choinneáil simplí, nó macánta b’fhéidir, gan an iomarca maisiú bréagach a dhéanamh ar an gceol?
MÓR: Toisc nach bhfuil ann ach an bheirt againn bhí sé deacair an iomarca a dhéanamh. Bhí sé tábhachtach dúinn an fhuaim chéanna agus an bheocht chéanna a bheith againn is a bhíonn againn agus muid ag casadh beo.
AÓF: Tá meascán de sheancheol traidisiúnta agus ceol nua-chumtha sa stíl ar an albam. Inis dom faoi sin, a Mhichíl.
MÓR: Bhuel, tá dúil mhór agam sa seancheol traidisiúnta, mar a dúirt mé, ach ag an am céanna is aoibhinn liom ceol a chumadh, go háirithe foinn mhalla. Ar an gceirnín seo, tá fonn mall, cúpla port luascaigh agus minuet déanta agam.
AÓF: An bhfaigheann tú deacair é píosaí a chumadh, nó cén chaoi a gcuireann tú chuige?
MÓR: Ceapaim go bhfuil sé iontach deacair píosaí a chumadh. Ní thagann an
inspioráid rómhinic. Caithfidh tú brú a chur ort féin chun rud a chumadh. Agus ní bhím iomlán sásta leis na píosaí an chuid is mó den am.
AÓF: Rud eile a thaitníonn liom faoin gceol atá ar an albam, ná an luas. Níl sibh ag rith is ag rásaíocht leis, cé go bhfuil sé breá bríomhar mar sin féin.
JNíC: Is fuath liom nuair nach mbíonn ceoltóirí in ann an rithim cheart a mhothú mar gheall ar an luas.
AÓF: Tá cúpla píosa le Josie Mc Dermott air. An raibh tionchar ar leith ag an bhfliúiteadóir sin ort, a June?
JNíC: Nuair a bhí mé óg ba ghnách liom éisteacht le ceoltóirí mar Peter Horan agus Fred Finn ag casadh cuid ceoil Josie. Ceapaim gur píosaí iontacha iad agus tá sé éasca go leor iad a chasadh ar an bhfeadóg mhór.
AÓF: Agus an chláirseach, a Mhichíl, an bhfuil borradh faoin spéis san uirlis cheoil sin le blianta beaga anuas, an gceapann tú? Tá go leor cláirseoirí maithe ag teacht chun cinn anois, nach bhfuil? Cén fath?
MÓR: Sna hochtóidí rinne Janet Harbison agus Máire Ní Chathasaigh a lán múinteoireachta agus bhí sé sin ina chuidiú mór. Sin an fáth go díreach.
AÓF: Seineann sibh beirt uirlisí ceoil eile chomh maith, nach seinneann?
MÓR: Seinnimse an consairtín chomh maith agus seinneann June an phíb.
AÓF: Cé hiad na ceoltóirí eile a dtaitníonn sé libh a bheith ag éisteacht leo?
JNíC: Taitníonn ceoltóirí mar Mhicheál Ó Raghallaigh, Liz Kane, Matt Molloy agus Ciaran Hanrahan go mór linn.
AÓF: Rinne sibh go leor taistil in 2000, nach ndearna? Inis dom beagán faoi sin.
JNíC: Chuamar go dtí na Stáit Aontaithe, An Astráil agus an Nua-Shéalainn.
AÓF: Tá i gceist agaibh tuilleadh a dhéanamh go luath nach bhfuil? Cad atá beartaithe agaibh?
JNíC: Táimid ag filleadh ar ais go dtí na tíortha sin ar feadh bliana.
AÓF: Cineál “mí na meala” fhada cheolmhar, ab ea?
JNíC: Sin é go díreach.
AÓF: Caithfidh sé go dtaitníonn an taisteal libh mar sin, an dtaitníonn?
MÓR: Is aoibhinn linn a bheith ag taisteal agus ag déanamh teagmhála le daoine. Tá a lán cairde againn sa Nua-Shéalainn ach go háirithe.
AÓF: An éiríonn sibh cantalach riamh agus sibh ar an mbóthar?
MÓR: Uaireanta, go háirithe sa samhradh nuair a bhíonn an iománaíocht agus an pheil ar siúl! Tá dúil mhór agam féin sa pheil.
AÓF: Bhuel nuair a fhillfidh sibh ar ais ón turas seo atá beartaithe agaibh, cá mbeidh sibh ag socrú síos?
JNíC: Níl muid cinnte. Is dócha i Sligeach nó i mBaile Átha Cliath.
AÓF: Inis dom faoin gcaoi ar bhuail sibh lena chéile.
MÓR: Bhíomar ag casadh sa ghrúpa céanna, Dúchas, ar feadh cúpla bliain agus d’éiríomar cairdiúil lena chéile.Táimid i gcaidreamh le chéile le sé bliana anois.
AÓF: Níor ghrá ar an bpointe a bhí ann mar sin?
JNíC: Bhíomar cairdiúil ar dtús agus tháinig an grá ina dhiaidh sin!
AÓF: Bíonn an bheirt agaibh ag múineadh ceoil ag cuid mhaith de na scoileanna samhraidh. Cén chaoi a dtaitníonn sé sin libh?
MÓR: Ar dtús bhí an chraic go hiontach ach d’éirigh muid bréan de mar is múinteoirí scoile lánaimseartha muid.
AÓF: An bhfuil sé deacair ceol a mhúineadh?
JNíC: Bíonn sé deacair muna mbíonn an caighdeán céanna ag na daoine sa rang ach ní tharlaíonn sé sin mórán.
AÓF: Agus cén saghas comhairle a chuireann sibh ar na foghlaimeoirí?
MÓR: Gan a bheith ag iarraidh píosaí nua a fhoghlaim an t-am ar fad, go dtí go mbíonn tú in ann na píosaí atá agat roimhe sin a chasadh i gceart ó thús deireadh.
AÓF: Dá n-iarrfainn ar an mbeirt agaibh, duine amháin a phiocadh amach, thar aon duine eile, a raibh tionchar ollmhór aige/aici oraibh ó thaobh an cheoil de, cén duine a luafadh sibh? Agus cén fath?
MÓR: Micheál Ó Raghallaigh, mar gheall ar an rithim atá aige agus an ornáidíocht a mbaineann sé úsáid aisti.
JNíC: Matt Molloy - ar na fáthanna céanna.
AÓF: Bhuel, go raibh maith agaibh as ucht labhairt liom. Tréaslaím libh arís an t-albam seo agus guím gach sonas agus rath oraibh in bhur saol grá chomh maith!
MÓR agus JNíC: Go raibh míle maith agat, a Antaine.
Tá tuilleadh eolais le fáil faoin albam agus faoi June Ní Chormaic agus Micheál Ó Ruanaigh ag: www.draiochtmusic.com
Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.