Ógánaigh amhulchacha dífhostaithe gríosaithe faoin teideal ‘Irish’ le daoine a mharú i sráidbhailte bochta na hIaráice agus na hAfganastáine? An mar sháirsint earcaíochta a rachaidh Banríon Shasana ar cuairt go hÉirinn a fhiafraíonn Tony Birtill?
Cuireadh Christopher Davies, 22, ball den Irish Guards, i St Helens, Merseyside ar 10ú Nollaig. Ba é an 100ú ball d’Arm Shasana a maraíodh san Afganastáin i mbliana, agus uimhir 345 ó thosaigh siad ag troid sa tír sin, arís, i 2001. Thiocfadh liom “d’inis mé sin daoibh” a rá mar scríobh mé faoi na caismirtí a bhí ag Arm Shasana san Afganastáin idir 1839 agus 1881 i mBeo i bhfad siar sa bhliain 2001 (sa nasc ar dheis).
Theip orthu, gach feachtas i ndiaidh a chéile, agus nuair a d’fhág arm Shasana an tír dúirt an ceannaire, an Ginearál Sir Frederick Roberts leis an Phríomh-Aire Gladstone: “Dá laghad a fheicfeas fear na hAfganastáine sinn, is ea is lú a mhíshásamh linn.”
“Tá súil agam nach bhfuil dearmad déanta ag an Phriomh-Aire Tony Blair agus ag a chomhghuaillí George Bush ar an teachtaireacht sin,” a dúirt mé féin ag deireadh an ailt, ach is léir go raibh, agus cuireann sé díomá orm go bhfuil Barack Obama agus David Cameron ag leanúint den dúnghaois mhícheart chéanna.
Seisear Irish Guardsmen eile a d’iompar cónra Christopher Davies ag teach pobail St Mary’s, áit a raibh sé ina chléireach nuair a bhí sé óg. Bhí a dheartháir, Irish Guardsman John Davies, i láthair fosta. Bhí siad ar dualgas le chéile i Helmand nuair a maraíodh Christopher.
Fodar an Ghunna
Tá traidisiún láidir anseo ar Merseyside le stócaigh ag dul isteach sna Irish Guards. Sa bhliain 2000, an 100ú bliain ó bunaíodh an reisimint, dheonaigh Learpholl ‘Saoirse na Cathrach’ dóibh, le mórshiúl trí lár na cathrach, rud a chuir díomá orm mar bhí a fhios agam go meallfadh sé níos mó ‘fodar gunna’ dóibh. Tá a fhios ag Rialtas Shasana go bhfuil a lán daoine de bhunadh Éireannach ar Mersyside agus go bhfuil a lán dífhostaíochta anseo fosta agus tá siad breá sásta iad a earcú sna Irish Guards, áit a mbeidh siad ‘i measc cairde’, de réir na bolscaireachta.
Agus beidh eachtra acu fosta, in áiteanna éagsúla, i bhfad ó bhailte lácha. Ní luann siad ‘bás’ ar ndóigh, agus do bhuachaillí le taithí ar an chluiche chogaidh ’Call of Duty’ is cuma leo faoi sin.
Ar an drochuair, creideann buachaillí in Éirinn an bholscairacht seo fosta, cuir i gcás Leascheannaire Ian Malone, as Baile Fermot, Baile Atha Cliath, a fuair bás i mBasra san Iaráic i 2003 ag aois 23 bliana.
Agus leis an chúlú airgeadais in Éirinn faoi láthair, le lánchosc ar earcú d’Arm na hÉireann, cloisim go bhfuil ardú mór ar líon na n-earcach ag dul le harm Shasana: 35 i 2005/06, 40 i 2007/08, 50 i 2008/09 agus 85 i 2009/10. "In every economic downturn in the history of this country we have seen a rise in the number of Irish people joining the British Army," a dúirt Brian Hayes, TD (Fine Gael) nuair a fuair sé an staidreamh sin ón Tiarna Dubs, atá ar an British-Irish Parliamentary Body leis. “Tá gné staire ag baint leis an Éireannach a ghabháil ar fiannas in Arm Shasana. Amharcann daoine i leith Arm Shasana in amanna mar atá anois againn” a dúirt sé (i mBéarla ar ndóigh).
Nil sa Straitéis ach Marú na ‘dTalaban’
Ach cén fáth nach bhfuil sé ag míniú don dream óg in Éirinn gur doirteadh fola in aisce atá i gceist, go mór mór sa chogadh san Afganastáin. "When it comes to the war on terror, we’re fighting the wrong enemy in the wrong country," a dúirt Sir Sherard Cowper-Cowles ar BBC Raidió 4 17.12.10. Bhí an taidhleoir sinsearach seo ina ‘thoscaire speisialta’ ag an Ríocht Aontaithe don Afganastáin agus don Phacastáin go dtí Meán Fómhair 2010, nuair a d’éirigh sé as an phost, mar ní raibh rialtas Shasana, nó rialtas Na Stáit Aontaithe sásta lena chuid tuairimí. "We need a political strategy involving all the peoples of Afghanistan. At the moment the strategy is just killing Taliban," a dúirt sé ar an raidió. Mhínigh sé nach ionann na Talaban agus Al Quada: "The Taliban hate Al Quada," a dúirt sé.
Tá daoine den tuairim chéanna sna Stáit Aontaithe, the Afghanistan Study Group, mar shampla. Féach ar A New Way Forward, The Report sa nasc ar dheis.
Cé gur seo an cogadh is faide a raibh Na Stáit Aontaithe ann riamh, níos faide ná an cogadh i Vítneam, fiú, agus cosnaíonn sé 10 billiún dollar gach bliain, tá Obama agus an Ginearál Petraeus ag leanúint dá seandúnghaois: bua ar an ármhá roimh chainteanna leis na Talaban. Sin an fáth gur eagraigh siad ’The Surge’ le 30,000 saighdiúr sa bhreis. Deir siad go tosnóidh aistarraingt an arm i Mí Iúil 2011 agus beidh siad as an tír ar fad faoin bhliain 2014.
Ag ráta 100 saighdiúir marbh gach bliana, beidh 400 ball breise de arm Shasana ag iompar na bhfód faoin am sin. Cé mhéad de bhunadh ‘Éireannach’ a bheas ina measc?
Cultas an Bháis
Ní bhíonn mórán anailíse faoin chaismirt sna meáin chumarsáide coitianta anseo, nó i measc na saighdiúirí iad féin. Cloistear a lán cainte faoi ‘crógacht’ agus ‘onóir’ agus feictear na tórraimh nó saighdiúirí ag Buckingham Palace ag fáil bonn ón bhanríon. Tá sé mar ‘cultas báis’ nó death cult: is cuma leo cén fáth go bhfuil siad ag troid, a fhad agus go bhuil siad ag troid.
Is cuimhin liom an Prionsa Harry ar an teilifís anseo i Sasana, ag scaoileadh inneallghunna le daoine san Afganastáin agus cuma shásta feiceálach ar a aghaidh, ag tabhairt ‘dea-shampla’ don dream óg sa tír seo.
Is í an bhanríon Eilis Príomh-Choirnéal The Irish Guards agus bhí ceangal láidir ag an rímháthair leis an reisimint fosta; ag a tórramh i 2002, d’iompar ochtar Irish Guards a cónra, beirt acu as an Phoblacht. Cloisim daoine ar RTÉ ag plé cuairt na banríona ar Éirinn roimh i bhfad, ach ní chloisim éinne i mbun scagtha faoi ról an teaghlaigh ríoga sa mharú in Afganastáin agus i dtíortha eile. An mbeidh sí mar ‘sháirsint earcaíochta’ sa Phoblacht, chun a bheith cinnte go bhfuil a lán Éireannach i measc an 400 thuasluaite?
Nach bhfuil dualgas ar Rialtas na hÉireann a chuid saoránach óg a chosaint ón chultas bháis seo?