THALL IS ABHUS/AN ÁIT IS ANSA LIOM
Breandán Delap
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Sa tsraith seo, déanann daoine atá i mbéal an phobail cur síos ar an áit nó ar na háiteanna is fearr leo in Éirinn nó thar lear. An mhí seo: Breandán Delap, Eagarthóir an nuachtáin “Foinse”.

Íomhá
Scuaine siopadóireachta in Antigua
Íomhá
Tgikal: ceannáras ársa na Mayach

Radharc faoi leith a fhaigheann tú ar Ghuatamala agus tú ag taisteal ar dhíon bus. Faigheann tú léargas iontach ar na sraitheanna fada crann agus ar na bolcáin, agus chíonn tú na crosa bána a bhfuil na bóithre breac leo, crosa atá ansin ar eagla go ndéanfá dearmad ar an chontúirt a bhaineann leis an chineál seo taistil. Ach cad chuige a raibh mé i mo shuí i measc na gcearc agus tírdhreach Mheiriceá Láir ag sleamhnú tharam ar luas mire?

Ní ba luaithe an lá sin tháinig mé go San Lucas Tolimán, baile beag ar bhruach Loch Atitlán. Bhí mé iontach tógtha le hóstán an bhaile ó tharla coicís chrua a bheith caite agam ar an bhóthar. Leaba chompordach agus uisce te ag teacht ón sconna. Bhí mé ar mo sháimhín só ann! Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, áfach, bhí mé i mo shuí ar bharr bus ag déanamh mo sheacht ndícheall éalú as an áit chomh gasta is a thiocfadh liom.

Bhí an margadh faoi lán seoil nuair a shroich mé an baile agus bhí chóir a bheith achan duine ar deargmheisce. Daoine thar a bheith cairdiúil iad na Guatamaltecos ach thig leo a bheith iontach tuirsiúil nuair a bhíonn braon sa ghrágán acu. Is geall le Lucozade é an poitín i gcomparáid leis an rum áitiúil, Quetzalteco, agus bhí neart dó ar fáil an mhaidin sin. Caithfidh gur labhair achan uile dhuine sa bhaile liom agus tháinig cuid acu ar ais chugam fiú agus gan aon chuimhne acu ar an chéad chomhrá a bhí agam leo. Ach nuair a rinne seanbhean mhór mhantach iarracht mé a mhealladh chun a leapa, bhraith mé go raibh mé ag fanacht thar fhad na fáilte. Ní raibh ach Gringo amháin eile sa bhaile an lá úd: Mormannach a bhí ag iarraidh muintir na háite a chur ar bhóthar a leasa - snámh in aghaidh easa, a dúirt mé liom féin, ach bíodh aige agus fáilte.

Cúpla lá pléisiúrtha

Chuir an eachtra sin clabhsúr le mo thuras timpeall an locha. Dhá bhaile dhéag atá ar bhruach Atitlán, iad uilig ainmnithe i ndiaidh duine den dáréag Aspal. Ní mór duit bád a fháil idir na bailte agus braitheann tú go bhfuil tú sa Ghréig ag taisteal ó oileán go hoileán. Mecca do na hippies is ea San Pedro, an baile is deise ar an loch. Ar saoire a tháinig cuid acu cúpla bliain ó shin agus tá siad ann ó shin - mearbhall céille ar go leor acu de bharr a fhlúirsí is a fhásann ‘fiaile’ faoi leith sa cheantar. Chaith mé cúpla lá thar a bheith pléisiúrtha anseo i mo luí ar leaba luascáin, ag ithe anann is ag sú na gréine - saol an mhadaidh bháin!

Tgikal: ceannáras ársa na Mayach

Ach seans gurb é Santiago Atitlán an baile is suimiúla ar an loch. Is ann a tháinig mé ar Maximón - Naomh Bréige Ghuatamala. Is iomaí iarracht a rinne an Eaglais Chaitliceach é a chur faoi chois ach tá meas mór ag muintir na háite air go fóill. D’éirigh liom teacht ar a theach trí roinnt fiosrúchán discréideach a dhéanamh agus breab nó dhó a íoc. Suite os mo chomhair amach bhí fear bréige le todóg ina bhéal agus caipín fedora ar a chloigeann. D’éiligh an witch doctor a bhí lena thaobh buidéal Quetzalteco orm (bíonn tart millteanach ar Maximón, ní foláir) sular ligeadh dom aon achainí a iarraidh. Cur amú airgid ab ea é mar nár fíoraíodh mo chuid aislingí riamh!

Is in Antigua, baile coilíneach sna sléibhte, a fhanann formhór na dturasóirí a thagann go Guatamala. Déanann go leor acu dianchúrsa Spáinnise ann sula dtéann siad ar a gcamchuairt ar fud Mheiriceá Theas. Is beag am a chaitheann a bhformhór sa tír. Is mór an trua é sin mar gur tír speisialta, thar a bheith ildaite í Guatamala. Go deimhin thig leat an baile as a dtagann daoine a aithint ó na cultacha éagsúla a bhíonn á gcaitheamh acu. Murab ionann is tíortha eile i Meiriceá Laidineach, caitheann cuid fear Ghuatamala feisteas traidisiúnta fosta.

Cé nach bhfuil Guatamala ach ar cóimhéid le hÉirinn, labhraítear 66 teanga ann. Meastar gur ó sheanteangacha na Mayach a shíolraíonn a mbunús. Ach is in Tikal, a d’fhág na Maya an rian is suntasaí - sraith de phirimidí is teampaill a tógadh i lár na dufaire tuairim is 2,500 bliain ó shin. Níl a shárú de shuíomh drámatúil le fáil áit ar bith eile ar domhan, i mo thuairimse. Ach níl ansin ach ceann amháin de na seoda atá le feiceáil i nGuatamala - an áit is ansa liom ar domhan.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.