160
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Balor bocht! Tá mearbhall air arís an mhí seo, a léitheoirí dílse, i ndiaidh cháinaisnéis na míosa seo caite. Cuid de na ciorruithe a rinneadh, agus cuid de na hualaigh mhóra a leagadh, bhí siad barbartha agus fíochmhar. Is beag cainte a dhéanfar as seo amach ar dhíscire Ray McSharry nó ar ghairge Ritchie Ryan. Is é Brains Ó Leanacháin - Ó Léanacháin mo léan, agus a bhrúidiúlacht a bheidh i mbéal an phobail go deo na ndeor.
»»»Má chuaigh an Titanic go tóin poill, níl deireadh caillte i dtaca leis an ionad ina cuimhne i mBéal Feirste ná i dtaobh roinnt eile de thionscnaimh díolaíochta na Sé Chontae ach an oiread. Tá 130 post úr fógartha chomh maith, poist a chuirfidh gliondar ar an 130 agus ar a dteallaigh, ar a laghad ar bith, mura gcuirfidh sé oiread gliondair ar an dream a mbeidh siad ag plé leo, an dream atá as obair.
»»»Tá ceithre oiread daoine ag fáil oideachas tríú leibhéal anois ná mar a bhí sna seascaidí ach tá go leor daoine fós nach bhfuil deis acu teacht i dtír ar an réimse leathan cúrsaí atá ar fáil. Measann Emer Ní Bhrádaigh go gcaithfear dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus leis an deacracht atá ann de bharr líon na ndaltaí Ardteistiméireachta a bheith ag titim.
»»»Tá bogearraí cumhachtacha le fáil saor in aisce na laethanta seo ar ríomhairí, bogearraí a chuireann ar chumas daoine eagarthóireacht físe agus fuaime a dhéanamh. Míníonn Diarmaid Mac Mathúna cén fáth a bhfuil comhlachtaí ríomhaireachta sásta iad seo a chur ar fáil gan aon chostas.
»»»Bhí Ciara Nic Gabhann i láthair ag seoladh Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire le gairid. Ní fios go fóill an tairbhe chultúir agus teanga a spréafas i measc an phobail as an ionad áirgiúil seo sna blianta amach romhainn.
»»»Bhí barraíocht le háireamh, dar le Balor, ag titim amach ar an oileán iathghlais ach rinne sé iarracht cuntas éicint a thabhairt.
»»»Cé go raibh Mícheál Ua Ciarmhaic cúig bliana is seachtó sula chuir sé peann le pár, tá deich leabhar foilsithe aige faoin am seo. Thug Liz Curtis cuairt air ina cheantar dúchais, Baile an Sceilg i gCiarraí.
»»»Dfhreastail Pádraig Mac Éamoinn ar chomhdháil shuimiúil i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite inar pléadh na himpleachtaí a bhainfidh le hola agus gás an domhain a bheith ídithe ar fad.
»»»Tá cuid mhór den phobal idirnáisiúnta míshásta mar gheall ar leatrom na Síneach ar chearta an duine sa Tibéid, ach tá Maidhc Ó Cathail den tuairim nach bhfuil iompar an Dalaí Láma féin thar mholadh beirte.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Seosamh Mac Donnacha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
»»»I rith na bliana seo, tá Ciara Nic Gabhann ag tabhairt eolais mar gheall ar na dánlanna agus áiteanna eile ar fiú cuairt a thabhairt orthu i gcathracha éagsúla timpeall na hEorpa. An mhí seo: Barcelona.
»»»Ríomhann Alan Desmond scéal anróiteach mionlaigh eile san alt seo, an Rohingya. Is dream iad atá sáinnithe ag drong mhíleata Maenmar a imríonn gach feall is féidir lena ndíothú de dhroim na talún.
»»»Cheistigh Diarmuid Johnson é féin, cén fáth a raibh triúr Éireannach i dtacsaí a chosain na céadta euro idir Beirlin agus an Baile gan Baiste?
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.