AGALLAMH BEO
Liam de Freinse
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá Liam B de Freinse ar dhuine de na healaíontóirí ilmheáin is rathúla in Éirinn ach ní leor iad na dearcealaíona amháin don fhear as Ard Eoin i mBéal Feirste - is file, scríbhneoir, dealbhadóir agus is fear déanta scannán é chomh maith. Chuaigh Robert McMillen chun cainte leis, féachaint cad é a thiomáin chun ealaíne é, nó arbh é gur thit sé isteach ann gan an-mhórán údair. Tá Liam B de Frinse ar dhuine de na healaíontóirí ilmheáin is rathúla in Éirinn ach ní leor iad na dearcealaíona amháin don fhear as Ard Eoin i mBéal Feirste - is file, scríbhneoir, dealbhadóir agus is fear déanta scannán é chomh maith. Chuaigh Robert McMillen chun cainte leis, féachaint cad é a thiomáin chun ealaíne é, nó arbh é gur thit sé isteach ann gan an-mhórán údair.

Íomhá
Liam de Freinse
Íomhá
Pigeons
Íomhá
Let me take you across the canal
Íomhá
Íomhá

B’fhéidir nach raibh sé sa chinniúint ag Liam go mbeadh sé ina phéintéir mar ní raibh saol sócúil aige agus é ag fás aníos - bhí sé tinn ar feadh i bhfad agus ní raibh mórán airgid sa chlann a ligfeadh dó a aisling a leanstan. Leoga, b’éigean dó printíseacht a fháil mar aibhléiseoir i longlann Harland and Wolff i mBéal Feirste, áit nach bhfuil clú an chultúir uirthi ach ina raibh a athair agus ina mbíodh a athair siúd ag obair inti, ach taobh istigh, bhí a fhios aige féin go raibh sé ag dul a bheith ina phéintéir.

Cad é a mheall an fear óg seo ó aicme oibre i dtreo na healaíne mar sin - an raibh teachtaireacht le craobhscaoileadh aige??An dearna sé mar a bhí sé ábalta a dhéanamh agus arbh shin é??Ar mheall an t-airgead gur féidir a shaothrú mar ealaíontóir mór le rá é? “Bheadh leabhar de dhíth le cur sios ar na fáthanna.” ar sé. Déanaim é, sin é, sin uilig,” ar sé. “Ni raibh an t-airgead i gceist sa chéad dul síos, déanaim é. I?ndiaidh dom pósadh, b’éigean airgead a shaothrú ar ndóigh, agus bhí orm pictiúir a dhíol, ach an chéad phrionsabal a bhí agam, ní raibh baint dá laghad ag an airgead leis.” Tá an tarraingt agus an dearadh agus an phéintéireacht sa dúchas ag Liam, dar leis. “Bhí mé mar sin i gcónaí. Is maith is cuimhin liom píosa cailce a bheith i mo láimh - bhíodh m’athair ag obair ar na duganna i mBéal Feirste agus nuair a thagfadh sé chun an bhaile, bhíodh píosaí cailce leis agus tharraingínn pictiúr ar an talamh. Nó dá mbeadh leabhar agam, tharraingeoinn pictiúir ar leathanach ar bith a bhí bán agus lean mé liom ag tarraingt.”

Nuair a bhí Liam óg bhí sé iontach tinn leis an mhúchadh. Chóir a bheith go bhfuair sé bás trí huaire, bhí an múchadh chomh holc sin, mar sin ní dheachaigh sé ar scoil go dtí go raibh sé seacht mbliana d’aois. “Bhí mé mall ag dul isteach san oideachas. Is cuimhin liom a bheith i mo luí ar nós Robert Louis Stevenson ag amharc ar an scaraoid leapa i rith an ama agus an tsamhlaíocht ag oibriú leis,” ar sé.

Nuair a chuaigh Liam ar scoil sa deireadh, lean sé leis ag tarraingt, ach ansin b’éigean dó bogadh chuig scoil speisialta do pháistí a bhí breoite, inar chaith sé dhá bhliain, sular phill sé ar Scoil na Croise Naofa agus chuig meánscoil Naomh Gabriel i dTuaisceart Bhéal Feirste. Roghnaítí Liam agus beirt dhalta eile má bhí pictiúr ar bith le déanamh. Lá amháin, tharraing sé pictiúr de mhoncaí agus é ag athrú ina dhuine daonna a fuair ardmholadh, ach go fóill, níor bhreathnaigh Liam air féin mar Picasso nó Monet eile.

John Luke

I ndiaidh dó an scoil a fhágáil, b’éigean airgead a shaothrú agus bhí air ceird a fhoghlaim sa longlann. Bhíodh sé ag obair i rith an lae agus ar an choláiste ealaíne san oíche, áit ar bhuail sé le duine de na péintéirí Éireannacha is mó meas, John Luke. Mhol Luke do Liam dul i mbun staidéir ar bhonn lánaimseartha, ach ba thábhachtaí le Liam go bhfaigheadh sé an cheird ar dtús.

Nuair a thosaigh na Trioblóidí, d’fhág sé an longlann agus thosaigh ag obair ar fhoilseacháin éagsúla agus ag déanamh líníochta do na páipéir áitiúla, tréimhse a mhair ar feadh deich mbliana go dtí gur dhúirt a bhean leis, “cén fáth nach bhfuil tú ag taispeáint do chuid ealaíne?” Níor shamhlaigh Liam taispeántas dá chuid féin riamh roimhe. Agus é ina dhéagóir, chuaigh sé chuig taispeántas de chuid Picasso. Bhí cara ina chuideachta a dúirt leis: ‘You do sh*t like that!” agus smaoinigh Liam leis féin “Well, yes I?do!” “Bhí leabhar ar Picasso agam sa teach agus théinn chuig an leabharlann le hamharc ar na leabhair ealaíne, ach níor mheas mé riamh mé féin a bheith i m’ealaíontóir,” ar sé. Ach anois agus é ina fhear pósta agus cúpla páiste aige, chaill Liam a phost agus, b’fhéidir go raibh sé sa chinniúint riamh anall, ach chuaigh Liam ar ais chuig an Choláiste Ealaíne ar bhonn lánaimseartha an iarraidh seo.

I dtrátha an ama chéanna, na 1970i, fuair Liam léargas ar rud a bhí ceilte ar chuid mhór daoine ag an am - an Ghaeilge. Thosaigh sé ag freastal ar Chumann Chluain Ard, an cumann Gaelach is clúití i mBéal Feirste. Mhothaigh sé na nascanna láidre atá idir an teanga, an cultúr, an ceol agus na dearcealaíona. Thosaigh sé ag cur suime i leithéidí Leabhar Cheanannais agus an dearadh Ceilteach, é ag déanamh léaráidí dá chuid féin. “Ni raibh mé ag iarraidh rud a mbainfeadh turasóirí sult as a chruthú,” ar sé, “mhothaigh mé i mo chroí é gur cheart dom an cultúr seo a chur chun cinn. Bhí sé cineál “subversive” ag an am sin a bheith ag caint i nGaeilge, bhí an ceol traidisiúnta subversive nó a bheith ag tarraingt, bhí sin subversive fosta agus mhothaigh mé go raibh sé sin iontach spreagúil,” ar sé agus aoibh gháire air.

Chuidigh sé le daoine a bhí ag iarraidh póstaer mar sin ach níor tháinig deireadh leis an chraos a bhí air don léann. D’fhreastail sé ar Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste áit a ndearna sé staidéar ar an Léann Cheilteach agus ar an Pholaitíocht agus lean ar aghaidh lena agitprop cultúrtha féin ag an am chéanna. D’fhoilsigh sé comic a raibh an t-ainm Rosc Dubh air. (Fuair sé spreagadh ón iris Oz, foilseachán (mí)chlúiteach Astrálach/Sasanach "psychedelic hippy", ach go raibh sé i nGaeilge. “Bhí muid ag iarraidh airgead a bhailiú don Chumann Gaelach san ollscoil le turas a reachtáil go Rann na Feirste. Bhí an chuid is mó de dhéagóirí Bhéal Feirste in éadan na hirise ach bhí Albert Fry agus an Br Beausang ceart go leor. Ni raibh bunadh na Gaeltachta róthógtha leis ach oiread!” arsa Liam. “Bhí foireann mac léinn againn as Luimneach, Corcaigh, as Baile Átha Cliath ach ní rud Ceilteach go hiomlán a bhí ann; bhí Rastafarirans páirteach agus bean as Soweto.” I ndiaidh dó an chéim a bhaint amach, chuaigh Liam ar an dól agus ansin - ar ais ar an ollscoil le céim eile a dhéanamh ag cloí leis an tslí bheatha atá cruthaithe aige, meascán den fhoghlaim agus den phéintéireacht. Mar is féidir a shamhlú, ní raibh bean Liam millteanach sásta leis seo. Bhí air dul amach agus jab ceart a fháil. Ba é an chéad phíosa a rinne sé ná scáileán síoda de sheanteach ar bhóthar na bhFál i mBéal Feirste agus cloigeann Karl Marx agus dathanna Rasta air. “Bhí mé ag iompar na scáileán síoda thart liom ar rothar i mBéal Feirste le iad a dhíol agus bhí sé an-chrua,” a mhínigh Liam, “ach ansin bhuail mé le fear as Barcelona, Felix Anaut. Bhí Felix i bpríosún sa Spáinn le linn réimeas Franco agus spreag sé mé le dul ar aghaidh.” Fear eile a chuidigh le Liam ab ea Tom Caldwell, fear a raibh an gailearaí is mó in Éirinn aige ó thaobh méide de, ach ó thaobh na staire a bhaineann leis agus ó thaobh na n-ealaíontóirí a bhí ceangailte leis chomh maith. Thaispeáin Liam cuid dá shaothar ann agus dhíol sé corrphíosa anseo is ansiúd agus lean sé ar aghaidh mar sin, ag maireachtáil ó bhéal go béal. Cibé airgead a shaothródh sé, cheannódh sé earraí agus trealamh leis. Ansin i 1993, thug Liam taispeántas san Ulster Arts Club agus gan é ag dúil leis, fuair sé ainmniúchán don duais Turner. Ag an am sin, ba bheag caint a bhí ar an Turner Prize i measc an ghnáthphobail mar atá anois, ach i measc daoine a thuig cúrsaí ealaíne, duais mhor le rá a bhí ann.

Cuireadh sios ar Liam mar ‘Celtic Contemporary artist from Ulster’ agus fuair sé inspioráid ó ealaíontóir Ghearmánach a bhí in Éirinn ag an am, Joseph Beuys. “Bhí Beuys i mBéal Feirste agus é ag iarraidh an Búdachas, an Marxachas agus an Ceilteachas a chur chun cinn,” ar sé. “Ag an am chéanna, bhí sé ag iarraidh ollscoil shaor a bhunú in achan tír. Thug muid iarraidh a leithéid a chur ar bun i mBéal Feirste ach ní raibh cead againn, rud a bhain le Royal Statutes nó rud éigin mar sin atá de dhíth le hollscoil a bhunú. Ach an rud a rinne muid ná ionad a bhunú i mBéal Feirste, Art and Research Exchange, agus ba é an fhealsúnacht a bhí taobh thiar de, gur áit a bheadh ann a dtiocfadh le gach duine i measc an lucht oibre theacht isteach agus úsáid a bhaint as an ábhar - bhí ábhair phéintéireachta ann, seomra dorcha do na grianghrafadóirí, bhí mise ag iarraidh áit ar leith a chruthú do lucht na Gaeilge agus an ealaíon a theagasc fríd an Ghaeilge - agus chuaigh muid chuig taispeántas mór a bhí cosúil leis an Venice Biennale agus bhí mise ag dul thart ag déanamh amharclainne sráide agus dá réir, ach mar a tharlaíonn go minic, chuir an mheánaicme a ladhar isteach agus ghlac siad smacht ar an ait.”

‘£200’ arsa mise D’imigh Liam ina dhiaidh sin agus fuair sé job ag Antrim Crystal - bíonn job i gcónaí aige agus é ag déanamh ealaíne - agus lean sé ar aghaidh leis an agitprop - agus cruthú cártaí poist i bhfách le muintir Soweto in éadan na cinedheighilte agus mar sin de. Mórchuid oibre agus gannchuid airgid, mar is gnách, ach bhí rudaí a dhul ag athrú. Bhí Liam ag díol píosaí anseo is ansiúd, ach tháinig gníomhaí as Baile Átha Cliath - is gníomhaí Liam anois é - fear a raibh aithne aige ar fhear eile san Eilbheis a raibh dúil aige sna healaíona. “Chuir fear na hEilbheise, iarchuntasóir de chuid U2 lá den tsaol, cuireadh orm agus ar mo ghníomhaí dul go Páras agus bhí sampla de mo shaothar agam, tableau mór. Chuaigh muid chuig ceann de an gailearaithe iontach mór seo - ní raibh an gailearaí ceart fá mo choinne, é lán seanghrathóirí ealaíne. Dúirt mo ghníomhaí leis go gcaithfeadh sé an pictiúr a cheannach, ach ní raibh sé cinnte. Mar sin tháinig sé toigh s’agamsa i mBéal Feirste - an chéad uair sa chathair dó ó bhí 1967 ann - tháinig sé isteach agus dúirt sé go raibh fadhb amháin ann - bhí an pictiúr rómhór do theach s’aige! Bhí an pictiúr tuairim’s ar naoi dtroighe fá shé troighe. ‘Fadhb ar bith,’ arsa mise agus ghearr mé píosa de! Ansin dúirt sé gur feidir go mbeadh fadhb eile ann - chaithinn dul chun na hEilbhéise leis an rud a chrochadh ar an bhalla! Bhuel, bhí sé sin maith go leor agus cheannaigh sé thart ar dheich bpíosa de mo chuid. Shaothraigh mé tuairim’s £35,000 - airgead mór le linn na 1990i - mar sin, b’éigean dom an dól a fhágáil go tapaidh!” arsa Liam. “An bhliain ina dhiaidh sin, b’éigean dom pilleadh ar an Eilbhéis agus pictiúr eile liom. Ansin, déarfadh sé ar bhonn rialta, ‘gaibhtse anall don deireadh seachtaine agus tabhair leat do chuid stuif’ agus bheadh imní an domhain ar an ghníomhaí ar eagla go bhfeicfeadh lucht custaim cad é bhí linn. Uair amháin, stopadh ag na custaim muid agus chuartaigh siad an bagáiste agus na málaí ski a bhí liom. Bhí cúpla pictiúr istigh sna málaí ski. “‘Cad é seo?’ a d’fhiafraigh siad díom. ‘Pictiúr,” arsa mise. “Cad é an luach atá air?’ a d’fhiafraigh fear an chustaim. ‘£200’ arsa mise - agus an catalóg agus an t-airgead ceart istigh iontu, ach bhí muid ábalta éalú,” arsa Liam, ag gáire. Bhíodh an t-ealaíontóir Feirsteach ag dul chun na hEilbheise chomh minic sin is gur bhunaigh sé gailearaí dá chuid féin ansin. Tá an-ráchairt ar ealaíon Liam ar an choigríoch agus i Meiriceá. Tá bean i bpictiúr amháin de chuid Liam - bíonn daoine as an stair i gcuid dá phictiúir - a léiríonn an nasc sin idir Meiriceá agus mór-roinn na hEorpa, Amy Guggenheim. “Bean a thug deis d’abstract expressionists Mheiriceá - chuir sí áit ar bun dóibh i Venice. hIarraidh orm féin cur isteach do chomórtas trí bliana ó shin san Iodáil - mé féin an t-aon Éireannach amháin a bhí ann - agus cruthaigh mé saothar dar teideal Éire le Díol/Ireland for Sale, 32 chanbhás agus dathanna na gContaetha orthu, iad ceangailte le chéile le sreang línéadaigh. Bhí cead agat na canbháis a bhogadh thart agus rinne mé video de seo uilig agus ceol sa chúlra. Bhain mé an duais an bhliain sin” ar sé agus díobháil an iomarca mórtais ina ghlór. Cuid eile dá cliantai, ní féidir le Liam a n-ainmneacha a lua, ach deir sé go bhfuil clann roinnt mór le rá i mBarcelona a bhfuil casinos agus rudaí eile acu a cheannaíonn a phictiúir. Duine amháin gur féidir leis a lua áfach, is é an garraíodóir Diarmuid Gavin. D’éirigh mé iontach roinn le Diarmuid,” ar sé,” Mar shampla, ag seó amháin i mBaile Átha Cliath, rinne sé gairdín den ghailearaí. Chuir sé féar ann!” arsa Liam.

Is rud Ceilteach é’, sin an teideal atá ar an taispeántas is déanaí ag Liam agus bhí sé le feiceáil i nGailearaí James Wray i mBéal Feirste an mhí seo caite. 100 monotype atá sa taispeántas agus bhí an gailearaí ar aon bharr datha lena linn. Is é atá in monotyping ná stíl déanta prionta ina dtarraingítear nó in bpéinteáiltear ar dhromchla mín neamhionsúite. Aistrítear an íomhá ansin chuig bileog pháipéir nuair a bhrúitear an páipéar ar an dromchla ag baint úsáid as clóphreas de ghnáth. “Bhí mé i gcónaí faoi dhraíocht ag an dath agus tá domhan úr féideartheachtaí cruthaithe ag an bheocht a eascraíonn as an phróiseas úr monotype seo,” ar sé. Cinnte, tá na dathanna an-láidir agus de réir mar a amharcann tú orthu, feicfidh tú cruthanna agus daoine agus na mílte rudaí eile. “Thig liom íomhánna agus earraí atá bailithe agam, agus mé ag taisteal an domhain, a mheascadh agus cineál teanga úrnua a chumadh,” arsa Liam. “Mothaím go bhfuil sé sin an-chorraitheach, gríosaitheach agus greannmhar go minic. Creidim gur fearr i an teanga fhísiúl seo ná an teanga labhartha mar áis chun dul i ngleic le smaointe uilechoiteann ar chultúr. Go bunúsach, is scéalaí mé a tharraingíonn as tobar thraidisiún ársa na mbard, ach tá an traidisiún seo curtha in oiriúint don 21ú aois sa bhailiúchán úr seo.” Is scéalaí iontach é agus tá scéal ag baint le gach uile phictiúr beagnach.

Ní chuireann sé iontas orm gur thug sé féin agus roinnt cairde iarracht grúpa seanchaí rappers a chur ar bun, filí a thaistealódh an tír mar a bheadh Raifteirí ann. Ceal airgid ón Chomhairle Ealaíne, níor éirigh leo ach rinne said cúpla oíche cabaret thall is abhus. I gcuid de na pictiúir, bhain Liam úsáid as dusta diamaint. “Fuair mé an dusta diamaint nuair a bí mé i Nua Eabhrac tuairim’s ar 15 bhliain ó shin. Chuaigh mé chuig an siopa seo san East Village agus bhí siad ag díol stuif nárbh fhéidir theacht air anseo in Éirinn. Tá mé a úsáid ó shin. Tá sé go hiontach agus tú ag iarraidh solas a léiriú, go háirithe an solas cois farraige agus fiú amháin an solas a mhothaigh mé agus mé sna hAlpaí. Agus mé ag dul sios le fánaidh, bhí cuma dusta diamaint ar an sneachta a bhí ag titim go luath ar maidin.” ar sé.

Tá cos amháin san aimsir chaite, an leathchos eile san am i láthair ag Liam. Mar shampla, is maith leis kilt a chaitheamh, kilts ata déanta ag bean as oirthear Bhéal Feirste. Cuireann an bhean chéanna kilts ar fáil don dearthóir clúiteach faisin, Vivienne Westwood.

On sádar sa longlann go dtí an dusta diamaint, tá turas fada, aimhréiteach déanta ag Liam B de Frinse agus beidh sé ag taisteal leis go ceann fada go leor.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.