CÚRSAÍ SPÓIRT
Máistrí na fuinseoige
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim gurb é club Bhiorra, a bhuaigh craobh na hÉireann le déanaí, an fhoireann iománaíochta is fearr ag an leibhéal sin dá bhfacthas sa tír seo riamh agus go bhfuil go leor le foghlaim ag foirne eile uathu.

Íomhá

An té a bhfuil dúil aige san iománaíocht, agus atá ag faire go grinn ar chluichí móra na fuinseoige chomh fada is atáimse (ó 1960 nó mar sin!), thógfadh sé ceann de bhua Bhiorra i gCluiche Ceannais Club na hÉireann ar Lá Fhéile Pádraig seo thart. Is rud iontach é máistrí a fheiceáil i mbun ceirde, agus is é sin a bhí mar radharc againn ar pháirc álainn an Chrócaigh ar cheann de na laethanta Féile Pádraig is breátha dá dtáinig le fada. Rinne iománaithe Bhiorra gníomh stairiúil tré Chraobh Chlub na hÉireann a bhuachaint den cheathrú huair, éacht nach bhfuil déanta ag aon chlub eile in aon chontae eile, is cuma an bhfuil tú ag caint faoi Chill Chainnigh, Thiobraid Árann, Chorcaigh nó in aon chontae eile sa tír.

Is iontach an t-éacht é sin ag club ar bith agus nuair a chuireann tú san áireamh gur baile beag agus club beag i lár tíre atá i gceist, is iontaí fós é mar éacht.

Bhí bua cuimsitheach, bua éasca dáiríre, ag Biorra ar Dhún Lathaí as Co. Aontroma sa chluiche ceannais ach níor chóir go mbeadh náire ar bith nó díomá rómhór ar mhuintir an bhaile ó thuaidh. Is é an fáth go ndeirim é sin ná gur dóigh gurb í foireann seo Bhiorra an fhoireann chlub is fearr dá raibh ann riamh. Ní féidir ráiteas dá leithéid a chruthú go stairiúil, dar ndóigh, ach san iomáint nua-aimseartha, ó thosaigh Craobh na gClub tríocha bliain ó shin, níl dabht ach gurb iad is fearr.

Cén fáth a bhfuil meas agus moladh as an ngnáth tuillte acu? Freagra simplí atá air sin: an stíl iomána atá acu. Stíl í atá bunaithe ar scileanna bunúsacha an chluiche, scileanna a dhéantar a láimhseáil agus a iomramháil go beacht agus go héifeachtach, le luas agus le máistreacht. Tá na himreoirí seo as Biorra ar fheabhas - sin bun agus barr an scéil. D’imir siad go léir le hUíbh Fhailí i ngrád éigin agus tá buanna agus cur chuige agus luas nach beag acu. Imríonn siad dá chéile agus ar son a chéile agus aimsíonn siad a chéile le pasanna iontacha, idir fhada is ghearr. Imríonn siad an sliotar fan talún nuair is gá agus beireann siad air nuair is féidir. Buaileann siad é go cruinn agus go grástúil agus tá siad in ann troid agus cosaint a dhéanamh nuair a theastaíonn sin. Gan dabht, an fhoireann chlub is fearr dá bhfaca mé ariamh.

Cuir san áireamh freisin an ghné chlainne atá sa bhfoireann: na deartháireacha Pilkington, deartháireacha Uí Fhaoileacháin (triúr) agus deartháireacha Uí Ainbhith - sin leath den fhoireann! Chuile dhuine acu chomh maith lena chéile agus ball d’Fhoireann an Chéid ina measc - Brian Ó Faoileacháin.

Dála an scéil tá an-dílseacht tugtha ag deartháireacha éagsúla d’fhoireann Uíbh Fhailí le roinnt mhaith blianta anuas. Is féidir muintir Throithigh agus muintir Uí Dhubhlaoich (triúr) a chur leis an dream thuasluaite.

Ceann de na cluichí is fearr

Ceann de na cluichí iomána is fearr le roinnt mhaith blianta anuas ná cluiche leathcheannais na hÉireann idir Uíbh Fhailí agus Corcaigh in 2001. Bhuaigh Uíbh Fhailí an cluiche áirithe sin agus bhí cuid mhaith de na deartháireacha a luadh thuas ag imirt. Cluiche eile a bhí iontach ná Loch Garman agus Uíbh Fhailí i gcluiche leathcheannais Laighean i 1996, cluiche a bhuaigh Loch Garman ach ar imir Uíbh Fhailí go hiontach ann freisin - bhí scóranna dochreidte i gceist agus iomáint den scoth.

Dáiríre, nuair a chuimhním air, is iomaí cluiche ó 1980 i leith ina raibh Uíbh Fhailí páirteach agus atá fanta sa chuimhne. I 1980 bhuadar Craobh Laighean den chéad uair agus bhí cluiche iontach leathcheannais acu ina dhiaidh sin in aghaidh na Gaillimhe, contae iomána eile a raibh agus a mbíonn fós deartháireacha lárnach dá chuid foirne - cuimhnigh ar mhuintir Uí Chonghaile agus ar mhuintir Uí Chuanaigh.

B’fhéidir gur rud é a bhaineann le contaetha iománaíochta ar chúis éigin, is é sin deartháireacha a bheith ag imirt le foireann an chontae (agus boinn uile-Éireann a bheith buaite acu go minic) - muintir Mhic Riocaird agus Uí Choigligh le Loch Garman, na deartháireacha Uí Fhoghlú (Des agus Lar) le hÁth Cliath, muintir Uí Éinrí agus Uí Fhionnalaigh le Cill Chainnigh, muintir Chnáimhsí agus Uí Riain le Tiobraid Árann agus mar sin de.

Ní mé cén míniú atá le feiniméan seo na ndeartháireacha, ach seans go mbaineann sé le deartháireacha a bheith de shíor ag cleachtadh agus ag iomaíocht le chéile amuigh sa gharraí nó ar chúl an tí. Scéal amháin greannmhar a bhí ag Billí Riocaird ina dhírbheathaisnéis, No Hurling at the Dairy Door, ná go mbíodh a mháthair de shíor ag fógairt orthu gan a bheith ag iomáint i gcoinne dhoras chró na mbó mar go mbídís ag lascadh an tsliotair ina choinne gach seans a d’fhaighdís.

Ar aon nós, agus le filleadh ar an ábhar atá idir chamáin, mar a déarfá (!), tá moladh agus buíochas lucht leanúna na hiomána tuillte ag muintir Uíbh Fhailí agus go speisialta ag muintir Bhiorra. Dá leanfadh contaetha agus foirne eile a sampla agus an iomáint a imirt mar ba chóir, leis na bunscileanna i réim, an sliotar á imirt fan talún níos sciobtha agus an camán á úsáid mar ba chóir (seachas síor-rith agus teagmháil throm chorp, cuir i gcás), b’fhéidir gurbh fhearrde an cluiche.

Mar fhocal scoir, ní cóir dearmad a dhéanamh ar mhuintir Dhún Lathaí. Rinne siad féin éacht tré Chluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach agus taispeántas breá a thabhairt iad féin in ainneoin na míbhuntáistí atá acu ó thaobh taistil agus cluichí a imirt i dtuaisceart na tíre. D’imir siad ar fheabhas i gcoinne Chnoc Síon as Port Láirge ach ní raibh an t-ádh leo sa chluiche ceannais sa mhéid is gur bhuail siad le foireann as Biorra atá i mbarr a réime le cúpla bliain anuas agus go speisialta Lá Fhéile Pádraig seo caite.

Cé go raibh toradh an chluiche an-soiléir i bhfad roimh an deireadh, bhí an cluiche thar a bheith taitneamhach, a bhuíochas sin do na hiománaithe sciliúla lúfara a bhí i mbun báire. Chuirfeadh sé duine ag tnúthán le cluichí an tsamhraidh!

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.