Spreag bás Chathail Uí Eochaidh Balor le dul i mbun pinn.
“An raibh tú ag an tsochraid?” a d’fhiafraigh mé de Bhalor an Bhéil Bhinn an lá faoi dheireadh. “An raibh mé ag an tsochraid? An raibh mé ag an tsochraid?” a d’fhreagair sé le teann
díchreidimh agus fiatachta agus confaidh. “Ní chaillfinn an tsochraid ar ór ná ar airgead. Bhí mé ag iarraidh dul suas ar an altóir le Finbar Furey mar chuid den cheolchoirm ag deireadh an Aifrinn ach dúirt siad go scanróinn an pobal – amhail is go n-uamhnódh mo ghnúis ghnaíúil ghalánta duine ar bith. An síleann siad nár scanraigh Furey aon duine agus an fheadóg sin á rúisceadh thart aige ar nós coilg? Ar scor ar bith, nach bhfaca tú mé ar an tele? Nach bhfaca tú mo shúil nimhe ag glioscarnach le deora ar mhala Bhinn Éadair nuair a bhí mo ghile mear á chur sa chré? *An raibh mé ag an tsochraid? *A leithéid de cheist!
“Cén dóigh nach mbeinn ann le hómós a thabhairt do Bonny Prince Charlie agus é ag gabháil faoin fhód? Prionsa cruthanta ceart amach is amach a bhí ann, bíodh a fhios agat; agus bhí sé bonny gan dabht. Nach raibh leath de mhná na tíre ag rith ina dhiaidh go hoscailte, agus an leath eile i ngrá leis faoi rún? Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar a chúlra le tuiscint a fháil ar phearsantacht tharraingteach an fhathaigh seo de pholaitíocht na tíre.
“Sin-sin-sin-sin-seanuncail leis ab ea Cú Chulainn Ó hEochaidh, laoch thar laochra Éireann, agus d’fhulaing Charlie a chuid créachtaí polaitiúla go calma agus go cróga, mar a rinne Cú Chulainn. Sin-sin-seanaintín leis ab ea Gráinne Mhaol Ní Eochaidh. An bhean sin de bhunadh Mhaigh Eo a bhí mar eiseamláir aige nuair a rinne sé an cinneadh clúiteach sin arm agus armlón a allmhairiú. Níor chreid na húdaráis é ag tús na seachtóidí nuair a mhínigh sé dóibh gur d’fheirmeoirí Mhaigh Eo a bhí na gunnaí sin, chun a gcuid caorach a chosaint. Is dócha ná a mhalairt nach gcreideann siad fós é.
“Ach an ndearna sé aon ghearán nuair nár creideadh é? An ndeachaigh sé ag meabhrú os cionn na tine? Ní dhearna, ná baol air. Chuaigh sé síos i measc na ndaoine, mar a rinne a uncail Seán Ó Ríordáin Ó hEochaidh roimhe, agus chuaigh sé síos ag lorg daoirse ón mbinbshaoirse a bhí ag liú thart air, agus cheangail sé an chonairt smaointe agus d’ith sé cearca agus sceallóga.
“Agus nuair ba léir a acmhainn agus a chumas agus a inniúlacht do lucht a adhraithe d’íoc siad a gcuid deachúna agus cheannaigh sé teach flaithbheartach agus long bhraineach agus éadaí prionsúla. Ach ní dheachaigh sé thar fóir: níor cheannaigh sé ach oileáinín beag bídeach. Bhí tuigbheáil aige don mheasarthacht i gcónaí.
“Is mór an meas a bhí agam ar an Phrionsa Charlie nó thar rud ar bith eile choinnigh sé mé saor ó chuing an phósta. Ba é an chaint a rinne sé ar RTÉ sa bhliain 1982 ba chúis le mo shaoradh, nuair a d’iarr sé ar mhuintir na hÉireann a gcuid criosanna a theannadh. Oíche a shochraide, nuair a bhí lucht glanta glún ag dul siar ar bhóithrín na smaointe agus ag caoineadh isteach ina gcuid piontaí, thug mise aghaidh ar mo phluais bheag uaigneach agus scríobh mé a fheartlaoi. Tá súil agam go mbogfaidh sé sibh, má thuigeann sibh mé:
Feartlaoi Charlie:
Bhí mé óg is bhí mé amaideach agus lán de spórt is spraoi
Ag féiltí gach aon lá agus ag rince gach aon oích’.
Ní raibh stad liom riamh den ragairne, den chaiteachas gan bhrí
Go dtí gur chuala mise Charlie is é ag caint ar RTÉ:
Dúirt sé:
Teannaigí bhur gcriosanna agus teannaigí iad go docht.
Bígí caol os comhair an tsaoil – rud uasal é bheith bocht.
Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian
Mar níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
Bhuel d’éist mé leis na focail sin agus d’athraigh siad mo shaol
Mar a bheinn ag faoistin misin agus m’anam bocht i mbaol.
Chruinnigh mé gach pingin rua a thiocfadh liomsa a fháil
Agus chuir mé isteach i gcuntas é de chuid Cheannaire Fhianna Fáil.
Thit mé i ngrá le girseach álainn – ba í ábhar gach aon dáin:
Ba í Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn is Péarla an Bhrollaigh Bháin,
Ach nuair a luaigh mé fáinne is bainis, arú chaill sí ciall is brí.
Ar sí “Cad é, a stór, fán óráid mhór a thug Charlie ar Nuacht a Naoi?”
Dúirt sé:
Teannaigí bhur gcriosanna agus teannaigí iad go docht.
Bígí caol os comhair an tsaoil – rud uasal é bheith bocht.
Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian
Mar níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
Níor phós mé riamh is níl cathú orm, ní miste dom a rá.
Phós mo chairde uilig, gach duine acu is tá siad uilig fá chrá.
Má tá sé doiligh crios a theannadh thart ar aon bhaitsiléir bocht amháin
Thógfadh sé crios mór ceart le fáisceadh thart ar mhuirín is ar bhean.
Chaith Charlie saol an mhadaidh bháin, madadh a bhí gan dó’,
Ar shiúl sa long, é féin ’s an drong a bhí cairdiúil leis fadó
Go Páras fá choinne léinteacha is go Nice ag crú na gréin’.
Ba léir do chách nach é a ghlac a chomhairle cháiliúil féin.
Dúirt sé:
Teannaigí bhur gcriosanna agus teannaigí iad go docht.
Bígí caol os comhair an tsaoil – rud uasal é bheith bocht.
Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian
Mar níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
Níl bean agam is níl clann agam ach tá teach beag agam domh féin.
Ní íocaim cáin ar bhó ná ar chráin is tá greim le cur i mo bhéal.
Ní raibh airgead agam do Telecom – a bhuíochas sin do Dhia
Is do na focail is fearr a dúirt aon fhear ar RTÉ ariamh:
Dúirt sé:
Teannaigí bhur gcriosanna agus teannaigí iad go docht.
Bígí caol os comhair an tsaoil – rud uasal é bheith bocht.
Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian
Mar níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
Ach mo bheannacht ort, a Charlie, is tú a choinnigh mé saor ón ghad.
Is tú a shábháil mé ó dhul ar strae mar a rinne mo chairde ar fad.
Tá do thaibhse anois ar d’oileáinín ar nós Mac Dara an naomh
Ag siúl sa fhraoch is fós ag glaoch ar aitinn is ar chraobh:
Ag scairteadh:
Teannaigí bhur gcriosanna agus teannaigí iad go docht.
Bígí caol os comhair an tsaoil – rud uasal é bheith bocht.
Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian
Mar níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.