252
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is dealbhóir é Séigheann Ó Draoi atá ag cur faoi i nGaoth Dobhair agus a úsáideann an stair, an fhinscéalaíocht agus na logainmneacha mar inspioráid. Labhair Ciara Nic Gabhann leis le gairid.
»»»Chuaigh Liz Curtis ar thuras suimiúil seandálaíochta i dtuaisceart na hAlban le déanaí.
»»»Thug Robert McMillen fogha faoi bhallaí Dhoire agus faoin Chultúrlann le riar maith ceisteanna a chur ar an Phríomhfheidhmeannach ann, Gearóid Ó hEára. Chonaic Gearóid athruithe ag teacht ar an chathair agus ar an saol nár shamhlaigh sé riamh roimhe na blianta ó shin.
»»»Ag Scoil Samhraidh Joe Mooney i nDroim Seanbhó i gContae Liatroma an mhí seo caite, bhuail Antaine Ó Faracháin trí thimpiste le beirt den lucht siúil a raibh an-dúil acu sna hamhráin agus fuair sé amach gur ó mhuintir duine acu a bailíodh roinnt amhrán a cuireadh amach ar albam dar teideal Songs of the Irish Travellers (1983).
»»»Is ealaíontóir é Francesco Clemente a bhaineann úsáid as go leor meán difriúil chun domhan a chruthú atá foréigneach agus ina bhfuil iontais agus brón. Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar an chéad mhórthaispeántas dá chuid in Éirinn atá ar siúl in Áras Nua Ealaíne na Éireann i mBaile Átha Cliath faoi láthair.
»»»Léiríonn comhaid stáit atá díreach scaoilte saor anois faoin ‘riail tríocha bliain’ ag an Chartlann Náisiúnta go raibh seachadadh litreacha le seoltaí Gaelacha ina chonspóid idir údaráis phoist na hÉireann is na Breataine ag deireadh na seachtóidí. Amharcann Breandán Delap ar a bhfuil luaite i gcomhaid an rialtais faoi.
»»»Ní raibh an Vatacáin ag éisteacht le cosmhuintir na heaglaise agus tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go gcaithfidh siad aird a thabhairt ar an phobal.
»»»Is é dearcadh mhuintir na hAstráile é gur ceart an deis chéanna, nó mar a deir siad, ‘a fair go’, a thabhairt do chách. Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go roinntear an chóir le daoine an chuid is mó den am ach is cosúil go bhfuiltear ag déanamh leithcheala ar aicme amháin faoi láthair.
»»»Tá cuid mhór den phobal idirnáisiúnta míshásta mar gheall ar leatrom na Síneach ar chearta an duine sa Tibéid, ach tá Maidhc Ó Cathail den tuairim nach bhfuil iompar an Dalaí Láma féin thar mholadh beirte.
»»»Chaith John-Paul Mc Carthy seal ag cíoradh leabhair ar pholaiteoir Briotanach a bhfuil cuimhní go leor faoi in Éirinn, an t-iar-Stát-Rúnaí Gnóthaí Baile, Roy Jenkins.
»»»Géillfimid, in éadan ár dtola, do thuairim an duine eile sin a dúirt, “tá sé go maith le haghaidh grianghraif a sheachadadh gan stró”, nó “caithfidh tú amharc isteach ann”. Facebook, Bebo, Myspace. Ghéill Breandán de Gallaí agus dhírigh a aghaidh ar an Aghaidhleabhar i ndeireadh báire.
»»»Chuir Mícheál Ó hAodha suim i leabhar, Pauper Limerick, a léirigh scéal daoine nach bhfaca mórán sa saol ach cruatain agus drochíde.
»»»Tá Learpholl go mór faoi anáil an chultúir Ghaelaigh agus, san alt seo, déanann Tony Birtill cur síos ar chuid de na himeachtaí a bhí ar siúl i mbliana – agus Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa – leis na naisc seo a cheiliúradh.
»»»Tá a fhios againn cérbh é Máirtín Ó Direáin ach bhí a mhacasamhail lastoir de Mhuir Mheann fágtha gan iomrá. Rinne Diarmuid Johnson iarracht an ceart a roinnt le fear díobh ar na mallaibh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.