AR NA SAOLTA SEO
Dráma tábhachtach a spreagfaidh machnamh
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Léargas é an dráma “A Cold House” ar an dóigh a bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag daoine ón dá phobal sna Sé Chontae tuiscint níos fearr a fháil ar a chéile, dar le Robert McMillen.

Íomhá
Laurence McKeown, iarchime agus drámadóir

Tá dráma úr de chuid Dubbeljoint Productions, “A Cold House”, ag oscailt i mBéal Feirste an tseachtain seo. Ainneoin an phlota seanchaite, a bhfaca muid a mhacasamhail go mion minic roimhe, is dul chun cinn mór é go bhfuil an dráma áirithe seo ar an ardán ar chor ar bith.

Is éard atá sa dráma ná an méid a tharlaíonn nuair a fhaigheann iarbhall den RUC amach go bhfuil an fear atá ag obair ina chistin ina iarbhall den IRA. Ní nach ionadh, tosaíonn “díospóireacht” idir an t-iarphéas, a bhean chéile agus an poblachtánach ar an choimhlint ó thuaidh. An rud is suimiúla fá “A Cold House” is iad na húdair. Chaith Laurence McKeown 16 bliana sna H-bhlocanna. Mhair sé 70 lá ar stailc ocrais i 1981 le linn na tréimhse ina bhfuair Bobby Sands agus naonúr eile bás. Chuir a mháthair deireadh le stailc Laurence nuair a thit sé i dtámhnéal.

Chaith Brian Campbell seacht mbliana i bpríosún ó 1986 - 1993. Agus é faoi ghlas, bhí sé ina eagarthóir ar An Glór Gafa, iris na gcimí poblachtánacha. Ba iad an dís seo a scríobh “A Cold House”, agus den chéad uair in iarthar Bhéal Feirste, b’fhéidir, beidh smaointe inmheánacha bhall den RUC á nochtadh go neamhbhalbh os comhair lucht féachana a bheidh chóir a bheith céad faoin chéad náisiúnach.

Ach cad é mar is féidir le beirt iarchimí poblachtánacha intinn oifigigh de chuid an RUC a thuigbheáil?

Le cúpla bliain anuas, tá Laurence McKeown ag obair ar son Choiste na nIarchimí, scáthghrúpa a oibríonn ar son chearta iarphríosúnach poblachtánach. Is é ceann de na haidhmeanna atá ag an choiste ná teagmháil agus cumarsáid a chothú le baill “an phobail” eile. Bíonn siad páirteach i seimineáir a reáchtálann leithéidí Corrymeela nó Democratic Dialogue nó an Glencree Reconciliation Centre. Ar an dóigh seo, is féidir le daoine a chaith blianta fada i bpríosún mar gheall ar ghníomhartha paramíliteacha bualadh go neamhfhoirmeálta le dílseoirí, aontachtóirí, iarphóiliní le míchumas, baintreacha bhaill de chuid an RUC agus daoine a gortaíodh de dheasca eachtraí an IRA.

Ar an dóigh seo, bhí McKeown agus Campbell ábalta bualadh le hiarphóilíní agus a ndearcadhsan a fháil, chan amháin ar chúinsí na coimhlinte, ach ar chostas daonna an fhoréigin, ar an rud a spreag daoine le dul isteach san RUC, agus mar sin de, dul taobh thiar de stereotype “an black bastard."

Tábhachtach

Deir léiritheoir an dráma, Pam Brighton, go bhféadfadh “A Cold House” a bheith ar cheann de na drámaí is tábhachtaí a spreag próiseas na síochána. Is féidir rudaí a rá fríd an drámaíocht nach dtiocfaí a rá ag cruinniú polaitúil, mar shampla. Ar tharla sé riamh in iarthar Bhéal Feirste gur nocht ball de chuid an RUC a anam do phobal mór náisiúnach?

Ainneoin gur carachtar i ndráma é an t-iarphóilín, dearbhaíonn McKeown agus Campbell go bhfuil siad dílis do na barúlacha a fuair siad agus iad ag plé le fíorbhaill den RUC. Ní fhaigheann an poblachtánach sa dráma "easy ride" - ní thiontaíonn an póilín ina náisiúnach i ndiaidh dó barúlacha fhear an IRA a chluinstean. Tá go leor ábhair machnaimh sa dráma don uile dhream.

An mhí seo caite, dúirt Gerry Adams go raibh sé de dhualgas ar phoblachtánaigh dáimh le haontachtóirí a chothú, gur seo ceann de na hathruithe riachtanacha a gcaithfidh poblachtánaigh dul fríd. Tá “A Cold House” tábhachtach sa phróiseas sin.

Ó bunaíodh an stát, tá ról an íospartaigh á imirt ag Caitlicigh/náisiúnaithe/ poblachtánaigh. Leis an ról sin a chomhlíonadh, níorbh féidir géilleadh agus admháil go raibh aon locht ar thaobh s’acusan. Faoi láthair, dá lochtaí é, tá mud ag dul fríd thréimhse ina bhfuil go leor daoine a mharódh a chéile deich mbliana ó shin, sásta labhairt lena chéile.

Ach cad é mar is féidir *modus vivendi *a chothú má tá an chodarsnacht íospartach/déantóir coire beo beathaíoch?

Caithfidh poblachtánaigh bheith ábalta níos mó ná “seo na fáthanna gur mharaigh muid do Dhaidí” nó “phléasc muid do chosa ó do cholainn mar rinne an RUC seo nó siúd” a rá.

Má bhuaileann tú do bhean chéile, ní leor é a rá gur bhuail tú í mar go ndearna sí éagóir ort. Is gá leithscéal a ghabháil agus a bheith cinnte nach dtarlóidh sé arís. Níl a fhios agam an bhfuil poblachtánaigh réidh leis sin a dhéanamh go fóill. Tá sé níos measa ar an taobh eile. Tá an séanadh go domhain i sícé na n-aontachtóirí. (Chan ionann agus na dílseoirí atá sásta a admháil go ndearna siad rudaí uafásacha.)

Ach leis an spotsolas á dhíriú ar “an chogadh salach” tá seans (caol) ann go mbeidh an íomhá dhubh agus bhán den choimhlint ó thuaidh réabtha as a chéile.

De réir chlár teilifíse an BBC, “Panorama”, rinneadh ionsaí ar 80 duine a bhí ar liosta ghníomhaire na Breataine Brian Nelson. Maraíodh 29 acu. Chuidigh gníomhairí Briotanacha le dílseoirí na céadta arm a thabhairt isteach ón Afraic Theas. Barr an chnoic oighir?

Go dtí go bhfuil achan duine sásta leithéidí Dubbeljoint a thriail, agus iarracht a dhéanamh spreagadh agus croí a gcéilí comhraic a thuigbheáil, mairfidh an díobháil chogaidh in áit na síochána go ceann tamaill eile.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.