Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Mícheál Ó Ceallaigh ar Thír an Fhia, Conamara.
Tá Tír an Fhia suite in oileán Ghorumna, in iardheisceart Chonamara, thart ar shé mhíle is tríocha ó chathair na Gaillimhe. Is baile fearainn beag ciúin é atá míle agus ceathrú ar fhad agus timpeall leathmhíle ar leithead. Tír an Fhia a tugadh ar an mbaile mar go raibh go leor fianna ann san am fadó. Deirtear gur foraois den chuid is mó a bhí sa talamh máguaird. Tá an baile é féin ag síneadh le cuan foscúil ar a dtugtar Cuan an Fhir Mhóir. Tá an talamh san áit clochach agus tá portaigh agus go leor sléibhte sa gceantar freisin. Fásann gach cineál bláth san áit agus tá radharcanna áille le feiceáil thart timpeall. Tá an talamh roinnte suas ina phíosaí caola fada, ag síneadh síos go cladach. Ní baile mór tionsclaíoch é Tír an Fhia agus braitheann an chuid is mó de na daoine ar an iascaireacht mar shlí bheatha, ach caithfear a rá go bhfuil seo ag athrú go sciobtha. Tá eastát tionsclaíoch bunaithe le cúpla bliain anuas, ina bhfuil comhlachtaí ar nós More Net Teoranta agus Seaspray ag feidhmiú. Is comhlachtaí beaga go leor acu sin, áfach, nach bhfuil ach lear beag daoine ag obair iontu. Roinnt blianta ó shin, bunaíodh tionscadal nua oideachais, Muintearas, áit a gcuirtear cúrsaí foghlamtha agus oiliúna ar fáil don phobal, cúrsaí a dhíríonn den chuid is mó ar fhorbairt scileanna ríomhaireachta. Tá siopa amháin sa mbaile ar a dtugtar Tí Joe Mhic an Iomaire. Mar aon leis sin, tá séipéal ann darb ainm Séipéal Naomh Muire gan Smál agus scoil náisiúnta Thír an Fhia, a bhfuil suas le céad tríocha gasúr ag freastal uirthi. Reáchtáiltear chuile chineál imeachta i Halla Spóirt na scoile, ó champaí peile go club óige. Mar gheall go bhfuil muid ar an gcósta, tá go leor céibheanna beaga scoite timpeall, chomh maith le trá álainn ar a dtugtar an Trá Mhóir. Sa samhradh, bíonn Tír an Fhia cosúil le baile mór leis an méid cuairteoirí a bhíonn san áit. Freisin, mar gheall go bhfuil sé lonnaithe i gceantar Gaeltachta, tagann Gaeilgeoirí ó chuile chearn den tír chugainn ag foghlaim ár dteanga álainn.
An imirce
Sna seachtóidí agus sna hochtóidí, ní raibh mórán den aos óg ag fanacht thart sa gceantar. Ní raibh na monarchana ná na heastáit thionclaíocha oscailte go fóill agus bhí easpa oibre agus forbartha sa gceantar. Dá bharr seo, bhí ar líon mór de dhéagóirí an cheantair a n-aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá agus ar Shasana chun cúpla punt a shaothrú. Ach tá athrú mór tagtha ar an saol mar, i láthair na huaire, tá roinnt mhór de na daoine úd a thug an bád bán orthu féin ag filleadh anois agus ag lonnú arís sa mbaile inar tógadh iad. Tá a ndúchas agus an timpeallacht a thréig siad ina n-óige anois mar a bheadh seoid luachmhar acu, agus tá siad breá sásta a bheith ag tógáil a gclainne san áit. Rud amháin diúltach faoin fhilleadh seo ar an bhfód dúchais ná go bhfuil níos mó Béarla le cloisteáil ag gasúir na háite. Tá na báid seoil mar ghné eile de shaol agus de sheanchas Thír an Fhia. Tá siad seo á n-úsáid ag muintir na háite chun a mbeatha a thabhairt i dtír leis na céadta bliain. Ar na báid is mó aithne sa gceantar ná Bád Mhonica nó an Mhicí. Is báid mhóra iad siúd ach tá go leor cineálacha eile bád sa gceantar, leathbháid, púcáin agus gleoiteogaí mar shampla. Baineadh úsáid mhór as na báid seo sna blianta atá caite, chun móin a iompar agus earraí a thabhairt ó Ghaillimh, nó chun feamainn a iompar chuig Oileáin Árann. Anois úsáidtear iad mar bháid phléisiúir. Eagraíonn coistí éagsúla thart ar Chonamara féilte bád gach samhradh, agus bíonn rásaí acu in aghaidh a chéile le linn na bhféilte seo. Tá féile bhliantúil Chéibh Ghlais na nUan, a bhíonn ar siúl i lár mhí Lúnasa, ar cheann de na féilte seo. Mar sin, is maith is fiú cuairt a thabhairt ar an mbaile ildaite seo, atá scoite amach ón ruaille buaille, más mian leat a bheith ar do chompord tamall. Nuair a chuimhníonn tú air ó thaobh na tíreolaíochta de, tá tú ar an bpointe is faide siar in iarthar na hEorpa agus tú anseo. Tá Mícheál Ó Ceallaigh sa cheathrú bliain in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe - Maigh Eo, áit a bhfuil sé ag déanamh staidéir ar an ngnó agus ar an gcumarsáid.