110

An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair

Oideas Gael

Arna fhoilsiú ag Oideas Gael

Le cabhair ó
Foras na Gaeilge
(2001-2014)

Eolas agus teagmháil
About and contact

Fógraíocht ar Beo!
Advertising on Beo!

Treoracha do scríbhneoirí

Cartlann

RSS

informace
Iris mhíosúil ab ea Beo! a d'fhoilsítí ó Bhealtaine 2001 (Eagrán #1) go Meán Fómhair 2014 (Eagrán #161). Cé go bhfuil deireadh curtha le foilsiú na hirise, tá cartlann iomlán ar fáil anseo i gcónaí.
Cartlann
gluais Gluais
ROGHA RANDAMACH ÓN CHARTLANN (athlodáil)
Íomhá
Eagrán 103, Samhain 2009
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Níl aon leas ceart á bhaint ag Éirinn as tionscal na sléibhteoireachta, dar le Breandán Delap. Ach caithfear fadhbanna maidir le cead siúil a réiteach más mian linn sléibhteoirí a mhealladh chun na tíre.

»»»
Íomhá
Eagrán 24, Aibreán 2003
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

Bhí na mílte ar shráideanna Manhattan an mhí seo caite ag agóid i gcoinne an chogaidh san Iaráic ach, mar a mhíníonn Tom Deignan, tá go leor daoine ar imeall na cathrach atá go mór i bhfábhar an ionraidh.

»»»
Íomhá
Eagrán 79, Samhain 2007
CÚINNE NA nEALAÍON
Éamonn Ó Dónaill

Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge agus Bhéarla, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: [i]Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil[/i] (Cló Iar-Chonnachta), le Pól Ó Muirí. Léirmheas le hÉamonn Ó Dónaill.

»»»
Íomhá
Eagrán 113, Meán Fómhair 2010
AGALLAMH BEO
Caitríona Budhlaeir

Tá seanaithne ar Mhaidhc Dainín Ó Sé, go háirithe i measc phobal na Gaelainne agus i measc na gceoltóirí traidisiúnta. Leabhar is fiche atá scríte aige as Gaelainn go dtí seo agus é ag scríobh leis ar a shuaimhneas. Bhuail sé isteach chun cainte le Caitríona Budhlaeir i nDún Chíomháin, Baile an Fheirtéaraigh agus ba léir go raibh féith na scéalaíochta go smior ann. Is ana-chomhluadar é, fear atá lán de bheocht is de chleachtadh. D’eachtraigh sé mar gheall ar a shaol i gCorca Dhuibhne is thar lear agus dhírigh sé isteach ar a chuid scríbhneoireachta agus ar chúrsaí ceoil.

»»»
Íomhá
Eagrán 87, Iúil 2008
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Tráth den saol ba ar na poblachtánaigh amháin a bhí an ghráin dhearg ag na haontachtaithe. Ach anois, mar a mhíníonn Robert McMillen, tá siad ag tabhairt faoi naimhde úra – an pobal aerach, lucht na heolaíochta agus lucht labhartha na Gaeilge ina measc.

»»»
Íomhá
Eagrán 104, Nollaig 2009
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

Tá Brian Ó Broin i ngrá le Cathair San Francisco go fóill agus é ag rothaíocht amach ar Dhroichead an Órgheata an turas seo. Ní dócha go bhfuil bláthanna fite aige ina chuid gruaige áfach.

»»»
Íomhá
Eagrán 62, Meitheamh 2006
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN

As Dún na nGall í Seosaí Nic Rabhartaigh agus tá sí ag teagasc na Gaeilge in Ollscoil Wisconsin, Milwaukee (UWM) faoi láthair. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair léi faoina cuid oibre agus faoi bheith ag tógáil a cuid páistí le Gaeilge i Meiriceá.

»»»
Íomhá
Eagrán 141, Eanáir 2013
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú siar ar ardfhear caide Ard an Bhóthair, Páidí Ó Sé, agus an tslí ar bhris sé croí an fhreasúra ar pháirc na peile blianta i ndiaidh a chéile.

»»»
Eagrán 23, Márta 2003
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá ag teip ar fhormhór na gcomhlachtaí atá ag iarraidh seirbhísí agus earraí a dhíol ar an idirlíon aon bhrabús a dhéanamh, ach d’fhéadfadh na gutháin shoghluaiste a bheith mar chuid den réiteach ar an bhfadhb seo sa todhchaí. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 33, Eanáir 2004
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Tá an t-iománaí óg Setanta Ó hAilpín as Corcaigh chun an tír seo a fhágáil agus peil a imirt go profisiúnta san Astráil. Measann Colm Mac Séalaigh go léiríonn sé seo go bhfuil sé in am don Chumann Lúthchleas Gael díriú i gceart ar cheist na n-íocaíochtaí d’imreoirí idir-chontae.

»»»
Íomhá
Eagrán 137, Meán Fómhair 2012
CÚINNE NA nEALAÍON
Sylvia Bledow
Íomhá
Eagrán 150, Deireadh Fómhair 2013
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Ón lá inniu go ceann 10 mbliain eile beidh go leor le ceiliúradh ach fiafraíonn Donncha Ó hÉallaithe céard tá le ceiliúradh ag lucht na Gaeilge?

»»»
Íomhá
Eagrán 9, Eanáir 2002
AGALLAMH BEO
Éamonn Ó Dónaill
Íomhá
Eagrán 14, Meitheamh 2002
SPÁRÁLAÍ SCÁILEÁIN

Tugann Beo! cuairt ar Ghaeltacht Chonamara i gContae na Gaillimhe arís an mhí seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 8, Nollaig 2001
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Dúlacháin

Is minic daoine a thugann cuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall ag gearán nach mbíonn go leor imeachtaí cultúrtha ar siúl. Ní bheidh aon chúis ghearáin as seo amach acu siúd a thabharfaidh aghaidh ar Ghort an Choirce in iarthuaisceart an chontae, mar a mhíníonn Colm Ó Dúlacháin.

»»»
FÓGRAÍ POBAIL
Anseo a fhoilsítear fógraí fostaíochta, imeachtaí sóisialta, cúrsaí oiliúna agus eile. Chun fógra a fhoilsiú anseo, cuir ríomhphost chuig oifig@beo.ie.

Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.