Tá dearcadh na náisiúnaithe i mBéal Feirste i leith an IRA tar éis athrú go mór le tamall anuas, go háirithe ó dúnmharaíodh Robert McCartney, mar a mhíníonn Robert McMillen.
Nach iontach iad na deirfiúracha McCartney. Bí ag caint ar “luachanna teaghlaigh”. Mar atá a fhios ag an tsaol mhór anois, maraíodh Bert McCartney (33) (agus gortaíodh cara leis go dona) ar an 30 Eanáir i ndiaidh scliúchais a tharla idir é féin agus baill de chuid an IRA i dteach tábhairne i lár Bhéal Feirste.
De réir na ndeirfiúracha, scrios an IRA cibé fianaise a bhí ar fáil taobh istigh den phub, bhris siad na ceamaraí slándála taobh amuigh ar an tsráid, bhagair siad ar cibé duine a chonaic an t-uafás agus d’imigh leo - gan scairt a chur ar otharcharr féin don fhear a bhí ag imeacht ar shlí na fírinne, athair beirt pháistí, a sháith siad le scian agus a chiceáil siad sa chloigeann.
Is iomaí duine a d’fhágfadh mar sin é, ach tháinig deirfiúracha Robert chun tosaigh agus pobal iomlán na Trá Giorra ar a gcúl ag iarraidh cúitimh, ag maíomh go raibh Sinn Féin agus an IRA ag cosaint na ndaoine a mharaigh Robert.
Is ceantar ar leith é an Trá Ghearr. Is bailiúchán de shráideanna beaga Caitliceacha é atá timpeallaithe ag ceantracha móra Protastúnacha. I rith na bliana, ach le linn shéasúr na máirseála go háirithe, dhéanadh dílseoirí ionsaithe ar an cheantar go rialta, rud a chothaigh spiorad iontach comhair i measc na ndaoine. Ar scáth a chéile a mhair siad agus chothaigh meon seo an léigir cruas agus ceanndánacht iontu in aghaidh a naimhde.
Is é an difear mór inniu ná go n-áirítear an IRA agus Sinn Féin i measc naimhde na ndaoine, dar leis na deirfiúracha agus, is cosúil, tromlach mór de bhunadh an cheantair. Seo rud nach bhfuil [poblachtánaigh] cleachtaithe leis.
Ionsaí
Tá miotaseolaíocht ann (bunaithe ar an fhírinne) gur shábháil an IRA an Trá Ghearr i mí an Mheithimh 1970 nuair a d’ionsaigh ollscaifte Protastúnach í. Ach go bé snípéirí de chuid an IRA (mharaigh siad triúr agus maraíodh ball amháin dá gcuid) thabharfaí an drochbhail chéanna ar an cheantar is a tugadh ar Bombay Street agus ar shráideanna eile a dódh go talamh le linn laetha luatha na dTrioblóidí.
De réir cheannaire an IRA, Billy McKee, a gortaíodh le linn na tréimhse seo, chuir an dóigh ar chosain na hÓglaigh an ceantar deireadh leis an mana "IRA = I Ran Away" a bhí le cluinstin ag tús na dTrioblóidí agus dhaingnigh an dearcadh gurbh iad na Sealadaigh cosantóirí an phobail.
Tháinig an IRA chun cinn arís i 2002 le linn na gcoimhlintí idir pobal an cheantair agus a gcomharsanaigh i Cluan Place - arís, scaoileadh urchair, gortaíodh daoine ach níor maraíodh aon duine. Arís, ba iad na Sealadaigh a chosain an Trá Ghearr, i súile na ndaoine.
Trí bliana níos moille agus tá gach rud athraithe, athraithe chan amháin sa Trá Ghearr ach ar fud an oileáin.
Tá sé athraithe go háirithe i measc na náisiúnaithe, athraithe ag robáil Bhanc an Tuaiscirt (táthar ag cur ceiste cad chuige ar robáil an IRA é, cén úsáid a bhainfí as an airgead?); tá sé athraithe ag dúnmharú Robert McCartney agus, b’fhéidir, Stephen Montgomery, i dtuaisceart na cathrach.
Tá sé athraithe in iompar an rialtais agus na páirtithe polaitíochta ó dheas maidir le Sinn Féin.
Den chéad uair, tá an pobal náisiúnach ag glacadh leis, de cheal “na streachailte armtha”, gur beag *raison d’etre *atá ag an IRA.
Is cuimhin liom féin laetha deireanacha chogadh Vítneam nuair a bhí na Meiriceánaigh ag iarraidh teacht ar “aistarraingt onórach” on tír.
Tá bunús na ndaoine ag súil go bhfuil an IRA ag iarraidh teacht ar an rud céanna. Is é sin amháin, scor an IRA, a bhogfas gluaiseacht na poblachta ar ais i dtreo an talaimh ard mhorálta.
Ag scríobh dó in Daily Ireland, páipéar a mhaíonn go dtugann sé guth ar bhonn laethúil do náisiúnaithe na Sé Chontae, scríobh Tom McGurk, fear a bhfuil cáilíochtaí maithe poblachtánacha aige: "… all the bitching and complaining about enemies and securocrats and historical reference points is just so much hot air.” Ouch.
Agus le linn di bheith i mBéal Feirste, dúirt an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa, arb as ceantar láidir náisiúnach, Ard Eoin, í féin: “It is time to close the door on the tradition of armed struggle and to bring a dignified and principled end to the debate started by Daniel O’Connell ... It is time to make a hope-filled, humanly decent start to the shared future that is the unarguable entitlement of the next generation.”
Coiriúlacht
Tá na deirfiúracha McCartney, ar vótóirí iad a thacaíonn le Sinn Féin (nó a thacaigh, ba chirte a rá faoi láthair), ag díriú spotsolais ar “choiriúlacht phoblachtánach”, coincheap nárbh ann dó dar le cuid mhór daoine, dhá fhocal nár chualathas le chéile riamh in iarthar Bhéal Feirste nó i ndeisceart Ard Mhacha.
Dúirt Protastúnach amháin liom gur mairg nár sheas an pobal náisiúnach an fód nuair a bhí an IRA ag marú Protastúnach, nár aithin siad an choiriúlacht phoblachtánach go dtí go dtáinig sé chuig a dtairseach féin.
Is mithid don IRA scor mura bhfuil sé le dul chun drabhláis. (Táthar ag caint cheana féin ar an sean-IRA, is é sin an IRA roimh 1994!)
Ach i gceantracha beaga scoite náisiúnacha mar an Trá Ghearr, beidh cúis imní an-mhór i gcónaí ann: cad é tharlóidh má thagann ollscaifte dílseoirí chun na háite? Cé a chosnóidh an ceantar?
Ní mór aghaidh a thabhairt ar an cheist sin fosta.
Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*