Agus camchuairt díreach críochnaithe ag Kila, tá Colm Ó Snodaigh ag súil le tréimhse níos ciúine agus níos réchúisí, as a dtiocfaidh inspioráid don cheol úr.
Tá deireadh an tsamhraidh tagtha, tá an fómhar anois i réim. Tá claisceadal na nduilleog ag tosú, an teocht ag ísliú, tinte á lasadh in athuair. Tá an maratón, a labharas faoi ag tús an tsamhraidh, curtha dínn. Ní bheidh ceolchoirm againn ar feadh cúig seachtaine. Is maith sin óir go bhfuil mé féin spíonta. Tá sos de dhíth orm. Tá mo lámha éirithe tuirseach agus bím ag fáil corrphian i mo mhéara.
Níos tábhachtaí fós, b’fhéidir, tá an ceol éirithe beagán tuirseach. Tá ceol nua de dhíth orainn. Ón stáitse ag Féile Chois Fharraige i gCill Chaoi, dúirt Rónán gurbh é sin an uair dheireanach a sheinnfeadh muid an t-amhrán "Glanfaidh Mé".
Thuig muid uilig dó. Uaireanta is gá spás a chruthú le fáilte a chur roimh rud atá nua. Tá "Glanfaidh Mé" tar éis a bheith mar chuid lárnach dár gceolchoirmeacha le ceithre nó cúig bliana faoin am seo. Is píosa mór ceoil é, ach conas a thiocfaidh na píosaí úra tríd má fhágann muid é i lár baill? Chomh maith leis sin, bíonn sos de dhíth ar phíosaí ceoil freisin!
Bhí na smaointe úd i m’intinn agus mé ag tiomáint ar ais ón bhféile i gCill Chaoi go déanach istoíche. An mhaidin dár gcionn, ghlaos ar Mark Gavin, innealtóir fuaime a ndéanann muid an-chuid taifeadta leis.
“An bhfuil fonn pleidhcíochta ort?”, a d’fhiafraigh mé de.
Bhí, agus bíonn de ghnáth, fonn pleidhcíochta air. Thuig sé go raibh fonn orm dul i mbun tochailte. Mhíníos dó go rabhas chun mo leabhar nótaí agus mo chaiséid a chíoradh le teacht ar chorrlíne nó ar chorrnóta nó ar fhoinn a bhí breactha síos agam le blianta beaga anuas. An plean a bhí agam ná na píosaí nó na smaointe is fearr a chur ar aon dlúthdhiosca amháin agus é a thabhairt do gach duine sa bhanna le hiarracht a dhéanamh tús a chur leis an nua.
Oíche ghaofar Déardaoin a bhí ann, trácht deiridh na cathrach ag ídiú, agus muid ag cur tús leis an bpleidhcíocht. Bhí Rónán linn chomh maith. Tá dhá amhrán úra den chéad scoth scríofa aige, sin é mo thuairimse ina dtaobh ar aon nós. Is iad na hamhráin sin ná, "Cad eile le rá, ach go bhfuil tuile le gach trá" agus ceann beag eile sonasach dar teideal "Shuffle-ceol", faoi a bheith ag siúl síos suas an bóthar. Rinne sé leaganacha fíorgharbha a thaifeadadh.
Tá cúpla fonn úr scríofa agam féin freisin. Ina measc, tá "Máirseáil Phaddy Clarke", válsa nó dhó nach bhfuil teideal orthu go fóill, amhrán beag grá nach bhfuil tite ar thalamh slán go fóill, amhrán eile faoi dhílseacht - a bhfuil an iomarca focal ann, sílim - agus amhrán eile atá róchosúil le "Everybody Hurts" le REM. Agus ritheann an oíche uainn mar sin, ó smaoineamh go smaoineamh, agus muid ag déanamh na smaointe sin a thaifeadadh go tapa.
Tús maith leath na hoibre! Ach tuigim nach bhfuil fiú aon faoin gcéad den obair déanta!
Tá ruathar fúm anois.
Cúpla lá níos déanaí, éalaím liom go Cluainín, mar go bhfuil cónaí ar Dee agus Rossa ansin. Suíonn muid agus éisteann muid le toradh na hoíche. Ní deir Dee aon ní ach tá fonn seinnte uirthi agus fonn mór pleidhcíochta uirthi chomh maith.
Foghlaimím cúpla fonn uaithi agus ise uaimse. Tagann Rossa. Deirim leis gur mian liom oibriú ar phort atá aige, atá go hiontach dar liomsa, agus a gcloisim an saghas tionlacain atá ar "Come Together" leis na Beatles taobh thiar de. Canaim mo smaoineamh. Aontaíonn siad liom. Seinneann muid. Ní thagann muid ar aon ní ach is maith an rud é ceol a sheinnt. Ar bhealach ait, braithim go bhfuil an ceol buíoch dínne as é a sheinnt!
Tosaíonn Dee ag seinnt foinn ar an mbainseó. Mmmmm.... Tosaím agus Rossa ag pleidhcíocht ar an maindilín agus an giotár. Ní thaitníonn ár bpleidhcíocht léi ar dtús, ach leanann muid ar aghaidh. Tá ní éigin speisialta ar bun idir na deartháireacha, b’fhéidir, agus gan focal a rá, tuigeann muid go bhfuil atmaisféar éigin aimsithe againn. Cloiseann muid nótaí nó cordaí san atmaisféar. Ní ann dóibh ach inár n-aigne!
Leanann Dee ag seinnt an fhoinn agus a lámha ag éirí tuirseach. Go tobann tagaim ar chordaí atá beagán ar nós chordaí na mbannaí Cradle of Filth agus Slipknot. Tá sé againn! Swamp Metal a thugann muid air.
Smaoiním ar sheanphíosa a bhí againn ar a tugadh "Neighbour of the Beast". Píosa ab ea é nár chríochnaíomar riamh mar nach raibh sé ceolmhar agus go raibh sé lán de dhíshondas dorcha. Ceol an diabhail is ea é!
Cuireann muid deireadh leis an tráthnóna seinnte nuair thagann na páistí abhaile ón scoil. Táimid ríméadach. Tuigeann muid go bhfuil gach seans ann nach rachaidh muid ar aghaidh leis an bpíosa ceoil níos faide ná an fhorbairt atá déanta an tráthnóna seo, ach tuigeann muid freisin go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas cumadóireachta. Tá an nua tar éis labhairt!
Bhuaileas le heolaí ón tSeapáin ag deireadh an tsamhraidh a dúirt liom go suíonn sé féin agus a chomhghleacaithe le chéile i gciúnas sula dtosaíonn siad ag caint faoina gcuid fionnachtana. Dúirt sé liom gurb as an gciúnas seo a thagann na smaointe is fearr.
Deirim seo le Dee, agus aontaíonn sí liom. Ciúnas gan clampar na gceolchoirmeacha atá á lorg againn. Bíonn sé iontach deacair a bheith i mbun ceolchoirmeacha agus cumadóireachta ag an am céanna. Bíonn do chosa róscaoilte, do smaointe róscaipthe agus do chlog ama rómheasctha suas.
Labhraím léi féin agus le Rossa faoin gceol a mbím ag éisteacht leis - ceol domhanda, ceol éadrom rithimeach, ceol dainséarach agus ceol cliste a bhfuil atmaisféar seachránach agus suaithinseach ag baint leis, mar atá i gceol Manu Chao. Labhraíonn siadsan faoin gceol a mbíonn siad féin ag éisteacht leis.
Tá an-chuid le déanamh againn – an-chuid pleidhcíochta agus an-chuid seinnte sa chiúnas. Níl aon amhras orm ach go dtiocfaidh na smaointe nua agus an ceol nua uilig as an gciúnas sin.