72
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Ceapann Donncha Ó hÉallaithe nach bhfuil sa Bhille, a cheadaíonn ginmhilleadh sa Phoblacht ach sceach sáite sa bhearna. Creideann sé go bhfuil sé thar am Airteagail 40.3.3 sa Bhunreacht, a chosnaíonn an bheatha sa bhroinn, a chur ar ceal.
»»»Is iomaí saothar osréalaíoch ealaíne atá le feiceáil i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tugann Ciara Nic Gabhann léargas suimiúil san alt seo ar an ealaín osréalaíoch atá le fáil sa tír.
»»»Chaith Ciara Nic Gabhann súil siar ar dhearcadh lucht ealaíne ar cheann d’eachtraí móra suntasacha an domhain, an bolcán, agus a thionchar ar shamhlaíocht an duine.
»»»Cuireann muintir na hAstráile in aghaidh iarrachtaí údaráis na tíre ‘eachra slime sleamhna’ na hiargúlach a smachtú. Baineann íomhá leis an scéal dar le Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Tá Ruth Nic Giolla Iasachta díreach tar éis bogadh go dtí an Nua-Shéalainn agus beidh sí ag scríobh mar gheall ar an tír don iris seo sna míonna atá romhainn. Sa chéad cholún seo, féachann sí ar an gcaidreamh idir na Sasanaigh agus na bundúchasaigh ó bhí an naoú haois déag ann.
»»»Labhair Liz Curtis le fear darb ainm Ivor Neill le gairid, atá ina scipéir ar bhád a théann chun farraige go minic le foireann daoine as gach saghas cúlra.
»»»Tá teannas láidir idir na Maoraigh agus Rialtas na Nua-Shéalainne le roinnt míonna anuas, ó cuireadh sceimhlitheoireacht i leith baill de threibh na Tūhoe. Cúlra an scéil ó Ruth Nic Giolla Iasachta.
»»»Síneann staire na scannánaíochta i bhfad siar ach má mhúch forbairt na haibhléise a lán de na taibhsí, thug forbairt na scannánaíocht cineál fad saoil do na púcaí ar feadh tamaill dar le Mícheál Ó hAodha.
»»»Foilsíodh graiméar nua, Leabhar Gramadaí Gaeilge, le déanaí. Chuir Beo! agallamh ríomhphoist ar údar an tsaothair, Nollaig Mac Congáil.
»»»Rianaíonn Ciarán Mac Aonghusa an drochobair a d’fhág cuid Pháidín den mheacan ag móramh an domhain, an dream bocht a bhronn na billiúin ar thoicí nár shaothraigh é.
»»»Tá Pádraig Mac Éamoinn dóchasach go ndéanfaí Rialtas na hÉireann tuilleadh airgid a infheistiú sna hiarnróid go luath agus go dtiocfaidh forbairt mhór orthu dá bharr sin.
»»»Is iontach gur tháinig an Afraic Theas amach slán as ré bhrúidiúil na cinedheighilte. Tá an choiscéim thábhachtach eile sin le glacadh anois dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Tá an taisteal atá déanta thar lear le dhá bhliain anuas ag Máire Ní Chuagáin tar éis léargas nua a thabhairt di ar a tír dhúchais.
»»»Ar an gcéad lá de mhí na Bealtaine thóg tuismitheoirí ón bpobal suite a gcuid páistí amach as dhá bhunscoil i gContae Luimnigh. Rinne siad é seo mar agóid i gcoinne pholasaí na Roinne Oideachais páistí de chuid an Lucht Taistil a chur sa rang céanna le páistí ón bpobal suite, fiú má bhíonn roinnt mhaith den scoilbhliain caillte ag na Taistealaithe. Measann Gearóid Ó Riain gur biogóideacht a spreag na tuismitheoirí chun gnímh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.