CÚINNE NA nEALAÍON
Seal sa tSeapáin (Cuid 1)
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Colm Ó Snodaigh ar camchuairt sa tSeapáin lena ghrúpa, Kíla, faoi láthair. Déanann cur síos anseo ar an saol ar an mbóthar.

Íomhá
Íomhá
Kíla faoi lán seoil in Osaka
Íomhá
Oki ar bhus na gceoltóirí
Íomhá
Oki agus Colm Ó Snodaigh i mbun comhrá

Tóiceo

I want to wake up in a city that never sleeps”, a chan Frank Sinatra faoi Nua-Eabhrac ach is cinnte nach raibh riamh i dTóiceo.

Meán oícheShibuyalár Thóiceo. Gasúir agus girseacha gléasta don oíche. Mar a bheadh carachtair as an scannánBlade Runner”. Gach siopa fós ar oscailt. Siopa amháin, díreach síos ón óstán, Don Quixote, plódaithe. Mise ag lorg miondioscaí le taifeadadh a dhéanamh ar na ceolchoirmeacha, ach gach duine eile ag déanamh siopadóireacht do léinte, gallúnach, aon ar chor ar bith, ó bhréagáin do pháistí go bréagáin do dhaoine fásta. gach rud sa siopa seo!

na mná róghléasta. Na sciortaí róghearr, na sála ró-ard. Uaireanta, sílim go bhfuil siad cosúil le bábóga. Dúradh liom nach bhfuil ach timpeall 1,500 Éireannach sa Seapáin. De réir cosúlachta, d’fhan roinnt acu tar éis Chorn an Domhain ceithre bliana ó shin. Tháinig siad ar feadh seachtaine, bhuail le mná Seapánacha agus táid anseo ó shin. Caithfidh go n-oibríonn na sála!

5.30 a.m.: féidir liom dul ar ais a chodladh. Deinim iarracht léamh ar feadh tamaill ach ansin amach liom ar na sráideanna agus a chím lasmuigh de Tully’s Café ach buíon den bhanna agus liosta amanna acu – 4.30, 5.00, 6.30. Níl an codladh ag teacht chugainn go ró-éasca.

Bhí an chéad gig ar fheabhas. D’oibrigh na míreanna a rinneamar le Jean Butler. lánábalta damhsa, an cailín sin. B’fhiú go mór an cúpla cleachtaidh a rinneamar léi i mBaile Átha Cliath an tseachtain sular thángamar amach anseo. Keiko (an bhean a thug cuireadh dúinn teacht amach) breá sásta, agus bharr sin, muidne breá sásta chomh maith!

An dara gig. Duo Exchange. Ionad álainn in aice an óstáin. Casann Dee a rúitín ar an mbealach isteach san ionadiompraítear ar an stáitse í! An chéad leath den gig lenár seanchara Oki. Fíorbheagán cleachtaidh déanta againndeacair bheith ag cleachtadh agus muid mhíle míle óna chéile. Ach tuigeann muid ceol a chéile agus vibe a chéile agus bíonn an ceol álainnceansa, cumhachtach. Sa dara leath, seinneann muid cúpla fonn le Hiroshie Yamaguchi, file, fealsamh, amhránaí agus ceoltóir cáiliúilBruce Springsteen na Seapáine. Ansin, cúpla fonn le Don M ón mbanna Zoo Bombs. seisean níos fiáine Hiroshiescreadaíl agus torann! An-chraic!

Ag deireadh na hoíche, aon duine dhéag againn ar an stáitse. Gleo gleoite.

Nagoya

Níl an fuinneamh céanna ag an gcathair seo. a súile dúnta i bhfad níos luaithe súile a deirféar, Tóiceo. codladh ag teacht chuig an gcarbhán Éireannach. Gig lárthurais againneaspa éigin ann, easpa éigin ionainne.

Osaka

An folúntas líonta. Jean ag cur breis snasa ar a céimeanna agus Oki níos ar a shuaimhneas leis na píosaí ceoil. Táimid faoi lán seoil.

Hokkaido

Fáilte chuig m’oileán,” arsa Oki linn ar an mbus. Hokkaido beagnach chomh mór le hÉirinn. taise san aer agus an fómhar ag teacht. na crainn duillsilteach mar atá in Éirinn. Canann Oki amhrán atá an-chosúil le hamhrán de chuid thraidisiún na na hAlban. Níos déanaí, sa ghairdín, tagann Rónán ar sheamróg. Titeann báisteachan aimsir dár mealladh ar ais abhaile. An turas ag teacht chun deiridh.

Táimid le ceolchoirmeacha a dhéanamh le ceoltóirí mór le : Haruhiko Saga, a sheinneann fidil ón Mhongóil, agus an fhuaim is uaigní dár chuala riamh uaithi; Ryo Watanabe, cnaguirliseoir; Kotaro Oshio, seinnteoir giotáir agus popréaltóg anseo sa tSeapáin; Ryutaor Kaneko, duine de dhrumadóirí Kodo. Ceoltóirí den scoth. Táimid le seinnt in ionad ceoil i Sopparo Art Park, páirc ollmhór a bhfuil taispeántais mhóra dealbhadóireachta ann, gairdíní gleoite fiáine, siopaí agus stiúideonna d’ealaíontóirí.

Is ceolchoirm thábhachtach í seo d’Oki. Deir linn nach bhfuil mórán measa ag daoine air féin ar a cheol anseo i Hokkaido. Anocht, féin agus a cheol mar chuid lárnach den mheascán bríomhar seo ón tSeapáin, ó Éire agus ó thraidisiún an Ainu.

hamháin sin, ach rud níos pearsanta ag tarlú anseo , óir dhá chéad slat ón stáitse dealbh de chuid a atharBikki. raibh aon aithne ag Oki airdrabhlásaí a bhí ann a d’fhág páistí gach áit. “Dealbhadóir den scoth ach drochdhuine,” a deir Oki. Ach anocht mac Oki, a iníon, a bhean chéile agus roinnt theaghlach anseo chun éisteacht leis ag canadh i láthair spiorad a atharé dílis do spiorad ealaíne agus spiorad Ainu a athar ach níos dílse fós theaghlach.

Canann faoi thitim na treibhe Ainu, na Toppatumi. Braithim doimhneacht ina ghuth nár chuala cheana. ag ceiliúradh na teanga, an chultúir, na daonnachta, a fhás mar dhuine agus, níos doimhne fós, a ghrá.

Ashikawa

Ar maidin, taistealaíonn muid níos faide ó thuaidh le seinnt in iarsmalann Ainu agus chun a chaitheamh i measc mhuintir Oki. Muid ag tochailt níos doimhne isteach i gcultúr na treibhe diamhaire Ainu seo.

Beidh spraoi againn. a fhios agam sin ach, ar dtús, caithfidh an bheirt Seapánach a bhí ag tabhairt aire dúinn le linn an turais a dhúiseacht. Bhí an iomarca le n-ól acu aréir agus anois caithfidh siad filleadh ar an gcathair nach sroicheann an leaba riamh.

www.tonkori.com (suíomh Oki)

www.jeanbutler.com (suíomh Jean Butler)

www.tarbagan.net (suíomh Haruhiko Saga)

http://www.kodo.or.jp (suíomh Ryautaro Kaneko)

www.ryo-watanabe.com (suíomh Ryo Watanabe)

www.kotaro-oshio.com (suíomh Kotaro Oshio)

www.artpark.or.jp/english/yagaistg/index.html (an t-ionad inar sheinn Kíla i Hokaido)

an t-amhránToppatumiar albam úr Kíla, Kíla & Oki*, atá le ceannach ag *http://kila.ie/shop/

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.