3232
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá go leor deacrachtaí ag baint le pictiúir theilifíse a chraoladh ar an idirlíon. Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar chuid de na slite a bhféadfaí dul i ngleic leis an bhfadhb seo sa ghearrthéarma.
»»»Ní minic a thagann athrú ar rialtas náisiúnta na hAstráile, ach táthar ag súil go mbeidh ré an chomhrialtais reatha thart tar éis an chéad olltoghchán eile, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Tá go leor de phobal na Stát Aontaithe an-bhuartha faoi chúrsaí slándála agus níl ag éirí leis an Uachtarán Bush iad a chur ar a suaimhneas, dar le Brian Ó Broin.
»»»Is minic a théann sé dian ar dhaoine idirdhealú idir muintir na Nua-Shéalainne agus muintir na hAstráile, ach tá bunadh na Nua-Shéalainne an-bhródúil go deo as a gcultúr agus féiniúlacht féin, mar a mhíníonn Ruth Nic Giolla Iasachta.
»»»Ní hé Barack Obama amháin atá ina réadóir thall i Meiriceá. Tá trácht ag Brian Ó Broin ar bhean atá ag déanamh dul chun cinn go seoigh as cúlra nach mbeadh aon duine ag súil léi. Sonia Sotomayor a hainm agus tá sí ag fíorú na haislinge Meiriceánaí.
»»»Tá tús oifigiúil á chur ag Breandán Delap le séasúr na seafóide sna meáin Ghaeilge lena chur síos ar na hiarrachtaí dealbh de Shean-Phádraic Ó Conaire a thabhairt ar ais go croílár na Gaillimhe.
»»»D’fhoghlaim Robert McMillen téarma nua, ‘afáise iomlán’. Cibe is siocair leis, tá roinnt daoine ar an fhóidín mheara ó thuaidh nó ní fheiceann siad an bóthar rompu go saol na síochána
»»»Tá an gréasán domhanda fiche bliain d’aois agus is cuimhin le Ciarán Mac Aonghusa é nach mór ón tús.
»»»Bhí Ciara Nic Gabhann i láthair ag seoladh Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire le gairid. Ní fios go fóill an tairbhe chultúir agus teanga a spréafas i measc an phobail as an ionad áirgiúil seo sna blianta amach romhainn.
»»»Míníonn Diarmaid Mac Mathúna na buntáistí móra a bhaineann le blaganna.
»»»In eagrán [i]Beo![/i] na míosa seo caite, bhí Pól Ó Muirí ag caoineadh chomh hannamh agus a fhoilsítear leabhair neamhfhicsin i nGaeilge. Ach tá ceann eile aimsithe aige – sraith agallamh le mná céimiúla dar teideal [i]Dúirt Bean Liom[/i] de chuid Mháire Ní Néill.
»»»Theip ar Rialtas Harold Wilson (1964-1970) an deis a thapú chun Trioblóidí Thuaisceart Éireann a sheachaint, dúirt an Dr Kevin McNamara i léacht i Learpholl ar na mallaibh. Bhí Tony Birtill i láthair.
»»»Tá an plódú tráchta ag dul chun donais i mBaile Átha Cliath, mar sin an bhfuil sé in am dúinn éirí as na gluaisteáin, a fhiafraíonn Pádraig Mac Éamoinn.
»»»Chaith Robert McMillen seachtain sách corrach le drámaí agus bhí sé ag seoladh leabhair, am ar sileadh deoir.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.