Tá tús oifigiúil á chur ag Breandán Delap le séasúr na seafóide sna meáin Ghaeilge lena chur síos ar na hiarrachtaí dealbh de Shean-Phádraic Ó Conaire a thabhairt ar ais go croílár na Gaillimhe.
Nasc
Má bhí sé de dhánaíocht ag Spike Milligan a mhaíomh go raibh lámh aige i dturnamh ceann de na deachtóirí ba mheasa i stair na cruinne ins an leabhar Adolf Hitler: My Part in his Downfall, cad tuige nach ndéanfainnse cur síos maíteach ar mo ról san fheachtas leis an dealbh de cheann de na scríbhneoirí Gaeilge ba thorthúla i stair na Gaeilge a chur ar ais ar Fhaiche Mhór na Gaillimhe? Nó Pádraic Ó Conaire: My Part in his Upgrade, más mian leat.
Tharla go raibh mé ag ól cúpla pionta Tigh Sheridan ar dhuganna na Gaillimhe Dé Sathairn an 24 Aibreán. Pádraic’s Place an seanainm a bhíodh ar an teach leanna seo le barr measa ar an scríbhneoir Sean-Phádraic Ó Conaire a mhaítear a rugadh ar an láthair ar an 28 Feabhra 1882. Tábhairneoir ab ea a athair agus The Lobster Pot a bhíodh ar an áit ag an am a rugadh an t-údar. Mar a bheifeá ag dréim leis, is iomaí pictiúir den scríbhneoir atá crochta ar na ballaí.
Tharla gur thug duine i mo chomhluadar suntas de ghrianghraf den dealbh cháiliúil don scríbhneoir a bhíodh san Fhaiche Mhór ach ar bogadh go Musaem na Cathrach i dtús an chéid seo mar chuid den athchóiriú a deineadh ar an Fhaiche. “Cad a tharla don mhacasamhail den dealbh a gealladh nuair a bogadh Sean-Phádraig?” a d’fhiafraigh mo chara. Ní raibh freagra na ceiste ag éinne.
Fágtha Bocht Dealbh
An Luan dar gcion, bheartaigh mé go dtabharfainn faoin scéal. Ach ar dtús, b’éigean dom a chinntiú nach raibh macasamhail na deilbhe ann mar a gealladh tráth ar bogadh é. B’éigean d’iníon le cara liom an Fhaiche a shiúl ina hiomláine lena dhearbhú dom nach raibh a leithéid ann. “Níl tásc ná tuairisc air,” a dúirt sí. Ba leor sin, le tuairisceoir a chur ag fiosrú an scéil. Ní raibh aon deacracht ag mo chomhleacaí, Máire Treasa Ní Cheallaigh, teacht ar dhaoine a bhí sásta barúil a nochtadh faoin dealbh nach raibh le feiceáil. Óir bhí an dealbh chéanna fite fuaite i stair chultúrtha na cathrach.
Ba sa bhliain 1935 a nocht Eamon de Valera dealbh aolchloiche de Shean-Phádraig Ó Conaire ar an Fhaiche Mhór , a thóg an dealbhóir iomráiteach, Albert Power. Bhíodh sé de nós ag cuairteoirí chun na cathrach grianghraf a tharraingt agus iad suite ar a ghlúin. Maítear fosta gurb iomaí fear a thug an seoladh ba iomráití sa chathair nuair a rug na Gardaí orthu agus iad i mbun diabhlaíochta: P. Ó Conaire, An Fhaiche Mhór, Gaillimh.
Chaith Sean-Phádraic os cionn trí scór bliain ag amharc uaidh ar an Fhaiche Mhór, go dtí oíche amháin i 1999, nuair a bhain ceathrar ógánach as Ard Mhacha an cloigeann de. Bhí siad ar tí imeacht as Gaillimh go Béal Feiriste ar bhus agus an cloigeann i mála acu nuair a rug na Gardaí orthu.
Cuireadh bail air ina dhiaidh sin ach bhí eagla ann go ndéanfaí tuilleadh dochar dó. Mhaígh saineolaithe deilbhe ag an am go raibh dochar déanta dá shrón, dá hata agus dá leabhar agus nár cheart seoid a bhí chomh luachmhar sin a bheith curtha i mbaol arís. Ach mar chuid den athchóiriú ar an Fhaiche a tugadh Sean-Phádraig go Halla na Cathrach go dtí 2006, nuair a bogadh go dtí Iarsmalann Chathair na Gaillimhe é. Is ann atá sé go fóill. De réir an phlean athchóirithe, gealladh go gcuirfí a a mhacasamhail den tseandealbh ina áit agus go mbeadh sé mar chuid lárnach de pháirc deilbhe ar an Fhaiche....ach ní raibh iomrá ar bith air nuair a thosaigh muid ag fiosrú an scéil.
Meas ar Dhealbh
Inár dtuairisc do Nuacht TG4 an oíche sin, labhair muid leis an staraí Tom Kenny a bhí ar mire leis an Chomhairle Cathrach a chaith na milliúin euro ar athchóiriú na faiche ach nach raibh in inmhe cloí lena ngealltanas maidir leis an mhacasamhail cré-umha de dhealbh a bhí mar chuid de dhlúth is d’inneach na faiche céanna. Ba dhoiligh luach a chur ar sheoid dá leithéid. Mheas an t-aisteoir Diarmuid de Faoite, a bhain cáil amach lena léiriú aonair bríomhar ar shaol agus ar shaothair Shean-Phádraic, gur chomhartha den chroí ealaíonta Gaelach é an dealbh. Chuir sé é i gcomórtas le deilbhín eile – The Little Mermaid - a mheallann na milliúin turasóir go Copenhagen na Danmhairge achan bhliain. Ní raibh ciall gheilleagair ná ealaíne ann a leithéid de chomhartha a bheith ceilte ar phobal na Gaillimhe, dar leis.
Ach dúirt Comhairle Cathrach na Gaillimhe linn nach raibh an t-airgead acu le tabhairt faoin mhacasamhail. Thuigfeá cad tuige nach mbeadh tógáil na macasamhla ar an chloch is mó ar a bpaidrín ag am nuair atá pinginí gann agus an bhróg ag teannadh ar gach aon eagraíocht. Ach cad tuige nár coimisiúnaíodh an mhacasamhail i dtús an chéid, tráth ar bogadh an tseandealbh agus tráth ina raibh pócaí na Comhairle Cathrach flúirseach go maith? Sin ceist nár freagraíodh ach an oiread!
Ag eascairt as an scéal úd a craoladh ar Nuacht TG4 ar an 28 Aibreáin, d’eisigh an Seanadóir Niall Ó Brolacháin ó Chomhaontas Glas ráiteas ag cáineadh na Comhairle Cathrach. Chuir sé ina leith nach rabhthas ag cloí leis an ghealltanas a tugadh go mbeadh macasamhail chré-umha den dealbh (ar aon tomhas leis an leagan bhunaidh) á chur mar chuid de pháirc deilbhe a bhí le tógáil ar an Fhaiche. Bhí a macasamhail le bheith mar dhlúthchuid d’athchóiriú na faiche a d’íoc an rialtas tuairim is 10m €uro air – dhá oiread an mhéid a bhí socraithe sa bhunchonradh a síníodh don obair thogála i 2002. Cad tuige nár caitheadh sciar den airgead a cuireadh ar fáil le macasamhail a thógáil, a d’fhiafraigh an Seanadóir Ó Brolacháin. Dúirt sé go raibh an Chomhairle ag déanamh an béal bocht mar go ndeachaigh sé féin go Chicago, nuair a bhí sé ina mhéara ar Ghaillimh, le dealbh a d’íoc an Chomhairle Cathrach as a nochtadh ann. Bhí siad sásta airgead poiblí a chaitheamh ar an turas seo ach ní raibh siad in inmhe macasamhail Uí Chonaire a thógáil. - Ainneoin na briathra trodacha seo níor tharla a dhath.
Dála Humptaí Dumptaí
Ansin ar an 27 Bealtaine, bheartaigh muid tuairisc eile a dhéanamh ar an ábhar. An t-am seo labhair muid leis an Chomhairleoir Pádraig Conneely ó Fhine Gael a d’éiligh go mbainfí an seandealbh amach as Iarsmalann Chathair na Gaillimhe agus go gcuirfí ar ais ar an Fhaiche Mhór é go dtí go mbeadh macasamhail na deilbhe réidh le cur ann. Mhaígh sé gurb é an t-aon chúis gur thug an Chomhairle Cathrach a mbeannacht d’aistriú na deilbhe ag an am ná gur gealladh go gcuirfí a macasamhail ina háit. Dúirt sé gur chomhartha mór na cathrach é agus go raibh sé róluachmhar le bheith imithe as radharc. Mhol sé go gcuirfí an seandealbh i gcás ar an Fhaiche go dtí go mbeadh an mhacasamhail tógtha.
Tharraing an Comhairleoir Conneely an cheist anuas ag cruinniú de chuid Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an 31 Bealtaine. If we’re not going to have a replica then we should have Pádraic Ó Conaire brought back to Eyre Square. There’s room for him there. The sails [dealbh eile ar an Fhaiche] are outdated, Pádraic Ó Conaire is more photogenic than the sails. Visitors are disappointed he’s locked away in a museum, a dúirt sé le linn chruinniú míosúil na Comhairle Cathrach. Bhí an Comhairleoir Tom Costello ó Pháirtí an Lucht Oibre, ar aon tuairim leis. Dúirt seisean go bhfuarthas gealltanas ó Halla Cathrach sular leagadh oiread is bríce amháin le linn athchóiriú na Faiche go mbeadh macasamhail Shean-Phádraig suite sa suíomh gur dual dó.
Dúirt Stiúrthóir Seirbhísí na Comhairle Cathrach, Tom Connell, áfach, go raibh an-ráchairt ar dhealbh an scríbhneora i Iarsmalann na Cathrach. Cé go raibh beartas ann leathcheann a thógáil dó, ní raibh a dhóthain airgid sa bhuiséad lena leithéid a dhéanamh, dar leis. Nuair a d’fhiafraigh an Comhairleoir Costello dó cé mhéid a chosnódh a leithéid de dhealbh, dúirt an tUas Connell gur €50,000 an praghas a tugadh dóibh sé bliana ó shin. Ach dúirt an Comhairleoir Conneely go mbeadh sé i bhfad níos saoire ná sin anois i bhfianise an chúlú gheilleagair. Dúirt Bainisteoir na Cathrach, Joe MacGrath, nach raibh aon seans in aon chor go gcuirfí an seandealbh ar ais san áit ina mbíodh sé. We nearly lost the entire statue on one occasion. It’s just not feasible to do that. I’ve no difficulty if the councillors agree to put money towards it and we can start the preparatory work,” a d’inis sé don Chomhairle Cathrach. Leis sin, mhol an Comhairleoir Conneely rún lena leithéid a dhéanamh. Glacadh leis an rún d’aon ghuth.
Sin é mar sin, is cosúil anois go mbeidh Sean-Phádraic ar ais ar a sheanléim, nó ar a sheansuí ar laghad ar bith. Is fánach an áit a dtagann iriseoirí ar scéalta (ní ligeann an umhlaíocht dom ‘scothscéalta’ a rá!)
Ach fainic amháin, níl an chéad chloch tógtha go fóill agus i gcead don Skibbereen Eagle beidh ar a laghad iriseoir amháin in iarthar na tíre ag coinneáil súil ghéar ar dhul chun cinn na Comhairle sa chás áirithe seo lena chinntiú nach bhfanfaidh Teatrarc na Gaillimhe i ndeoraíocht ina chathair féin ar feadh i bhfad eile!
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.