AR NA SAOLTA SEO
Piazza Fhaiche an Choláiste
Pádraig Mac Éamoinn Pádraig Mac Éamoinn

Tá an plódú tráchta ag dul chun donais i mBaile Átha Cliath, mar sin an bhfuil sé in am dúinn éirí as na gluaisteáin, a fhiafraíonn Pádraig Mac Éamoinn.

Íomhá
Tá an plódú tráchta ina mhórfhadhb i mBaile Átha Cliath
Íomhá
Níl na mórlánaí bus ag méadú mheánluas na mbusanna
Íomhá
Léiriú den piazza atá molta do Fhaiche an Choláiste ag lucht taighde ó Choláiste na Tríonóide

Tá fear ag siúl tríd an gcathair. Stopann cara dá chuid a charr in aice leis. “Ar mhaith leat síob?”, a deir an cara. Freagraíonn an fear, “Go raibh maith agat, ach níor mhaith – tá deifir orm”.

Seo scéal grinn a chuala mé i mBancác, cathair a bhfuil droch-cháil uirthi maidir le plódú tráchta, ach oireann sé go maith do Bhaile Átha Cliath freisin.

Tá scéal ag gach éinne faoin trácht agus faoin bplódú tráchta a bhíonn le feiceáil gach lá i mBaile Átha Cliath. Tá an M50 ar cheann de na fadhbanna is mó, ach bíonn plódú mór tráchta gach maidin ar gach príomhbhóthar i dtreo na cathrach, agus sa treo eile um thráthnóna.

Léiríonn staidrimh ó Bhus Átha Cliath tionchar mhéadú an tráchta. Sa bhliain 2000, ba é an meánluas bus ná 14.6 ciliméadar san uair; trí bliana níos déanaí, bhí an meánluas laghdaithe go 13.5 ciliméadar san uair, agus arís in 2005 go 12.9. Tá na busanna ag baint amach meánluasanna níos moille in ainneoin na mórlánaí bus a bheith curtha i bhfeidhm le tamall anuas.

Ach cén chuma atá ar na staidrimh seo i gcomparáid le staidrimh ar mheánluas na mbusanna i gcathracha eile? In 2005, agus busanna Bhaile Átha Cliath ag taisteal ag luas níos moille ná 13 chiliméadar san uair, ba é meánluas na mbusanna i Londain ná 18 gciliméadar san uair, 19 i mBeirlín agus Maidrid, agus 20 sa Róimh, cé go mbíonn an trácht ina phraiseach ansin freisin.

Cén chaoi a mbeadh saol na cathrach gan an síorphlódú tráchta seo? Spreagfadh dhá imeacht a bhí ar siúl le déanaí do shamhlaíocht maidir leis na féidearthachtaí atá ann.

Reáchtáladh Lá Saor ó Charanna in Éirinn ar an 22 Meán Fómhair, lá a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a spreagadh chun modhanna éagsúla iompair a úsáid agus a ngluaisteáin a fhágáil sa bhaile.

Dúnadh cúpla sráid i gcathair Bhaile Átha Cliath chun timpeallacht níos tarraingtí a chruthú do choisithe. Lá breá fómhair a bhí ann, agus ar feadh tamaill bhig, d’fhéad daoine a shamhlú go raibh siad ag spaisteoireacht trí chathair thipiciúil fhorásach de chuid na hEorpa, cathair ina gcuirtear béim ar choisithe agus ar iompar poiblí, seachas garaíocht a bheith á déanamh do ghluaisteáin i ngach áit.

Mar a dúirt Van Morrison ina amhrán, nach mbeadh sé iontach dá mbeadh sé mar seo i gcónaí?

Leagan amach nua don cháthairBhí an cheist sin mar ábhar díospóireachta ag comhdháil i gColáiste na Tríonóide, a reáchtáil Institiúid Polasaí an choláiste, ar an 21 Meán Fómhair. Ba é téama na comhdhála idirnáisiúnta seo ná iompar poiblí agus saoránacht chathrach agus pléadh a lán ceisteanna suimiúla lena linn.

Bhí díospóireacht ann faoi cé acu an féidir le daoine nach bhfuil gluaisteán acu a bheith páirteach i saol na cathrach in éagmais córas maith iompair phoiblí. An é go bhfuil tú mar dheoraí i mbruachbhaile iargúlta mura bhfuil carr agat? Cén chaoi ar féidir leis an gcathair pleananna agus forbairtí a chur i gcrích chun garaíocht a dhéanamh do choisithe agus do rothaithe le go mbeidh cáilíocht bheatha níos fearr agus cathair inbhuanaithe againn? Dá bhféadfaimis timpeallacht rothaíochta agus spaisteoireachta níos pléisiúrtha a chothú, nach mbeadh níos mó daoine amuigh ag siúl agus ag rothaíocht? Nach mbeadh dea-thionchar aige sin ar shláinte mhuintir na tíre?

Ach gan dabht, is é an íomhá is sonraíche agus an plean is mó atá tagtha chun solais ón gcomhdháil seo ná an moladh fadradharcach gur chóir Faiche an Choláiste agus Sráid Nassau a fhorbairt mar limistéar do choisithe amháin.

Moladh piazza sa stíl Eorpach i gcomhair Fhaiche an Choláiste. Bheadh an piazza os comhair phríomhgheataí Choláiste na Tríonóide, áit a mbeadh líne Luas go fóill, ach ina mbeadh cosc ar ar fheithiclí.

íomhá dheas thall a rinne grúpa saindearthóirí grafacha ón gcoláiste chun an coincheap a léiriú. Níor dhear an grúpa pictiúr amháin, ach chruthaigh siad insamhladh chun samhail den mholadh ina iomláine a léiriú.

Dar leis an Ollamh James Wickham, duine de na taighdeoirí a bhfuil baint aige leis an moladh seo, tá bealaí eile aimsithe acu cheana féin do na busbhealaí a théann thar Fhaiche an Choláiste faoi láthair. Mar sin, is é an t-aon bhac amháin atá le sárú maidir leis an gcoincheap seo ná toil agus misneach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus na Roinne Comhshaoil. An mbeidh sé de mhisneach acu athrú ó oiriúnú na cathrach do ghluaisteáin, agus dul i dtreo athoiriúnú na cathrach dá saoránaigh? Guímis go mbeidh.

Tá tuilleadh eolais i dtaobh na comhdhála ar fáil ag: http://www.policyinstitute.tcd.ie/transport_conference.php

Tá Pádraig Mac Éamoinn ag obair i gcomhlacht aerlíne Éireannach. Tá sé ar ais ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois tar éis tréimhsí fada a chaitheamh ag obair sa Fhrainc agus i Sasana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.