Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim gur gá don Chumann Lúthchleas Gael níos mó tacaíochta a chur ar fáil do na cumainn áitiúla.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh go mór i gcoinne pholasaithe an rialtais i réimse an spóirt.
»»»Ag ócáid i mBaile Átha Cliath ag tús mhí Eanáir, rinneadh an ceangal stairiúil idir an iománaíocht agus Coláiste Ríoga na Máinlianna a chomóradh. Tuairisc ó Cholm Mac Séalaigh.
»»»Bhí go leor cluichí iontacha iománaíochta le feiceáil sa bhliain 2001 ach measann Colm Mac Séalaigh gur beag ceann a bhí inchurtha le cluiche leathcheannais Choláistí Laighean “A” idir Coláistí Átha Cliath agus Coláiste Chiaráin, Cill Chainnigh.
»»»Tá sé beagnach céad bliain ó bunaíodh Cumann Báire Caoimhín, cumann atá lonnaithe i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. Ar chúiseanna éagsúla, athruithe sóisialta ina measc, tá dúshlán mór roimh an gclub agus iad ag tabhairt a n-aghaidhe ar an dara céad. Tuairisc ó Cholm Mac Séalaigh.
»»»Caithfidh contaetha ar mian leo Craobh na hÉireann a bhuachan sa pheil nó san iománaíocht plean fadtéarmach a bheith leagtha amach acu agus a bheith sásta airgead a infheistiú i ndaoine óga, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Le bliain nó dhó anuas tá an tuairim nochta ag roinnt mhaith daoine gur cheart go mbeadh deis ag imreoirí iománaíochta agus peile dul leis an spórt go gairmiúil. Measann Colm Mac Séalaigh, áfach, go mbeadh go leor deacrachtaí ann dá dtarlódh sé seo.
»»»Tá sé daichead bliain anois ó bhí rath ar an iománaíocht i mBaile Átha Cliath. Míníonn Colm Mac Séalaigh cén fáth nach bhfuil borradh faoin spórt sa cheantar sin.
»»»Chuile uair a fhógraítear go bhfuil leaid óg ceithre bliana déag d’aois ag dul anonn go leithéidí Arsenal nó Manchester United, ó chlub sacair Éireannach éigin ar nós Belvedere, cloiseann muid an port céanna i gcónaí: cén t-ionadh go bhfuil sraith sacair na hÉireann chomh lag sin nuair atá na himreoirí is fearr sa tír á mealladh trasna na farraige chuig clubanna móra na Breataine?
»»»Measann Colm Mac Séalaigh go bhfuil sé in am ag an gCumann Lúthchleas Gael an córas atá acu maidir le comórtais a athrú ó bhonn.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.