Tá sé daichead bliain anois ó bhí rath ar an iománaíocht i mBaile Átha Cliath. Míníonn Colm Mac Séalaigh cén fáth nach bhfuil borradh faoin spórt sa cheantar sin.
I 1961 d’imir foireann shinsear Átha Cliath i gcoinne Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann. Chaill Áth Cliath an chraobh sin le cúilín amháin. Níor éirigh le foireann Átha Cliath dul chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann san iomáint ó shin.
Agus daoine ag tagairt don chluiche ceannais sin 40 bliain ó shin, is minic a deirtear go bhféadfadh ré órga a bheith ag an iománaíocht i mBaile Átha Cliath, faoi mar a tharla ar ball in Uí bhFháilí agus i nGaillimh, dá mba rud é gur rug báireoirí na hardchathrach Craobh na hÉireann agus Corn Liam Mhic Cárthaigh leo an bhliain áirithe sin.
Cúis láidir amháin leis an mbarúil sin ná go raibh formhór na foirne sin as cathair Átha Cliath. Ba rud an-eisceachtúil é sin ag an am mar, cé gur bhuaigh Áth Cliath Craobh Iomána na hÉireann sé huaire ar fad ó bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael, is beag duine de bhunadh na cathrach a bhí ar na foirne sin. I 1961, áfach, bhí formhór mór na foirne as Baile Átha Cliath agus dá mbuafaidís Corn Mhic Cárthaigh cá bhfios nach leanfadh na mílte gasúr agus fear óg a sampla agus príomhchluiche na hardchathrach a dhéanamh den iomáint.
Mar sin, céard a tharla ó shin? Cén fáth nár bhuaigh Áth Cliath Craobh Laighean fiú amháin i gcaitheamh an 40 bliain atá caite ó 1961?
I dtosach agus muid ag iarraidh an cheist sin a fhreagairt, ní mór a thuiscint gur éirigh go rímhaith le foirne peile na hardchathrach óna 1950í i leith. Ba rud nua é ag an am sin foireann Átha Cliath, ina raibh fir óga de bhunadh na cathrach nó “Dubs”, a bheith ag imirt i bPáirc an Chrócaigh agus ag buachan Chraobh Pheile na hÉireann. Tharla sin i 1958 agus 1963. Bhí an tsáriarracht san iomáint i 1961 i lár an “cheapaire” sin!
Áit na leathphingine
Cuid de na hiománaithe ab fhearr ag an am sin, daoine mar Des agus Lar Ó Foghlú agus Des Mac Fhearghusa, bhíodar ar an bhfoireann pheile freisin; agus ós rud é gur bhuadar an Chraobh Pheile, bhí an iománaíocht fágtha in áit na leathphingine. Ach dá mbuafaidís i 1961 b’fhéidir gur a mhalairt a tharlódh.
Sin, ar bhealach, cúlra staid na hiomána i mBaile Átha Cliath inniu, is é sin an pheil in uachtar agus an iomáint sa dara háit. Is iomaí iománaí breá a d’imir peil le hÁth Cliath ó shin, ina measc leithéidí Gay O’Driscoll, Jimmy Keaveney, Tony Hanahoe, Pat O’Neill, Tommy Conroy, Mick Holden agus, d’fhoireann an lae inniu, Shane Ryan agus Wayne McCarthy.
Is minic a chuirtear an cheist eile seo: cén fáth nach féidir cúig iománaí dhéag a fháil i mBaile Átha Cliath a bheadh inchurtha le haon chúigear déag eile as aon chontae eile sa tír? Nach bhfuil milliún duine nó mar sin ina gcónaí i gContae Átha Cliath? Caithfidh sé go bhféadfaí foireann sách maith a fháil as an méid sin daoine! Ceist an-réasúnta í seo mar i ngach spórt eile bíonn foirne as Baile Átha Cliath in uachtar ó am go ham. Is deacair í a fhreagairt, áfach.
Cuid den fhreagra, dar ndóigh, is ea nach dtugann ach mionlach de phobal Átha Cliath a gcéad dílseacht don CLG ó thaobh cúrsaí spóirt de. Tá sacar agus rugbaí an-láidir sa réigiún, gan trácht ar chineálacha eile spóirt agus cluichí agus a lán sórt caitheamh aimsire eile. Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath is dóigh go bhfuil tionchar níos láidre ag cluichí an CLG ar an aos óg, i mbeagnach gach paróiste sa tír.
Sa dara háit, tá deacracht ag an iomáint a háit féin a aimsiú taobh istigh den CLG féin. I mBaile Átha Cliath tá daoine as gach contae sa tír ag plé leis an gCumann agus mórán díobh sin níl aon tuiscint acu ar an iománaíocht ná suim acu inti. Is í an pheil a rogha siúd mar is í a chleacht siad le linn a n-óige, i Maigh Eo nó sa Chabhán nó i gCiarraí, cuir i gcás. Is mionlach iad lucht iomána i mBaile Átha Cliath agus caitheann siad géilleadh go minic ó thaobh cur chun cinn an chluiche, mar shampla, maidir le cén uair a imrítear cluichí na n-ógánach (Márta - Bealtaine de ghnáth don iomáint, Meán Fómhair go Feabhra don pheil). Rud eile: ní chuirtear aon chluiche ar siúl sa samhradh, an t-am is fearr le haghaidh iománaíochta, de bharr saoire scoile agus gasúir a bheith ag dul faoin tuath (chun na Gaeltachta, mar shampla).
Cluiche anois is arís
Ach é sin ar fad ráite, tá an-suim san iománaíocht i mBaile Átha Cliath agus is breá le buachaillí (agus cailíní) an cluiche a imirt agus oiliúint mhaith agus cluichí eagraithe a bheith ar fáil dóibh. Níl aon dabht faoi ach go mbeadh an-éileamh ar an iománaíocht dá mbeadh sí á heagrú i gceart agus séasúr cóir leanúnach ag baint léi faoi mar atá i gcás sacair, rugbaí, badminton, cispheile, haca, dornálaíochta agus chuile spórt eile.
Ach seo é croí na faidhbe: ní leanann cúrsaí iomána ó cheann ceann na bliana i mBaile Átha Cliath nó fiú ar feadh achair réasúnta cinnte den bhliain. Is éard atá ann ná cluiche anois is arís nó cúig nó sé chluiche in achar coicíse nó a leithéid sin. Má tá foireann club go maith b’fhéidir go n-imreoidh siad ocht nó naoi gcluiche sa bhliain - sin an méid. Ní shásaíonn a leithéid daoine óga.
An chúis leis sin ná go bhfuil an iománaíocht in iomaíocht le cluiche áirithe eile agus ní sacar ná rugbaí, haca ná cispheil ná leadóg an spórt sin, ach peil Ghaelach. Tá an iománaíocht i mBaile Átha Cliath tachtaithe ó gach taobh ag peil Ghaelach toisc gurb é an CLG atá ina bun!
Murab ionann agus gach spórt eile, níl eagraíocht ná cumann, coiste ná bord dá cuid féin ag an iománaíocht. Riarann daoine ó áiteanna éagsúla an CLG agus is cuma an bhfuil spéis acu san iomáint nó nach bhfuil, tá cur chun cinn an chluiche ag brath orthu. Dá bharr sin, caitheann buachaillí a bhfuil an-suim agus dúil mhór acu san iomáint níos mó ama ag imirt peile toisc nach gcuirtear an deis ar fáil dóibh ar bhonn rialta an iomáint a imirt. Samhlaigh lucht rugbaí nó sacair ag caitheamh níos mó ama ag imirt haca - ní tharlódh sé!
Mar sin, an é réiteach na faidhbe ó thaobh na hiomána de bord nó coiste ar leith a bheith ann agus níos mó cluichí a bheith i gceist ar bhonn rialta ar feadh leath den bhliain ar a laghad? Seans gurb ea, ach ní bheidh a fhios againn go dtí go mbaintear triail as a leithéid. Tá rud amháin cinnte, áfach, is é sin go bhfuil gá i mBaile Átha Cliath, agus gach seans in a lán contaetha eile freisin, le córas nua, córas difriúil a thabharfaidh cothrom na Féinne do na mílte buachaill agus fear óg (tá sé ag na cailíní cheana i bhfoirm Chumann Camógaíochta na hÉireann) ar bhreá leo a gcéad dílseacht a thabhairt don iomáint.
B’fhéidir ansin go n-éireodh le hÁth Cliath foireann den scoth a chur chun páirce le dul in iomaíocht le Cill Chainnigh, an Clár agus araile. Tá an méid sin tuillte ag an gcluiche is ársa agus is breátha dá bhfuil againn.