CÚRSAÍ SPÓIRT
Mol an óige
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Caithfidh contaetha ar mian leo Craobh na hÉireann a bhuachan sa pheil nó san iománaíocht plean fadtéarmach a bheith leagtha amach acu agus a bheith sásta airgead a infheistiú i ndaoine óga, dar le Colm Mac Séalaigh.

Íomhá
Foireann iománaíochta faoi bhliain is fiche Chontae Luimnigh a bhuaigh Craobh na hÉireann i gcoinne Loch Garman i mí Mheán Fómhair i mbliana.
Grianghraf: Brendan Moran (Sportfile)

“Mol an óige agus tiocfaidh.” Is minic an seanfhocal úd in úsáid i gcomhthéacs fadhbanna a bhaineann le daoine óga agus tá mórán céille leis, dar ndóigh. Ach seans go bhfuil gá le “seanfhocal” nua i gcás an Chumainn Lúthchleas Gael, mar shampla “cuir oiliúint ar an óige agus éireoidh linn”.

I mbliana bhuaigh Luimneach cluiche ceannais na hÉireann sa ghrád faoi bhliain is fiche den dara huair as a chéile. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an ngaisce seo i gcúrsaí iomána agus peile, ní hamháin i Luimneach, ach ar fud na tíre. Caithfidh tú dul siar go l984, bliain an chéid ag an CLG, don bhua deireanach ag Luimneach in aon ghrád i gcluiche ceannais na hÉireann. Nuair a chuimhnítear gur ceann de na contaetha “tréana” é Luimneach i gcúrsaí iomána cuireann sé le tábhacht agus brí na mbuanna faoi 21.

Ach ní trí thimpiste a bhuaigh Luimneach an chraobh faoi 21 i mbliana agus anuraidh ná ní bliain nó dhó ó shin a thosaigh an traenáil agus an phleanáil. Ní hea ach i l996, cúig bliana ó shin, nuair a bhí formhór na n-imreoirí idir 14 agus 16 bliana d’aois.

Plean

=======

I 1996 i gCo. Luimnigh cuireadh tús le plean chun imreoirí óga an chontae a fhorbairt ina gcuid scileanna agus cumas iomána. Bhí baint ag “seaniománaithe” cáiliúla le cur chun cinn na scéime - Pat Hartigan, Phil Bennis is a leithéidí. An aidhm a bhí acu ná cur le scileanna iomána buachaillí idir 13 agus 16 agus grúpa mór iománaithe maithe a chur ar fáil do chlubanna agus don chontae ionas go bhféadfaí Craobh na hÉireann a bhaint i ngach grád go dtí leibhéal na Mionúr. D’éirigh níos fearr ná sin leis an scéim mar gur baineadh dhá chraobh faoi bhliain is fiche in 2000 agus 2001.

Bhí sé ar intinn ag lucht stiúrtha na scéime a bheith dáiríre, díograiseach agus foighdeach. Thosaigh siad i mí Dheireadh Fómhair 1996 le seisiún uair go leith gach oíche Aoine inar múineadh na scileanna agus lean seo ar aghaidh go dtí mí Mhárta na bliana dar gcionn. Fostaíodh oiliúnóirí gairmiúla chun an teagasc a dhéanamh agus caitheadh idir £12,000 agus £15,000 in aghaidh na bliana ar an bplean. Is beag an méid é sin i gcomhthéacs na dtorthaí a baineadh amach.

Contae eile a bhfuil go leor iarrachta agus airgid caite aige i gcúrsaí oiliúna agus traenála i measc na hóige ná Gaillimh. I mbliana is beag nár bhuaigh Gaillimh an tríú craobh mionúr as a chéile agus tá go leor craobhacha mionúr agus faoi 21 bainte acu ó thús na nóchaidí, a bhuíochas sin don iarracht mhór atá á déanamh i measc na n-óg.

Agus sin an áit, de réir cosúlachta, ina dtosaíonn an bua ag na sinsir, is é sin ag an mbonnleibhéal. Is gá an phleanáil a thosú chomh hóg le deich mbliana d’aois agus níos óige. B’fhéidir go raibh sé i gcónaí fíor gur sna blianta an-óga a oileadh agus a deineadh na hiománaithe agus na peileadóirí, is é sin gur fhoghlaim siad na scileanna agus na cleasanna ar pháirc na scoile (a bhuíochas sin do na Bráithre agus na múinteoirí díograiseacha ar fud na tíre) agus ar an bpáirc imeartha áitiúil. Tráthnónta fada an tsamhraidh caite i mbun foghlama trí aithris a dhéanamh ar na himreoirí fásta.

Dua agus pleanáil

Ach tharla sin ar fad sna laethanta roimh Sky Sports agus sacar chuile uair den lá ó cheann ceann na seachtaine, roimh chláracha scáiteála agus Playstations. Anois aithníonn na contaetha traidisiúnta iomána ar nós Chorcaí, Thiobraid Árann, Chill Chainnigh, etc. go bhfuil gá le dua agus pleanáil ghairmiúil chun iománaithe óga a chur ar fáil don fhoireann chontae, go bhfuil costas mór i gceist agus gur fiú an t-airgead a chaitheamh ach an obair a bheith déanta i gceart.

Thaispeáin Luimneach é sin i mbliana agus sa pheil thaispeáin Contae na hIarmhí an rud céanna ag grád na Sinsear. Ní trí thimpiste a bhí foireann na hIarmhí chomh maith agus chomh sciliúil in aghaidh na Mí faoi thrí i mbliana. Easpa taithí ag an leibhéal is airde is dóigh ba chúis lena gcloí ar deireadh, ach thosaigh ullmhúcháin agus traenáil na foirne thart ar 6 nó 7 de bhlianta ó shin le scéim óige ar nós Scéim Luimnigh. Bhuaigh an Iarmhí craobh pheile na hÉireann i ngrád na mionúr agus faoi 21 ó shin agus dealraíonn sé go bhfuil siad sách maith leis an gcraobh Shinsear a bhuachan ach beagán eile taithí a fháil.

Dá bhrí sin uilig, tá pictiúr an-soiléir anois ag teacht chun cinn. Aon chontae a bhfuil Craobh na hÉireann uathu caithfidh sé pleanáil go cúramach chuige. Caithfidh sé an bhéim a chur ar an óige agus na himreoirí a aithint ag aois an-óg agus oiliúint cheart, ghairmiúil a chur orthu. Is gá aire mhaith a thabhairt do na gasúir sin, fiú amháin má chosnaíonn sé mórán airgid, mar seans go sciobfaidh spórt eile iad atá gairmiúil agus atá ar thóir imreoirí óga cumasacha.

Is léir anois cén tabhacht a bhaineann le cluichí móra an tsamhraidh agus urraíocht na gcomhlachtaí saibhre agus na boscaí corparáideacha. Tá an t-airgead a ghineann siad ag teastáil chun an óige a mhealladh, a choinneáil agus a thabhairt chun blátha.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.