Chuile uair a fhógraítear go bhfuil leaid óg ceithre bliana déag d’aois ag dul anonn go leithéidí Arsenal nó Manchester United, ó chlub sacair Éireannach éigin ar nós Belvedere, cloiseann muid an port céanna i gcónaí: cén t-ionadh go bhfuil sraith sacair na hÉireann chomh lag sin nuair atá na himreoirí is fearr sa tír á mealladh trasna na farraige chuig clubanna móra na Breataine?
Cén t-iontas, a deirtear, go bhfuil cluichí Phríomhroinn an FAI chomh dona sin, agus go mbuailtear clubanna Éireannacha den pháirc nuair a imríonn siad san Eoraip?
Níl ionainn, ar ndóigh, ach tír bheag, mar a bheadh goradán ann ag soláthar imreoirí maithe óga do chlubanna móra an Premiership. Cén seans a bheadh againn i gcoinne an Liga Primera, Serie A, an Premiership, nó an Bundesliga?
Faraor, ní leithscéal ar bith é sin don liúradh a fhaigheann foirne ón tír seo nuair a imríonn siad thar lear. B’fhéidir nach bhfuil chuile shraith san Eoraip láidir, ach tá tíortha “beaga” eile in ann clubanna a chur chomh fada le Sraith na Seaimpíní agus Corn an UEFA, gan iad féin a náiriú.
Smaoinigh ar Rosenborg san Iorua, Göteburg na Sualainne, Anderlecht na Beilge, FC Copenhagen na Danmhairge. Léiríonn na clubanna seo nach bhfuil gá le sraith iontach láidir chun foirne láidre a chothú. Céard, mar sin, atá á dhéanamh go mícheart ag Bohemians nó Shelbourne nó Cork City?
Tá a fhios ag an FAI go bhfuil fadhbanna acu. Sin an fáth a mbeidh an tSraith Náisiúnta Sacair á reáchtáil acu le linn an tsamhraidh, in ionad an gheimhridh mar atá faoi láthair, ón séasúr 2002-03 ar aghaidh. Is é an smaoineamh atá taobh thiar de seo go mbeidh níos mó foinn ar dhaoine freastal ar chluichí ar thrathnóna deas samhraidh seachas oíche ghruama gheimhriúil, agus go dtiocfaidh feabhas ar chaighdeán na himeartha de bharr go mbeidh na páirceanna ar chaighdeán níos fearr.
Is cinnte go gcuideoidh sé beagán le caighdeán na sraithe, ach beidh tinreamh cluichí ar nós Longford Town i gcoinne Finn Harps spéisiúil, má bhíonn Longfort ag imirt na Mí i gcluiche craoibhe sinsir peile Chúige Laighean an tráthnóna céanna.
Sampla Rosenborg
An bhfuil seans ar bith, mar sin, ag tír bheag aonarach ar nós na hÉireann club láidir sacair a fhorbairt? Tá sé soiléir go bhfuil, má fhéachtar ar shampla Rosenborg, club atá lonnaithe ar imeall an Chiorcail Artaigh, in Trondheim san Iorua, baile atá ar cóimhéid le cathair Chorcaí.
Nuair a imríonn siad sa Champions League, buaileann siad foirne ar nós Real Madrid sa mbaile agus AC Milan agus Borussia Dortmund as baile. Go deimhin, i 1997, chuaigh siad chomh fada leis na babhtaí ceathrú ceannais sa chomórtas, áit ar chaill siad i gcoinne Juventus le haon chúl amháin.
Is é an rud is fearr atá déanta ag aon chlub Éireannach le tamall anuas ná gur “beagnach” gur chuir St. Patrick’s Athletic Glasgow Celtic amach as an gcéad bhabhta i gCorn na hEorpa i 1998.
Tá seisear imreoirí ag Rosenborg a imríonn d’fhoireann sinsir na hIorua, ina measc Roar Strand agus Bent Skammelsrud. Ach mar sin féin, níl aon bhuntáiste mór ag Rosenborg seachas mar atá ag foirne sacair Éireannacha.
Níl staid mhór mhillteach acu: 13,500 atá Staid Lerkendal in ann a thógáil, i gcomparáid le 10,000 ag Shelbourne. Ach bíonn meánlucht féachana acu de 13,000 an cluiche, dhá oiread an méan a bhíonn ag Shels. Tá sé seo níos suntasaí fós nuair a chuireann tú san áireamh gur daonra de 140,000 atá in Trondheim, agus go bhfuil Rosenborg ar cheann de na clubanna is faide ó thuaidh ar domhan.
Freisin, tré gan a gcuid imreoirí a dhíol róluath agus iad a choinneáil ar na leabhra go dtí go mbíonn siad forbartha i gceart, tá airgead déanta ag Rosenborg. Smaoinigh ar leithéidí John Carew, Vidar Riseth, Vegard Heggem, Stefan Iversen agus Oyvind Leonardsen, iad ar fad díolta acu le clubanna móra eile sa Bhreatain agus sa Spáinn.
Dar le hurlabhraí ón gclub féin, is de bharr “grassroots professionalism” a éiríonn chomh maith sin leis an gclub. Cuirtear an-bhéim ar chúrsaí oideachais, agus íocann Rosenborg as cúrsaí céime ollscoile dá gcuid imreoirí in ollscoil Trondheim. Is iarimreoirí atá i mbun an chlub.
Freisin, tá an bainisteoir céanna, Nils Arne Eggen, ag Rosenborg le fiche bliain anois. Tar éis do Bohemians Sraith agus Corn an FAI a bhuachan i mbliana, dúirt an bainisteoir, Roddy Collins, go raibh súil aige fanacht agus cineál Rosenborg a dhéanamh de Bohemians - foireann a bheadh láidir sa mbaile agus a n-éireodh go maith léi san Eoraip. Roinnt seachtainí ina dhiaidh sin, bhí bainisteoir nua ceaptha ag Bohs. Dhá bhliain go leith a bhí caite ag Collins i gceannas ar fhoireann Dalymount.
Faraor, is cuma cén sampla a thógann an FAI ó Rosenborg, beidh muid ag fanacht tamall eile sula bhfeicfidh muid Shelbourne ag bualadh AC Milan sa San Siro, nó Bohemians ag fáil an chinn is fearr ar Real Madrid in Dalymount. Má thagann foireann Éireannach chun cinn ariamh a dhéanfaidh go maith san Eoraip, is mór an seans gur ag imirt i Stadium Ireland a bheidh siad agus gurb é an Premiership an tsraith ina mbeidh siad ag iomaíocht. Na Dublin Destroyers i gcoinne Liverpool i mBaile Bhlainséir? Ná cuir airgead ina choinne!
Tá Rónán Mac Con Iomaire ina stiúrthóir ar an gcomhlacht caidrimh phoiblí, Meas Media. Ba é a bhí ina eagarthóir ar an iris idirlín Cumasc.