Le bliain nó dhó anuas tá an tuairim nochta ag roinnt mhaith daoine gur cheart go mbeadh deis ag imreoirí iománaíochta agus peile dul leis an spórt go gairmiúil. Measann Colm Mac Séalaigh, áfach, go mbeadh go leor deacrachtaí ann dá dtarlódh sé seo.
Anuraidh, agus níos túisce i mbliana, bhí go leor cainte i dtaobh Chumann na nImreoirí (GPA) sa Chumann Lúthchleas Gael. Ach i ngeall ar na cluichí móra go léir i rith an tsamhraidh is beag trácht atá ann le tamall anuas ar an ábhar seo. Agus deireadh tagtha le séasúr na gcluichí craoibhe is dóigh go dtosóidh an cur is an cúiteamh arís faoin ábhar an-tábhachtach seo: stádas imreoirí agus ceist an airgid.
Is ábhar tromchúiseach é ceist an airgid sa Chumann Lúthchleas Gael. Goilleann sé go mór ar go leor daoine, taobh istigh agus taobh amuigh den Chumann, go mbíonn mórchuid airgid ag dul isteach i gcistí an Chumainn, Domhnach i ndiaidh Domhnaigh i rith mhíonna fada an tsamhraidh. Chuile uair a bhíonn comhscór ann téann na daoine seo le báiní ar fad toisc go gcreideann siad, ní hea ach go bhfuil a fhios acu go maith, go líontar pócaí daoine áirithe leis an airgead a chaitheann gnáthmhuintir na hÉireann agus iad ag tabhairt tacaíochta dá gcontae dúchais.
Tá imreoirí áirithe freisin ann a chreideann go bhfuil cuid den phota óir seo tuillte acu féin toisc gurb iad a chuireann an tsiamsaíocht ar fáil agus gurb iad, dar leo féin, a mheallann na sluaite móra gach Domhnach (agus go leor Satharn freisin).
Costais mhóra
Níl a fhios agam féin cá dtéann an t-airgead seo go léir a thuilleann an Cumann Lúthchleas Gael ag geataí páirce ar fud na tíre, ach tá a fhios agam go bhfuil costais mhóra ag baint le gach cluiche a chuirtear ar siúl i bPáirc an Chrócaigh, i bPáirc Uí Chaoimh, Stáid Semple, Páirc Breffni agus mar sin de. Ta árachas poiblí an-ard agus ag méadú. Tá cothú na bpáirceanna an-daor agus íoctar costais taistil agus chothabhála le foirne, réiteoirí, etc. chomh maith le lucht slandála, lucht tarrthála agus daoine eile nach iad a íoc. Caitear airgead ar thraenáil oiliúnóirí, réiteoirí agus oifigigh i rith na bliana freisin.
Foilsíonn an Cumann Lúthchleas Gael, go náisiúnta agus ar bhonn cúige agus contae, cuntais airgid chuile bhliain agus is féidir le gach duine iad a scrúdú más mian leo. Is eolas poiblí é go bhfaigheann scoileanna, coláistí, clubanna, boird chontae agus aonaid eile den chumann deontais agus fóirdheontais ón lárchiste. Dar liom féin caitear an t-airgead den chuid is mó ar nithe praiticiúla agus ar chur chun cinn na gcluichí, cé nach n-aontaím le gach bealach ina ndéantar é sin. Ach sin scéal eile.
Ach cá bhfágann sin na himreoirí agus an t-éileamh atá ag an GPA go ndéanfaí iad a chúiteamh as an méid taistil agus ama a chaitheann siad agus iad i mbun traenála agus imeartha ar son a gcontae. Aontaím ar fad nár chóir go mbeadh aon imreoir as póca de bharr a chuid iarrachtaí ar son a chontae agus má ghortaítear imreoir is cóir aire a thabhairt dó agus a chostais mhíochaine a íoc as ciste éigin nó scéim árachais cuí (rud atá ann ach go mb’fhéidir gur gá a fheabhsú) agus níor chóir go mbeadh sé thíos leis ó thaobh tuarastail de ach oiread.
Ach ceist eile é ar chóir imreoirí a íoc gach uair a imríonn siad dá gcontae dúchais, sé sin ar chóir go bhfaigheadh na himreoirí sciar den airgead geata tar éis gach cluiche mór. Deir an GPA nach é sin atá uathu ach is deacair cuid de na ráitis atá déanta ag cuid de na himreoiri cáiliúla a thuiscint muna bhfuil “íoc agus imir” i gceist. Mar shampla dúirt imreoir cáiliúil amháin le Pat Kenny go ndéanann imreoirí an CLG an iarracht chéanna is a dhéanann imreoirí gairmiúla ar nós Roy Keane ar son Manchester United agus íoctar na mílte punt leosan gach seachtain dá bharr. Meallann foirne agus imreoirí contae áirithe an oiread céanna daoine chuig cluichí móra iománaíochta agus peile agus a mheallann Man. U. agus Roy Keane agus Denis Irwin agus gineann siad an t-uafás airgid don CLG. Agus cé nach mbíonn an oiread céanna cluichí iománaíochta agus peile ann is a bhíonn sa sacar nó sa rugbaí, deir siad go ndéanann siad an oiread céanna traenála agus ullmhúcháin is a dhéanann na himreoirí gairmiúla úd. Dá bhrí sin tá cúiteamh, is é sin íocaíocht, tuillte acu, dar leo.
Bealaí eile
Ach an bhfuil an GPA á rá sin? Tá siad ag caint ar airgead a thuilleamh ar bhealaí eile (pubanna a oscailt, mar shampla) ach deir siad nach “íoc agus imir” atá uathu. Is deacair a shéanadh, áfach, go bhfuil blas na gairmiúlachta ar na héilimh agus na hargóintí a chloistear.
Is minic a dhéantar tagairt don íobairt a dhéanann imreoirí idirchontae agus don traenáil a dhéanann siad i lár an gheimhridh, iad ag rith suas sléibhte agus síos gleannta, trí dhumhacha gainimh, trí phluda agus lathach. Tiomáint céad míle ann uaireanta agus céad míle thar n-ais. Lá oibre a dhéanamh, amach ag traenáil, isteach sa leaba agus an rud céanna an lá dár gcionn.
Is cinnte go bhfuil ardmholadh tuillte acu as a spiorad agus a ndíograis agus go n-éilítear dílseacht dochreidte uathu don fhoireann chontae. Sa mullach air sin ar fad ní féidir ach le dhá fhoireann cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach agus ní thugann ach foireann amháin an chraobh leo. Agus déanann siad ar fad an iarracht chéanna!
I ndeireadh na dála is í an cheist mhór atá á cur ná an bhfuil íocaíocht tuillte ag na himreoirí sin agus ar cheart dóibh bheith gairmiúil agus a gcuid fuinnimh agus tallainne go léir a chaitheamh leis an mbua atá tugtha ag Dia dóibh. Ar shlí amháin bheadh sé suimiúil a fheiceáil céard a tharlódh dá mba rud é go raibh na peileadóirí agus na hiománaithe is fearr in ann a gcuid ama go léir a chaitheamh ar fheabhsú a gcuid scileanna agus ar a bhforbairt aclaí. An mbeadh cluichí iontacha againn seachtain i ndiaidh seachtaine agus luas agus aclaíocht dhochreidte agus scil dhosháraithe á léiriú ag imreoirí ó cheann ceann na tíre? Nó an mbeadh imreoirí ag cur chuige leis an díograis agus an paisean céanna is a léiríonn siad faoi láthair, ag cur san áireamh dá mbeidís gortaithe go gcaillfidís amach ó thaobh airgid de an tseachtain dár gcionn?
An Cumann féin
Ceist eile a éiríonn as an bplé seo ná cén difríocht a dhéanfadh sé don Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre dá mbeadh an t-airgead a théann isteach i gcistí éagsúla de ghnáth á úsáid chun tuarastal a íoc leis na himreoirí idirchontae? An mbeadh clubanna agus scoileanna thíos leis? An mbeadh fir agus mná sásta a gcuid ama a chaitheamh saor in aisce ag traenáil daoine óga agus á dtabhairt chuig cluichí dá mbeadh imreoirí ag fáil íocaíochta ag an am céanna? An mbeadh an lucht leanúna ann seachtain i ndiaidh seachtaine, sásta taisteal ar fud na tíre chun tacaíocht a thabhairt do na foirne, go mórmhór dá mbeadh siad ag cailliúint cluichí go rialta?
Tá na ceisteanna seo agus tuilleadh bainteach leis an ábhar agus is cinnte go mbeadh athrú ar an gCumann Lúthchleas Gael dá dtiocfadh an ghairmiúlacht i bhfeidhm. Is é neart an chumainn ná an duine aonair agus an club áitiúil agus an dílseacht a thugann an pobal áitiúil dó, agus an tacaíocht phaiseanta a thugann daoine dá gcontae dúchais. Is ionann an t-imreoir idirchontae agus laoch áitiúil a aithníonn daoine mar dhuine dá gcuid féin. Is díobh é, agus is cuid den phobal é. Ach mar imreoir gairmiúil, mar “réalt” thuas ar ardán, an dtabharfadh an pobal an t-ómós agus an tacaíocht chéanna dó? Ní shílim é.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.