485
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Chuaigh Breandán de Gallaí chun na hOstaire le gairid le triail a bhaint as an sciáil agus as na traidisiúin uilig a bhaineann léi – an [i]après-ski[/i], na sabhnaí agus na buataisí sciála ar geall le gléasanna céasta iad!
»»»Tá an fliúiteadóir fíorchumasach as Béal Feirste, Harry Bradley, tar éis a thríú halbam aonair a sheoladh le deireanas, ceann dar teideal The Night-Rambler’s Companion. Ba léir ón slua a bhí i láthair nuair a seoladh é go raibh go leor ar bís le héisteacht leis. Labhair Antaine Ó Faracháin le Harry féachaint céard a choinníonn amuigh ag stánadh ar an ngealach é.
»»»Tá Bríd Ní Mhaoileoin, bean óg as Ros Goill i nDún na nGall ó dhúchas, lonnaithe i nGraz an hOstaire anois, ach bhí sí sa mbaile in Éirinn le déanaí chun a dlúthdhiosca, Ar Mhuin na Muice, a sheoladh. Labhair sí le hAntaine Ó Faracháin.
»»»Ní raibh an ceithearnach Ned Kelly ach cúig bliana is fiche nuair a crochadh é sa bhliain 1880. D’éirigh leis an-cháil a bhaint amach i rith a shaoil ghairid, áfach, agus tá trácht air go fóill san Astráil, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Is mian le Balor dul ar saoire ach níl sé cinnte cén áit a rachaidh sé.
»»»Moladh i dtuarascáil a foilsíodh níos luaithe i mbliana go ndéanfaí athruithe radaiceacha ar an Seanad ach, mar a thuairiscíonn Dónall Ó Maolfabhail, níl fonn dá laghad ar an Rialtas aon leasú mór a dhéanamh.
»»»Tá go leor daoine míshuaimhneach faoi thriail Michael McKevitt, an té ar cuireadh ina leith go raibh sé ina cheannaire ar an Fhíor-IRA. Míníonn Dónall Ó Maolfabhail cad iad na cúiseanna imní atá ag daoine.
»»»Bhí Doireann Ní Ghlacáin ag caitheamh súile ar an gcur is cúiteamh a thosaigh le feachtas Invisible Children sna Stáit Aontaithe in aghaidh Joseph Kony i Uganda.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dónal Kelleher, Coláiste na nGael, Sasana.
»»»Is iontach gur tháinig an Afraic Theas amach slán as ré bhrúidiúil na cinedheighilte. Tá an choiscéim thábhachtach eile sin le glacadh anois dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall. Tá Beo! faoi chomhaoin ag www.arainnmhor.com as ucht cead a thabhairt na grianghraif seo a úsáid.
»»»Tá an Ghaeilge á labhairt agus á múineadh i gcathracha móra na hAstráile na laethanta seo agus, mar a mhíníonn Marc Ó Conaill, tá tuiscint níos fearr sa tír anois ar an tábhacht a bhaineann le héagsúlacht ó thaobh teangacha agus cultúr de.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cúrsaí tiomána.
»»»Chaith Ruth Nic Giolla Iasachta seal i mBeirlín na Gearmáine i mí Feabhra i mbliana le linn don fhéile idirnáisiúnta scannán bheith ar siúl.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.