Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cúrsaí tiomána.
Ní chodlaigh Cian néal an oíche roimh an scrúdú tiomána. Níor thug sé faoiseamh ar bith dó gur éirigh leis sa scrúdú scríofa cheana féin nó bhí a fhios aige go maith go raibh droch-iomrá ar stócaigh óga maidir leis an tiomáint féin. Bhí eagla air go mbeadh sin in uachtar intinn an scrúdaitheora agus é ag cur scrúdú airsean. Bheadh sé féin thíos le droch-chlú na bhfear óg.
Ina mhullach sin, bhí cúis eile aige le bheith ag ithe na n-iongan dó féin: ba a athair a theagasc a chuid tiomána dó. Ní raibh de dhroch-nós dá raibh aige nach raibh leis. Tháinig siad chuige ina gceann agus ina gceann agus é ag smaoineamh ar an scrúdú. Chuir an teagascóir tiomána ar an eolas é maidir leis na droch-chleachtais seo uilig, ach is é an cheist a bhí ag cur bhuartha airsean ná an mbeadh sé ábalta iad a sheachaint ar an lá. Bhí siad beagnach de dhlúth agus d’inneach ann anois agus ní ligfeadh an eagla dó a rá lena athair nach raibh dea-thomáint aige agus é ar an bhealach leis na cianta.
Dheánfadh sé a thréandhícheall a chuid béasa a athrú nó ní thiocfadh leis teip an iarraidh seo. Ba seo an t-aon dóigh le deireadh a chur leis na ceachtanna tiomána a bhí a athair a thabhairt dó. Bhí sé ag deireadh na péice leis faoi seo. Bhí an t-allas ina rith leis agus gan é ach ag smaoineamh ar na ceachtanna sin. Tiománaí den tseandéanamh a athair agus ní raibh a fhios ag Cian anois, agus é i ndiaidh cúpla mí a chaitheamh leis ag tiomáint, cad é faoi Dhia an dóigh a raibh sé beo ar chor ar bith. Má bhí Dia ar bith thuas ansin ní theipfeadh air sa scrúdú seo. Bhí a phionós déanta aige le seo. Chaithfeadh sé éalú ó na roiseanna orduithe agus mionnaí móra ar chuir sé suas leo le míonna anois.
Ní “foighid” focal a d’fhéadfá a thiomnú d’athair Chiain. B’fhacthas dó anois gurbh iomaí uair a chuaigh sé i mbaol a bháis ar a chuid orduithe.
“’Dhia a mhic, cén mhoill atá ort? Caith do shoc amach ansin anois, nó beidh muid anseo go dtiocfaidh thiar aniar,” arsa a athair agus iad ag iarraidh fáil ón fhobhóthar go dtí an príomhbhóthar agus ghluaisteáin ag siosarnaigh thart leis mar a bheadh an diabhal ann.
“Ní dhéanfaidh tú maith, a Chiain, mura dtéid tú sa bhealach acu,” arsa seisean.
Níor dhúirt Cian focal. Níor oscail sé a bhéal ach an oiread nuair a bhí a athair ag teagasc páirceála dó.
“An bhfuil tú dall? Nach bhfeiceann tú an casán? Bhuel, níl a fhios agam cé a lean tú, ach níor lean tú mise cibé,” arsa a athair. “Sin tú anois. Tarraing thart rud beag í. Tabhair an tóin isteach aici anois nó beidh muid anseo go deo na ndeor,” ar seisean. Nuair a fuair Cian bocht an carr isteach san áit pháirceála, d’éirigh an t-athair amach agus thug sé a bhreithiúnas.
“Níl sé leat go fóill, a mhic. Tá do ghob sáite amach míle. Dá dtiocfadh duine inteacht thart an coirneál ansin bheadh taobh do charr leis.”
Bhí mionna mór ar bharr a theanga ag Cian ach shlog sé é.
Bíodh sin mar atá, bhí an teist roimhe inniu agus chaithfí ullmhú fána choinne. Bhí cúpla rud le seiceáil aige sula mbuailfeadh sé bóthar. Ní raibh air aer ar bith a chur sna boinn nó bhí an brú aer díreach i gceart. “Gearr ig,” arsa Cian leis féin. Níorbh ionann an scéal ag an ola é - bhí beagnach leath buidéil le cur sa charr. Bhí an peitreal measartha íseal ach líonfadh sé an carr ar an bhealach agus dhéanfadh sin gnoithe.
Thug an fear a thug na ceachtanna tiomána treoirliosta dó agus bhí sé ag dul fríd ceann ar cheann. Bhí gach rud ag feidhmiú mar a d’iarrfadh do bhéal iad a bheith: na solais treo, an solas cúlaithe, na ceannsolais, agus na solais chliatháin. Thug sé faoi deara go raibh na scátháin chliatháin chomh dubh le súiche agus thug sé sciord ghasta daofa le bréid a bhí sa charr aige. Nuair a bhí sin déanta aige shocair sé san áit cheart iad, cé go raibh a fhios aige go maith nach raibh sé de chead aige a bheith ag brath orthu sa teist.
Nuair a mheas sé go raibh ar an liosta déanta aige, lig sé osna agus dúirt “Bhuel, sin sin” agus tharraing sé ar an ionad tiomána. Chuir sé téip isteach agus rinne sé iarracht éisteacht leis an cheol, ní hamháin lena intinn a thógáil dá raibh roimhe ach lena chroí a thógáil fosta.
Bhí go maith agus ní raibh go holc gur tharraing sé isteach ag an ionad tiomána. Cé a bhí ina sheasamh ag fanacht leis ach McAllister. Bhí sé de chlú ar McAllister go raibh smut chomh fada le bliain air agus nach raibh sé de nós aige pas a thabhairt do dhuine ar bith ar an chéad iarraidh.
“Nach ormsa atá an t-ádh,” arsa Cian. “Órú, bíodh aige. Cad é a thig leis a dhéanamh ach teip a thabhairt dom.”
“Cian de Búrca?” arsa McAllister.
“Sin mise,” arsa Cian.
“Suífidh mé isteach ansin ag do thaobh. Anois, seo mar a bheas sé,” arsa McAllister. “Inseoidh mise duit cad é le déanamh ach taobh amuigh de sin déan neamhiontas iomlán domh. Tiomáin anois amhail is dá mba an rud é nach raibh mise sa charr ar chor ar bith.”
“Is beag an baol domh,” arsa Cian leis féin ach “Maith go leor” a dúirt sé le McAllister.
Ní raibh siad ach cúig bhomaite sa charr agus bhí Cian ag motháil an teasa cheana féin.
“An miste leat má fhosclaím an fhuinneog rud beag?” arsa Cian.
“Ní miste, nó leoga tá sé ag éirí rud beag plúchtach istigh anseo. Tá bruth fearthainne ann, tá eagla orm,” a d’fhreagair McAllister.
“Tiontaigh ar chlé ag ceann an bhealaigh anseo,” arsa McAllister go borb. Rinne Cian mar a iarradh air agus thug sé comhartha go mbeadh sé ag dul ar chlé. Agus é ag teacht a fhad leis an phríomhbhóthar, bhrúigh sé na coscáin. Bhéarfadh Cian mionna go raibh meangadh gáire ag teacht ar aghaidh McAllister.
“Cad é faoi Dhia atá déanta agam anois a bhain an pus don fhear thall,” arsa Cian leis féin.
Le sin dúirt McAllister “Tá súil agam nach bhfuil tú pisreogach.”
“Pisreogach?” arsa Cian agus ba ansin a chonaic sé an trácht, srón go tóin, ar an phríomhbhóthar. Cad é a bhí ann ach tórramh.
Fuair sé amach ar an bhealach mhór sa deireadh agus ar aghaidh leo. Mar chuid den teist bhí air an carr a thoiseacht ar mhalaidh iontach crochta. Agus é ar tí a dhul isteach sa chéad ghiar, thoisigh an fón póca. “Bí i do thost,” arsa Cian leis an fón sular smaoinigh sé cad é a bhí ráite aige. Thug McAllister spléachadh amhrasach anall air. Ach stop an trup glan nuair a bhris an tseirbhís freagartha isteach.
“Rinne mé dearmad iarraidh ort an rud sin a chur as gléas sular thoisigh muid,” arsa McAllister. “Tá a fhios agat gur iad is cúis le céatadán ard de thimpistí na laetha seo.”
Ní dhearna Cian ach moladh leis.
“Gabh isteach san eastát seo ar dheis,” arsa McAllister.
Thuig Cian ansin go mbeadh air an carr a chúlú san eastát agus tiontú trí phointe a dhéanamh. Bhí an solas ag meath le seo agus bhí sé ag deoradradh fearthainne.
“Sin a bhfuil de dhíobháil orm,” arsa Cian, “fearthainn.”
“Tarraing isteach anseo, agus cúlaigh siar thart ar an choirneál sin,” arsa McAllister.
Bhí scaifte páistí ina seasamh ar thaobh an bhealaigh nach raibh a dhath le déanamh acu ach ceap magaidh a dhéanamh de Chian.
“Ná tabhair lá aird orthu sin,” arsa McAllister go húdarásach. “Déan mar a d’iarr mé ort.”
Le sin d’fhoscail an spéir agus thoisigh sé ag teacht anuas ina thuillte. Tháinig sé crua ar Chian soc an chairr a fheiceáil, chan amháin a bheith ag caint ar chúlú thart an coirneál. Chuir sé na cuimilteoirí ar obair ar an luas ab airde, ach ní raibh maith dó ann. Ní raibh siad ábalta coinneáil suas leis an tuillidh seo. Chúlaigh sé leis go dtí gur chuala sé an pludgharda ag beirstean ar an chasán. Sula dtiocfadh le McAllister a bhéal a fhoscladh dúirt Cian, “Bhéarfaidh mé iarraidh eile”.
D’éirigh leis an iarraidh sin.
Bhí na páistí a bhí ag spochadh as ina seasamh ansin agus a ngruaig ina gclibíní ag an bhailc fearthainne.
“Cuirfidh sin an gáire ar an taobh eile dá n-aghaidh,” arsa Cian leis féin, nó mheas sé nach díol trua ar bith iad agus an íde a bhí siad i ndiaidh a thabhairt dó féin.
Ghlan an fhearthainn rud beag agus d’ordaigh McAllister dó pilleadh ar an bhealach mhór. Bhí sé ag tiomáint leis nuair a tharraing leoraí mór díreach amach roimhe. I bhfaiteadh na súl bhí na cosa ar na coscáin aige. Ní dhearna McAllister ach cúpla nóta a scríobh agus ní raibh ar intinn Chiain ach go raibh gach aon rud ag dul chun siobarnaí. Lean sé ar aghaidh nuair a bhí an bealach glan.
Sa deireadh thiar thall bhí an scrúdú thart agus phill Cian ar an ionad tiomána. Chuir sé an lámhchoscán ar an charr agus shuigh sé ansin ag amharc anonn ar McAllister. Ní ligfeadh an eagla dó amharc díreach san aghaidh ar an scrúdaitheoir nó mheas sé, i ndiaidh gach ar tharla, nach raibh in ann dó ach teip. Baineadh stangadh glan as nuair a dúirt McAllister: “Tá lúcháir orm a rá leat gur éirigh leat sa scrúdú. Rinne tú go maith, idir tórramh agus tiomanaí leoraí fiáin. An bhfuil a fhios agat seo, thiocfadh liom mo sheacht sáith gáirí a dhéanamh ach go bé gur ag cur scrúdú ort a bhí mé.”
“Tá croí ag an ridire dubh i ndiaidh an iomláin,” arsa Cian leis féin.
Ba ansin a smaoinigh sé ar an teachtaireacht ar an fón póca agus shuigh sé siar ar a shuaimhneas ag éisteacht leis.
“A Chiain, seo d’athair. Cad é mar atá an teist ag dul? Deán dearmad ar achan rud a d’fhoghlaim tú uaimse. Níl aird ar bith agam ar na rialacha atá ag dul sa lá atá inniu ann!”
“Níl an teachtaireacht sin in am ná in aicearracht. Ach nach cuma - tá liom,” arsa Cian leis féin. Ghlaoigh sé ar a athair ansin.
“Maith thú féin,” arsa a athair. “Tá tú ar rothaí anois, a mhic.”
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.