Tá Bríd Ní Mhaoileoin, bean óg as Ros Goill i nDún na nGall ó dhúchas, lonnaithe i nGraz an hOstaire anois, ach bhí sí sa mbaile in Éirinn le déanaí chun a dlúthdhiosca, Ar Mhuin na Muice, a sheoladh. Labhair sí le hAntaine Ó Faracháin.
Antaine Ó Faracháin: A Bhríd, inis dúinn beagán faoi do chéad albam, Ar Mhuin na Muice. An raibh tú ag smaoineamh air i bhfad agus ar thóg sé i bhfad ort é a dhéanamh?
Bríd Ní Mhaoileaoin: Bhuel tá mé ag smaoineamh ar dhlúthdhiosca a dhéanamh le blianta agus thóg an tionscadal féin dhá bhliain agus trí mhí - sin taifeadadh, meascadh agus an leabhrán a chur le chéile san áireamh.
AÓF: Sin tamall fada.
BNM: Bhuel, is ea. Is dócha gurb é an chúis is mó leis sin ná gur dhíol mé as an tionscadal uilig mé féin. Ní dheachaigh mé ag lorg comhlachta ceoil in aon chor. Bhí mé ag iarraidh go mbeadh na cearta go léir agam féin - bhí go leor cluinste agam faoi ghrúpaí ceoil nach bhfuair a gcearta, fiú ghrúpaí mór le rá mar Altan nó Cherish the Ladies, mar shampla. Chosain an tionscadal uilig cuid mhór orm, agus is dócha go mbeidh mé ag díol na hiasachta ar ais leis an bhanc go Lá Sheoin Dic; ach is fiú achan leathphighin domh é - a bheith ábalta a rá go ndearna mé “ar mo bhealach féin é”, mar a déarfadh John Beag Sinatra! An rud atá á lorg agam anois, áfach, ná dream leis an dlúthdhiosca a dháileadh, so má tá comhlacht seachadta ar bith amuigh ansin atá ag iarraidh cúpla euro a dhéanamh orm …!
AÓF: Agus céard atá ar an dlúthdhiosca seo go díreach?
BNM: Tá trí amhrán déag air, 11 i nGaeilge agus dhá cheann i mBéarla. Amhráin thraidisiúnta atá iontu den chuid is mó, ach go bhfuil cóiriú nua déanta agam ar chuid acu. Mar shampla, tá fonn úr cumtha agam don amhrán mór sin “An tSeanbhean Bhocht” agus rithim úr curtha agam leis an amhrán sin as Dún na nGall, “Máire Bhruithneal”. Chuir Clannad taifeadadh iontach ar fáil den cheann sin i 1978 agus rinne Seoirse Ó Dochartaigh leagan galánta funkyáilte i 1994. So d’athraigh mé an buntiún ó rithim ríle go rithim poirt agus tá mé sásta go maith leis. Tá amhrán amháin nua-chumtha ar an dlúthdhiosca fosta - “The Fuschia”, a scríobh John McNutt, cara den teaghlach as Ros Goill. Amhrán álainn grá atá ann.
AÓF: Feicim go bhfuil do mháthair Caitlín agus do dheartháir Pádraig mar aíonna agat ar an diosca. Tá ceol ag an teaghlach uilig, nach bhfuil?
BNM: Tá. Bhí mé i mo bhall den ghrúpa teaghlaigh, Ceoltóirí Ghoill, agus mé i mo pháiste, in éineacht le mo dheirfiúracha Caoimhe agus Máire agus mo dheartháireacha Pádraig agus Brian. Fuair mé na hamhráin ó mo mháthair Caitlín agus tá áthas orm go bhfuil sí in éineacht liom ar amhrán amháin, “A Stór a Stór, a Ghrá”. Tá Pádraig liom fosta air sin agus tá sé ag casadh an ghiotáir fosta ar cheann eile.
AÓF: Cé hiad na haíonna eile atá in éineacht leat, agus céard iad na huirlisí atá á gcasadh acu?
BNM: Bhuel, is é an duine is tábhachtaí ná mo ghiotáraí, Alan Burke. Ar ndóigh, déanann an fear céanna i bhfad níos mó ná bheith ag seinm ar an ghiotár. Mar a dúirt mé níos luaithe, bhí mé ag iarraidh dlúthdhiosca a dhéanamh le fada. Nuair a chas mé ar Alan in 2000 bhí a fhios agam ar an toirt gurb é a bhí uaim leis an obair a chur i gcrích. Is ceoltóir iontach é, agus bhí suim ar leith agam ann mar gheall ar an tuigbheáil agus an meas atá aige ar na hamhráin Ghaeilge. Níor tógadh le Gaeilge é féin, ach thosaigh sé a fhoghlaim na teanga thart ar 10 mbliana ó shin, le tuiscint cheart a fháil ar na hamhráin. Nuair a chuala mé cúpla taifeadadh dá chuid féin, d’iarr mé ar Alan mo dhiosca a léiriú agus an cóiriú a dhéanamh. Chomh maith le hAlan, tá Joe McHugh, Kevin O’Connor agus Kate Dunne in éineacht liom, agus seinnteoir doird iontach groovyáilte as an Eilvéis, Wolf Zwiauer. Tá liosta iomlán de na ceoltóirí agus de na huirlisí eile le fáil ar mo shuíomh gréasáin.
AÓF: Casann Alan Burke amhrán amháin chomh maith, nach gcasann?
BNM: Ceolann sé “An Trocailín Donn”. Mar a deirim sa leabhrán, bhí an ceann seo agam le Ceoltóirí Ghoill, agus bhí sé ar intinn agam féin é a cheol, ach nuair a chuala mé leagan Alan, ní raibh an dara suí sa bhuaile agam ach ligean dósan é a cheol.
AÓF: Sheol tú an dlúthdhiosca i rith Oireachtas na Bealtaine. Cén fath ar phioc tú an tOireachtas?
BNM: Ar dtús ba mhaith liom a rá gur onóir mhór a bhí ann domh mo dhlúthdhiosca a sheoladh ag ceolchoirm de chuid an bhéilín meala, an Spealadóir é féin, John Spillane, a bhí ar siúl i rith Oireachtas na Bealtaine i mBaile Átha Cliath cúpla mí ó shin. Roghnaigh mé an tOireachtas mar gheall ar an tionchar a bhí ag an fhéile chéanna ormsa agus ar mo chuid amhránaíochta. Ní rún ar bith é nach áit mhór amhránaíochta í Ros Goill, an áit ar tógadh mé, so ní bheadh seanduine ar bith thart a bheadh ag ceol ann. Is iad mo Mhamaí Caitlín agus m’athair Brian, nach maireann, an t-aon bheirt a chluinfinn ag ceol. An chéad uair a chuala mé amhránaíocht ar an sean-nós beo (nó a dtug mé faoi deara i gceart é, cibé) ná i 1987 nuair a chuaigh mé go dtí an Daingean le haghaidh Oireachtas na Gaeilge, leis an Chumann Gaelach, nuair a bhí mé i gColáiste na Tríonóide. Shíl mé go raibh an chraic iontach. Nuair a cheolfainn amhrán, gheobhadh sean-bhoc éigin, nach raibh aithne dá laghad agam air, greim ar mo lámh le mé a windeáil suas le misneach a thabhairt domh. Agus misneach a thug na boic chéanna domh! Ach, ar ndóigh, mar a dúirt mé i leabhrán an dlúthdhiosca, ba é Raidió na Gaeltachta an dara múinteoir sean-nóis a bhí agam, i ndiaidh mo mháthar!
AÓF: Tá píosa maith ráite agat i leabhrán sin an dlúthdhiosca, nach bhfuil?
BNM: Bhuel, is sórt gealt i ndiaidh dlúthdhioscaí, nó CD freak, mé féin. Bím ag ceannach dlúthdhioscaí go minic - ceol dúchasach as gach sórt áite agus ceoltóirí agus cumadóirí amhrán den chuid is mó. Cuireann sé áthas orm nuair a bhíonn na liricí ar fáil agus, ar ndóigh, bíonn sé deas nuair a bheireann an ceoltóir barúil phearsanta éigin dúinn fán cheangal atá aige/aici leis an amhrán. Mar sin, chuir mé mé féin i mo bhróga féin! Ní raibh sin ródheacair! Tá liricí na n-amhrán uilig sa leabhrán, chomh maith le haistriúchán ar gach amhrán go Béarla, déanta agam féin agus ag mo mháthair Caitlín. An t-aon cheann nach bhfuil aistrithe againn ná “An tSeanbhean Bhocht” (tá leagan Béarla de seo tugtha agam). Easpa ama an chúis a bhí leis seo.
AÓF: Feicim go bhfuil do shuíomh gréasáin lonnaithe san Ostair. Tá tú féin i do chónaí i nGraz an hOstaire, nach bhfuil?
BNM: Tá, go díreach. Chuaigh mé go Graz i 1998, i ndiaidh domh mo chéim a baint amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, mar gur tairgíodh post domh ag léachtóireacht san aistriúchán (Géarmáinis-Béarla) in Ollscoil Graz. Thóg mé sos gairme i mbliana chun an dlúthdhiosca a chríochnú. Tá mé socraithe síos i nGraz anois - phós mé “Grazach” anuraidh agus tá mé iontach sásta le mo shaol ansin. Is é m’fhear céile, Manfred Url, a phéinteáil an pictiúr álainn sin, Die Sonne ("An Ghrian"), atá ar chlúdach an dlúthdhiosca. Tá mé iontach bródúil as sin.
AÓF: An mbeidh tú ag filleadh go hÉirinn go luath arís?
BNM: Tá mé tar éis cuireadh a fháil a bheith páirteach i gclár a bheas á chur amach ar TG4 amach anseo, clár de chuid na sraithe “Abair Amhrán”. Beidh mé á thaifeadadh sin in éineacht le mo mháthair, Caitlín, agus Alan Burke, agus le cuid den teaghlach, tá súil agam. Agus tá ainm an chláir sin fóirsteanach go maith, mar an chéad uair a chas Caitlín agus Alan ar a chéile, san Eilvéis in 2001, caithfidh sé gur cheol an triúr againn achan amhrán atá sa leabhar sin Abair Amhrán ó chlúdach go clúdach agus ar ais arís. Nuair a mhuscail Joe McHugh, a bhí ina chodladh sa tseomra céanna linn, lá arna mhárach, dúirt Caitlín leis, “Och, a Joe, ar choinnigh muid muscailte thú?” “Muscailte?,” arsa Joe, “caithfidh sé go bhfuil mé f*in’ líofa sa Ghaeilge fán am seo!”
Tá suíomh gréasáin Bhríd Ní Mhaoileoin ag: www.brid.at
Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.