337
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá léargas den scoth le fáil ar an saol in Éirinn le caoga bliain anuas i dtaispeántas grianghraf atá ar siúl i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar an taispeántas.
»»»Tá Tara Connaghan, fidléir arb as Na Gleannta i dTír Chonaill í, díreach tagtha ar ais go hÉirinn tar éis di a bheith ar camchuairt san Fhionlainn. Labhair Antaine Ó Faracháin léi le gairid faoin gcamchuairt sin agus faoina spéis fhairsing sa cheol.
»»»Léiríonn Brian Ó Broin an chaoi a raibh an cogadh san Iaráic á phleanáil ag baill de chuid an Pháirtí Phoblachtánaigh chomh fada siar le lár na nóchaidí.
»»»Ní hé amháin gur buachaill bó é Seán Greif, ach tá ceird na smuigleála beithígh foghlamtha aige ar theorainn na Bolivia.
»»»Ag ócáid i mBaile Átha Cliath ag tús mhí Eanáir, rinneadh an ceangal stairiúil idir an iománaíocht agus Coláiste Ríoga na Máinlianna a chomóradh. Tuairisc ó Cholm Mac Séalaigh.
»»»Bhí Ciara Nic Gabhann ag caint le Michael Doherty, ailtire agus ealaíontóir as Béal Feirste a bhfuil bonn faoi thiar i gcondae a shinsir, Tír Chonaill, le tamall de bhlianta. Tá lorg Conallach ar a shaothar faoin am seo, lorg a fheicfear ag an taispeántas ‘Seacht mBliana i nGleann Cholm Cille’ a osclófas i mBéal Feirste tús na míosa seo.
»»»Spreag TD agus Aire Luimnigh Balor ar a ‘chliathaibh fís’ agus ghair sé na deamhain chumadóireachta chuige féin. Tá toradh amhráin na Súile Nimhe san alt seo.
»»»Caithfear an mhaith atá i bhfiántas na tuaithe a aithint mar ghné tharraingteach don turasóireacht agus gan srian ná smacht a chur air a deir Tony Birtill.
»»»I mí an Aibreáin 1968 bhain an grúpa Emmet Spiceland, a raibh an ceoltóir Donal Lunny ar dhuine dá bhaill, uimhir a haon amach i gcairteacha na hÉireann leis an amhrán “Mary from Dungloe”. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag Lunny le daichead bliain anuas agus áirítear é ar dhuine de na ceoltóirí is tábhachtaí i gceol traidisiúnta na hÉireann san fhichiú haois. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis le gairid faoina shaol sa cheol.
»»»Tá cur síos an mhí seo ag Diarmaid Mac Mathúna ar chuid de na háiseanna ríomhaireachta atá ar fáil dóibh siúd atá faoi mhíchumas.
»»»Chuaigh Balor go nimhe neanta caol gach díreach i ndiaidh ceannaire an Lár-Ghníomhaíocht Faisnéise i Ros Comáin lena chiapadh le ceisteanna.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Brian Ó Broin ar Ráth Cairn i gContae na Mí.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cuairteoirí ag an Nollaig.
»»»Léaró lucht na Fraincise i ndomhan an Bhéarla? Thug comhdháil in Ottawa an mhí seo caite an-ábhar misnigh do Bhrian Ó Broin i dtaca le gluaiseacht phobal na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.