THALL IS ABHUS
Smuigléireacht don Duine Bómánta
Seán Greif Seán Greif Seán Greif

Ní hé amháin gur buachaill bó é Seán Greif, ach tá ceird na smuigleála beithígh foghlamtha aige ar theorainn na Bolivia.

Íomhá
Mo chairde i mbun scine
Íomhá
Ar mo mhine géire le téad ruthaig
Íomhá
Ag treorú na tána
Íomhá
Ag trasnú na teorann
Íomhá
Ag filleadh ar an bhfeirm

M’inner child atá i gceannas i gcónaí. Cinnte nach bhfuil aon fhianaise ann níos laidre ná taisteal go dtí taobh eile domhain chun bheith i mo bhuacaill bó. I mBolivia atá mé anois, ach ní fada ón teorainn le Brasaíl atá mé, ar an tríú feirm atá bainte amach agam i Meiriceá Theas. Bhain mé triail as Rodeo (gan mórán dul chun cinn), táim ag feabhsú leis an téadú ruthaig, nó lasso. agus tá taithí agam ar na putóga a bhaint as bó. Tá an hata ceannaithe agam fiú! Ach is malairt scéil é sin, do lá eile b’fhéidir. Tá dúshlán úr nua romham inniu agus gan mé ar an eolas faoi go fóill!

Tosnóidh mé an scéal le dinnéir na hoíche aréir. Bhí mé i mo shuí le Pablo, cara atá tar éis mé a thabhairt go dtí a fheirm, a Dhaid agus roinnt den dream atá ag obair ann. Chaith muid an lá ag obair go dian agus bhí mé tuirseach. Bhí caint ann go raibh thart ar chéad cloigeann bó le tabhairt go feirm eile amárach. Séard atá i gceist ná seachtar nó ochtar leaids ar mhuin capaill ag treorú na tána trasna páirceanna móra, istigh sna coillte agus tríd na haibhneacha. Níl na ba cosúil leo siúd atá againn in Éirinn. Tá siad níos mó, agus tá dúchas dána, trodach iontu. Tá siad bán uilig, le cruit ar an droim orthu, cosúil le camall, agus de gnáth ní bhaintear na adharca fada díobh. Ar ndóigh, bhí mé díocasach chun dul leo ach bhí Pablo amhrasach ar dtús. Níor thuig mé cén fáth.

Féachaint le Marcaíocht

Bhíomar i mbun na hoibre ó éirí gréine. Tar éis na capaill a úmachan, na téada ruthaig agus na machetes a bhailiú agus duilleoga Coca (bunábhar cocaine) sa bhéal againn, bhíomar in ann bualadh chun béalaigh. Chuamar amach ar an talamh chun na beithígh a fháil. Níl mórán taithí agam ar chapaill. Smaoinigh mé siar blianta go dtí trá i gConamara, an chéad uair agus an uair dheiridh a raibh mé ar mhuin capaill. Níor cabhraigh sé chun an bhearna idir an méid taithí atá agam agus an méid taithí a dúirt mé a bhí agam a líonadh.

Ba léir seo nuair a bhris bó amháin ar shiúl ón tréad.Tharla sé chomh tapaidh is nár thug mé faoi deara fiú. Bhíos tógtha le gach a raibh os mo chóir agus as a bheith amuigh ag marcaíocht. Ach mo chapaill, a leithéid feicthe aige na mílte uair roimhe agus an córas ar eolas aige, lasc sé leis faoi luas ina diaidh. Baineadh geit asam nuair a d’athraigh sé mo lá suaimhneach go tobann. Chaill mé srian an chapaill agus bhí mo chosa bainte as na stíoróip leis an athrú gasta. Dhúisigh mé ón ngeit agus bhí orm smaoineamh – ar dtús, céard sa diabhail a bhí ag tarlú, cuimhneamh conas an capaill a stad agus thar aon rud eile, mo sheacht ndícheall a déanamh fanacht ar a mhuin. Trí mhíorúilt éigin, d’éirigh liom. Nuair a bhí mé ar mo shuaimhneas arís, agus lán sásta liom féin, chaith mé súil ar na leaids arís agus le díoma, chonaic mé go raibh an eachtra ar fad feicthe acu agus iad ag fáil bháis le teann gáire. Ach ar ball agus níos mó féinmhuinín múscailte agam, bhí mé ag déanamh bearna do na beithígh agus ag ligean dóibh éalú díreach mar spraoi!

Nathracha Nimhe

Tá an áit te, fliuch agus uaine tá féar ard ann. Tá sé 200km ón Amasóin agus tá sé iontach cosúil leis ach amháin go bhfuil na crainn bainte agus feirmeacha cruthaithe ina n-áit. Shroicheamar an choill agus taobh leis bhí roinnt beithígh mharbha. Dúradh liom gur cailleadh iad de dheasca na nathracha nimhe. Sinn beag beann ar an eolas sin, isteach sa choill linn. Tá sé deacair dúinne agus do na capaill. Tá orainn na géaga a sheachaint agus bíonn sé deacair do na capaill bealach a aimsiú tríd, agus muid ag déanamh iarracht na beithí a threorú ag an am céanna. Chuamar trí shruthán agus ar an taobh thall, d’fhágamar an choill inár ndiaidh. Sul i bhfad, chasamar le dream eile buachaillí ón bhfeirm eile agus d’fhágamar na beithígh leo agus d’filleamar ar an bhfeirm.

Agus muid ar ár mbealach abhaile, chuir Pablo ceist orm an raibh earraí coiscithe, nó contraband, riamh tugtha liom thar teorainn? Eagla orm anois. Bhíomar thart ar cuig ciliméadair ón Bhrasáil agus eisean ag cur na ceiste seo orm. “Cinnte nach bhfuil” a d’fhreagair mé, “agus ní bhíonn baint agam lena leithéid”. Le gáire beag, d’fhreagair Pablo mé “Tá a mhac!” Ní raibh a fhios agam ceard a bhí i gceist aige agus mhínígh sé go raibh an sruthán beag sin mar theorainn leis an Bhrasaíl, agus níos mó ná céad bó tugtha againn go dtí feirm ar an taobh eile, áit a bhfuil luach dhá uair níos airde orthu. Bhí gach duine ag gáire anois, agus mé féin leo, ag smaoineamh nach fíorsmuigléireacht atá i gceist i ndáirire. “Ní fíorcontraband beithígh, cén sóirt éirice atá i gceist le sin” a cheistigh mé. “Deich mbliana” an freagra nach raibh uaim. Tugaim speach don chapall. “Anois a fheara, amach as seo faoi luas lasrach mar sin” agus mé ag smaoineamh ar ceard a déarfainn le Banged Up Abroad ar an mbealach abhaile.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is as BAC an t-údar. Bhain sé céim sa tráchtáil agus sa Ghaeilge amach agus chuaigh ag obair ar mhór-ranna dheisceart an domhain. Tá sé ag cur lena chuid Spáinnise sa Phatagóin faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.