Léiríonn Brian Ó Broin an chaoi a raibh an cogadh san Iaráic á phleanáil ag baill de chuid an Pháirtí Phoblachtánaigh chomh fada siar le lár na nóchaidí.
Is deacair a dhéanamh amach an bhfuil tionchar na Stát Aontaithe ar an domhan ag dul i méid nó i léig. Gan amhras, tá an tír go mór i mbéal na ndaoine ar fud an domhain, ach is annamh a chloistear mórán rudaí fabhracha á rá fúithi sa lá atá inniu ann. Lá i ndiaidh lae, cloistear tuairiscí faoi dhrochanáil Mheiriceá ar pholaitíocht, ar chomhshaol, agus fiú ar chultúr an domhain. “Polasaí an bhata mhóir,” a thugann cara ar an gcaoi a ndéileálann Meiriceá le pobal an domhain, “ach cén dara rogha atá againn? Murach é, bheimis réidh ar fad mar mhórchumhacht.”
Ar shlí, tuigim dó. D’fhógair an comhlacht gluaisteán Renault-Nissan le déanaí go mbeadh suim acu cuid shuntasach den ollchomhlacht Meiriceánach General Motors a cheannach. D’fhógair oifig staidrimh na Síne an mhí seo go mba cheart don tír sin éirí as an méid sin dá cúlchiste a bheith aici i ndollair. I Meiriceá Theas, is é sin, taobh istigh de limistéir cumhachta Mheiriceá féin, is creabhar ceart é Veiniséala agus a uachtarán, Hugo Chávez, atá glan in aghaidh pholasaithe eachtracha Mheiriceá, ach atá ag soláthar 15% den ola a úsáideann an tír sin. Agus ní gá trácht a dhéanamh ar an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh, atá ag forbairt arm chomh tapaidh agus is féidir, iad suite de go bhfuilid sa chéad áit eile ar liosta spriocanna Mheiriceá. Gach áit a mbreathnaíonn na Stáit Aontaithe, ní fheiceann siad ach naimhde atá ag iarraidh a gcumhacht a laghdú. Thairis sin, is cosúil go bhfuil liosta naimhde Mheiriceá ag fás, ach an é dearcadh Mheiriceá ar thíortha eile an domhain atá ag cothú na feirge seo?
Tar éis coicís de bhuamáil Iosraelach sa Liobáin agus na céadta marbh sa tír sin (breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe ina measc), chuaigh Condoleeza Rice, Státrúnaí Mheiriceá, go dtí an Meánoirthear chun labhairt le polaiteoirí in Iarúsailéim, i gCaireo agus i mBéarút. D’eitil sí ar aghaidh chun na Róimhe ina dhiaidh sin chun cúrsaí na Liobáine a phlé le feidhmeannaigh idirnáisiúnta. Faraor, níor fhág sí ina diaidh ach fearg agus soiniciúlacht. Agus é ag labhairt in agallamh leis an BBC i ndiaidh a cuairte ar Bhéarút, chuir polaiteoir sinsearach de chuid na Liobáine síos uirthi mar “an taidhleoir ba laige a sheol Mheiriceá go dtí an Meánoirthear ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda amach”.
Níos measa fós, in ainneoin a raibh an domhan ag súil leis, ní dhearna an Dr Rice sos cogaidh a ghairm agus í in Iarúsailéim. Ina áit sin, thug sí le fios go bhfaigheadh Iosrael seachtain amháin eile chun an ruaig iomlán a chur ar Hezbollah sula n-iarrfadh na Stáit Aontaithe go gcuirfí sos cogaidh ar bith i bhfeidhm. Le cois seo, chuir na Stáit Aontaithe, le caoinchead a gComhdhála agus a Seanaid féin, dlús le lastais armais nua a sheoladh go hIosrael.
As a meabhair Táthar ag rá, gan mórán daoine taobh amuigh de Mheiriceá ag cur ina aghaidh, go bhfuil ceannairí Mheiriceá imithe as a meabhair. Tuigeann siad go maith mar a bhreathnaíonn siad thar lear i dtíortha Arabacha, ach tá siad ag leanúint ar aghaidh lena dtacaíocht gan cheist d’Iosrael. Ach caithfidh go bhfuil ceannairí Mheiriceá ag leanúint polasaí éigin – cad é an polasaí seo, agus an ar leas Mheiriceá é?
Tá freagra na ceiste seo le haimsiú, ní sa lá atá inniu ann, ach i stair Mheiriceá sna nóchaidí, nuair a bhí an tUasal Clinton i réim agus na Coimeádaigh as cumhacht i ngach brainse de rialtas na tíre. Ba san am seo a thosaigh baill áirithe d’eite dheis an Pháirtí Phoblachtánaigh ag pleanáil don am a mbeidís ar ais i gcumhacht. Ba léir dóibh nach leanfadh rialtas Clinton ar aghaidh i gcónaí, agus ba mhian leo a bheith réidh.
I 1993, bunaíodh grúpa beag darbh ainm Project for the Republican Future (PRF) agus é mar sprioc acu bua a bhaint amach i dtoghchán meántéarma na Comhdhála i 1994. D’éirigh leo, faoi stiúir an chomhairleora choimeádaigh William Kristol, agus, den chéad uair ó 1954 i leith, bhí tromlach Poblachtánach i gComhdháil Mheiriceá. Le leithéid Newt Gingrich, a ceapadh mar Cheann Comhairle, cuireadh Meiriceá treo eile agus Clinton ar a chosaint.
Baineadh tuisle as iarrachtaí Clinton plean sláinte uilíoch a bhunú sa tír, agus, treisithe ag seo, dhírigh an grúpa ar phleananna chun cumhacht iomlán a fháil i Meiriceá agus, i bhfad na haimsire, b’fhéidir ar an domhan féin. Dá réir sin, i 1997 agus Clinton lagaithe go mór, bhunaigh siad eagraíocht darbh ainm Project for the New American Century (PNAC).
Ní maith leo ainmneacha a mball a fhógairt, ach tá spriocanna an tionscadail seo sách soiléir: mar a deir siad féin, “Is ar mhaithe leis an domhan agus le Meiriceá go mbeadh Meiriceá i gceannas" agus "tá neart míleata, fuinneamh taidhleoireachta, agus prionsabal morálta de dhíth chun an cheannasaíocht sin a chur i réim."
Dá réir sin, mholadar níos mó airgid a chaitheamh ar airm, iad féin a cheangal le comhghleacaithe solúbtha thar lear, agus dúshlán a naimhde a thabhairt. Ba é a moladh, mar shampla, ná fórsaí míleata a úsáid chomh luath agus a theip ar thaidhleoireacht. Ba é Kristol arís, nár pholaiteoir é, ach eagarthóir ar iris choimeádach dar teideal an Weekly Standard, ceannaire an tionscadail, ach is díol suntais na daoine a tháinig isteach sa ghluaiseacht: leithéidí Dick Cheney, atá anois ina leasuachtarán ar Mheiriceá, John R. Bolton, ar ambasadóir Mheiriceá ag na Náisiúin Aontaithe é anois, Donald Rumsfeld, atá anois mar Rúnaí Cosanta Mheiriceá, Paul Wolfowitz, iar-Rúnaí Cosanta Mheiriceá, agus Lewis Libby, státseirbhíseach in oifig an leasuachtaráin, a dhíotáil binse fiosraithe Comhdhála le déanaí as leabhar éithigh a thabhairt. Mar is léir, mar sin, is eagraíocht sách cumhachtach an PNAC, a d’fhéadfadh a spriocanna a chur i gcrích dá mba mhian leo é sin a dhéanamh.
I 1998, scríobh baill den PNAC, Paul Wolfowitz agus Donald Rumsfeld ina measc, chuig an Uachtarán Clinton ag moladh dó deireadh a chur le réimeas an Uachtaráin Saddam Hussein san Iaráic. Ba leor an neamhaird a thug an tUasal Saddam ar chigirí airm na Náisiún Aontaithe a úsáid mar leithscéal don oibríocht; dar leo, agus iad ag lua ailt a scríobh William Kristol sa *Weekly Standard *roinnt míonna roimhe sin, ba riachtanas é fórsaí Mheiriceá a chur ar an talamh sa Meánoirthear, fiú in éagmais Saddam, chun srian a chur ar an Iaráin sa réigiún. In 2003, rinne na Stáit Aontaithe ionradh ar an Iaráic.
In 2006, feicimid torthaí na bpolasaithe seo, a phleanáil grúpa ionsaitheach sna nóchaidí agus iad sa bhfreasúra, agus a cuireadh i gcrích faoi réimeas an Uachtaráin Bush. Ní fheadar go fóill cad a thiocfaidh as, ach amháin go bhfuil faitíos ar an domhan mór go bhfuil Meiriceá ag cailliúint an chogaidh a ghairm comhairleoirí an réimis deich mbliana ó shin.
Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.