88
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Fidelma Ní Ghallchobhair, An Coiste Téarmaíochta (Baile Átha Cliath).
»»»Déanann Áine Ní Chonghaile, Stiúrthóir Europus Teoranta, cur síos ar chúrsa nua de chuid an chomhlachta a chuirfidh oiliúnt ar fáil dóibh siúd ar mian leo teacht i dtír ar na deiseanna fostaíochta atá tagtha chun cinn i saol na Gaeilge le roinnt blianta anuas.
»»»Beidh an pictiúr de chuid Vincent Van Gogh a cheannaigh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite ar taispeáint ansin go luath. Féachann Ciara Nic Gabhann ar chúlra an tsaothair.
»»»Tá caidreamh i bhfad níos fearr ag an Timor Thoir leis an Indinéis anois ach níl aon réiteach faighte fós ar an aighneas atá ar siúl le tamall idir í féin agus an Astráil. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»D’ainneoin ghéire na gciorraithe sa chóras sláinte tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil léas beag dóchais ag sileadh chugainn ó fhoinsí éagsúla.
»»»Bhí sé mar aidhm ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann nuair a d’oscail sé i 1991 faoi threoir an Stiúrthóra Declan McGonagle ardán a chur ar fáil do shaothar náisiúnta agus idirnaisiúnta agus nasc a chothú leis an phobal chomh maith trí chlár cuimsitheach oideachais a chur i bhfeidhm. Tá imeachtaí éagsúla ar siúl faoi láthair chun an chéad deich mbliana a cheiliúradh, taispeántais nua le Rebecca Horn agus Sol LeWitt ina measc. Is teist mhaith iad na taispeántais seo ar an fhís a bhí agus atá ag McGonagle agus ag a fhoireann.
»»»I mí Eanáir na bliana seo caite cúisíodh an Dr Harold Shipman as cúig dhuine dhéag a mharú i mbaile Hyde in aice le Manchain Shasana. Meastar, áfach, gur dhúnmharaigh sé na céadta. Tá aithne ag Tony Birtill ar dhuine dá chuid othar a tháinig slán.
»»»Tá cúpla mí caite ag Antaine Ó Faracháin ag eagrú Sheachtain na Gaeilge, a bheas ar siúl idir 10-17 Márta. Tugann sé eolas anseo faoi na príomhimeachtaí a bheas ar siúl i mBaile Átha Cliath i mbliana.
»»»Tá an tSín ag athrú, tá an domhan ag athrú agus deir Ciarán Mac Aonghusa go mbeidh do ghasúr féin ag tarraingt teanga eile chuige nó chuici féin, más mian leis nó léi dul chun cinn go gasta sa saol amach anseo.
»»»Is mithid croitheadh éicint a bhaint as na húdaráis spóirt, dar le Colm Mac Séalaigh, nó ní leigheasfar scéal an drochiompair sna spóirt.
»»»Thug Máire Ní Chuagáin cuairt ar Chraców le déanaí agus thaitin an áit go mór léi, idir shainchomharthaí na sean-Pholainne atá le feiceáil inti agus gnéithe na cathrach nua-aoisí.
»»»Cíorann Ciarán Mac Aonghusa siocair na mí-úsáide laistigh den Eaglais Chaitliceach, gné na haontumhachta, gné is féidir a rianú i bhfad siar ach, gné nár thosaigh le tús na Críostaíochta mar sin féin.
»»»Míníonn Colm Mac Séalaigh cén fáth a bhfuil an tsuim sna cluichí Gaelacha ag fás an t-am ar fad, go háirithe i mBaile Átha Cliath.
»»»Bíonn tuismitheoirí cráite de shíor ag coinní, cóisirí agus gníomhaíochtaí a bpáistí. Ach i bhfaiteadh na súl, imíonn na blianta thart. Cá dtéann an t-am, a fhiafraíonn Pól Ó Muirí.
»»»Chuir an taispeántas ‘Absolut Classics’ a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath le déanaí Ciara Nic Gabhann ag machnamh faoin cheangal idir an ealaín agus an fhógraíocht.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.