AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Cruacheisteanna Bhalor ar Shúoráiste Ó Miwadi
Balor Balor Balor

D’éirigh le Balor léargas an-mhaith a fháil ar mheon na nOráisteach le gairid.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Alt ar leith atá ag Balor an Bhéil Bhinn daoibh an mhí seo, a léitheoirí, go háirithe daoibhse ón iasacht, nó i gConamara, nó i gCorca Dhuibhne, nach dtuigeann cúrsaí círéibe in Éirinn, nó nach dtuigeann meon na ndílseoirí ó thuaidh. Má léann sibh é seo go cúramach gheobhaidh sibh léargas glé glan glinn ar mheon an Oráistigh bhoicht atá faoi aintreise agus faoi leatrom ina chúige féin – cúige a chruthaigh Dia dó – ar na saolta deireanacha seo.

Is maith a thuigeann Balor cás an dílseora anois, i ndiaidh dó forléiriú baoisceánta a fháil ar a gcás. Chuir an Ceisteoir Cunaí Cliste sraith ceisteanna crua cadránta cointinneacha ar dhuine de mhór-Oráistigh agus de mhórdhílseoirí ár linne, agus ní dhearna sé stad mara ná mórchónaí go bhfuair sé freagraí fírinneacha ar a chuid ceisteanna. Is é an míniú agus an réiteach a bhí ar an agallamh sin go raibh Balor Bocht sna duibheagáin iarmhéile an mhí seo a chuaigh thart gach aon uair a smaoinigh sé ar na fir bhuí bhochta nach raibh an dara rogha acu ach dul i mbun círéibeacha ar shráideanna na Sé Contae. “Níl an dara suí sa bhuaile againn,” a mhínigh Súoráiste Ó Miwadi, urlabhraí solabhartha na nOráisteach do Laoch na Tuairisceoireachta.

“Ní thuigeann duine ar bith muid; ní maith le duine ar bith muid; agus is cuma sa tsioc le duine ar bith má thuigeann muid iad nó más maith linn iad. Níl an t-oideachas céanna orainne is atá ar na náisiúnaithe, agus mar sin ní miste dúinn feidhmiú de réir an easpa oideachais atá orainn. Síleann an lucht glas go bhfuil gach sórt cultúir acu – ceol, amhráin, damhsa, litríocht agus mar sin – ach tá cultúr agus dúchas agus oidhreacht againne fosta. Máirseáil a thugtar air. Agus de réir an chultúir agus an dúchais agus na hoidhreachta sin, ní miste dúinn máirseáil chomh minic agus is féidir linn (ag brath ar an aimsir, dar ndóigh!) fríd cheantair Chaitliceacha. Déanann muid é seo le míniú dóibh go gcreideann muid i saoirse an chreidimh, i mbráithreachas agus i ndea-chomharsanacht. In amanna bíonn sé doiligh ar an taobh eile na prionsabail sin a thuigbheáil, agus bíonn orainn úsáid a bhaint as bealaí éagsúla chun na prionsabail sin a mhíniú dóibh.”

“Agus cé na bealaí éagsúla iad sin?” a d’fhiafraigh Balor an Scolardach go gasta.

“Úsáideann muid bealaí a thuigeann siad féin go maith,” a mhínigh Súoráiste: “buidéil, brící agus buamaí peitril. Níl rud ar bith ar chlár na cruinne a chuireann teachtaireacht ina luí orthu siúd níos fearr ná an buidéal, an bríce agus an buama peitril. ‘Treisiú’ a thugann lucht na síceolaíochta air sin.”

“Mmmmm... suimiúil,” a d’admhaigh Balor an Fiafraitheoir go maranach, machnamhach. “Ach caidé faoin PSNI? Cén fáth gur thug sibh faoi bhur seanchairde chomh fraochta fiata fiáin i mbliana, a Shúoráiste?”

“B’éigean dúinn é a dhéanamh,” a mhínigh Súoráiste. “Le fada an lá shíl na náisiúnaithe go raibh muid féin agus na péas i bpócaí a chéile, agus d’ionsaigh muid iad le cruthú don taobh eile nach raibh sé sin fíor – le cruthú dóibh, i ndáiríre, go bhfuil muidne, mar Ord Glórmhar agus mar phobal, sásta tabhairt faoi dhream ar bith chun ár gcultúr agus ár ndúchas agus ár n-oidhreacht a chosaint. Ní thig le duine ar bith cúngaigeantacht a chur inár leith.

“Mmmmm... tchím!” arsa Balor an Bladhmaire Bóiscéalach. “Ach caidé faoi theanga na Gaeilge? Ní labhraíonn sibh í. Nach bhfuil sibh cúngaigeantach i dtaca leis an Ghaeilge?”

“Shíl mé go raibh tusa níos tuisceanaí ná sin, a Bhaloir cháidh,” a d’fhreagair Súoráiste. “Nach bhfuil a fhios agat go n-úsáideann muid an Ghaeilge go rialta. Chuir muid dua mór orainn féin ag dul chuig cúrsaí Gaeilge chun maslaí traidisiúnta a fhoghlaim. Ní chluintear drochfhocail Bhéarla as béal dílseora ar bith anois agus muid ag ionsaí lucht na Gaeilge. ‘Gabhaigí suas oraibh féin, a scaifte hiúranna!’ nó ‘Níl ionaibh ach tuilithe cáidheacha!’ Ba iad sin na maslaí a d’fhoghlaim muid in Odious Gael ar scor ar bith. Caithfidh sé gur tarcaisní maithe fiúntacha iad nó cuireann siad lucht na Gaeilge ar mire.”

“Ach...” a dúirt Balor, agus é rud beag náirithe siocair nár thuig sé go raibh na dílseoirí chomh cogúsach faoi Ghaeilgeoirí a mhaslú ina dteanga féin, “ach, caidé faoi na cluichí? Níl meas madaidh agaibhse ar na cluichí Gaelacha. Nach fíor sin?”

“Ó ní fíor, a Bhaloir,” arsa Súoráiste. “Nár eascair na cluichí Gaelacha as traidisiún glórmhar s’ againne? Ní gá duit ach amharc ar gheansaí Ard Mhacha – é chomh horáiste le mú... é chomh horáiste liom féin, ba cheart dom a rá. Agus Tír Eoghain – nach bhfuil an lámh dhearg mar shuaitheantas acu, mar atá againn féin? Nach muidne a bhí bródúil nuair a chonacthas an lámh dhearg in airde ar fud Pháirc an Chrócaigh lá an chraobhchluiche! Lámh Dhearg abú! Agus amharc ar na dathanna a chaitheann na himreoirí: dearg agus bán, agus dath gorm ar fhobhríste gach aon duine de na himreoirí – dearg, bán is gorm: dathanna na Ríochta Aontaithe – na dathanna is ansa le gach dílseoir beo nó marbh (seachas oráiste, dar ndóigh – agus ór bhonn an phuint sterling, agus dubh an Guinness, agus donn an ispín fhriochta, agus liath luaith gheansaí Celtic i ndiaidh a loiscthe...)”

“Áááá...” arsa Balor an Bhéil Bhinn, “ach caidé faoi Oileán na hÉireann? Cuireann caint ar an oileán sibh ar mire ar fad. Ní bhíonn sibh sásta dul thar an teorainn agus tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas. Nach fíor sin?”

“Áááá, a Bhaloir, an síleann tú gur fíor? Caidé faoina soilse, an tUachtarán Íosa Mhic Giolla Mháire? Nach duine dár gcuid féin í? Ultach go smior! Agus nach dtugann sí cuireadh don Ord Glórmhar dul go hÁras an Uachtaráin gach bliain ar an Twelfth? Agus nach dtéann muid ann inár mathshluaite? Agus cén uair dheireanach a bhí an IRA san Áras? Ach bhí muintir an UDA ann, ag ithe agus ól. Agus nach bhfuil Uachtaránacht na hÉireann geallta aici do Jackie McDonald nuair a éiríonn sí as... má éiríonn sí as? Caidé mar a thig leat a rá nach bhfuil muid compordach sa Free State? Siúr nach linne an áit, beagnach? An leor sin duit mar fhreagraí ar do chruacheisteanna, a Bhaloir?”

“Mmmmm...” arsa Balor. “Mmmm...”

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.